Bhí bean i mBéarra fadó agus an Chailleach Bhéarra a tugadh uirthi. Dein na seandaoine gur sprid ab ea í. Bhíodh sí ag dul ó áit go háit agusd bhí eagla ar na daoine roimpi. Deirtear go siúladh sí trí Chontae gach aon lá agus thagadh sí thar n-ais arís gach tráthnóna. Bhíodh sí ag dul go dtí an trá gach aon mhaidin chun rud éigin a fháil le n-ithe.
Lá amháin bhí sí ag siúl timpeall Cualach agus bhuail scoláire bocht uimpi. D’fhiafraigh sé di ‘cad a bhíonn agat chun bricfeasta gach aon mhaidin?’ agus an freagra a thug sí sin
‘Bíonn míbhan fiadha fíorghlan
An silisceach ó Chontae an Chláir
An bhreac ó Ghleann na dTuath,
Is an coib ó Bhealach Beámh’
Nuair a chuala an scoláire bocht an freagra bhual sí é leis an slaitín draíochta agus léim sí trasna na farraige anonn go Cill Caitirin agus d’fhág sí rian a coise ar an leac ar a raibh sí ina seasamh sa Chualach agus tá an rian le feiscint ann fós. Tá sí thall anois in Ard na gCaillí ag féachaint go brónach ar bhéal an chuain amach.
Áine Ní Dhuibhir
Fuair sí an scéal óna seanmháthair Máire Bean Ní Arachtai, Ard an Chloiginn, Béara. 74 bliain d’aois
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘Bhí bean i mBéarra fadó agus an Chailleach Bhéarra a tugadh uirthi…’'