Ó DHÚCHAS: Ba mhó an taithí a bhí ag muintir Bhaile na Graí, ach dob fhearr an misneach a bhí ag muintir Chill na Martra

I gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo gaisce peile Chill na Martra in 1887

Ó DHÚCHAS: Ba mhó an taithí a bhí ag muintir Bhaile na Graí, ach dob fhearr an misneach a bhí ag muintir Chill na Martra

Sa mbliain 1887 bhíodh peil dá himirt sa pharóiste  seo i dtrí áit, is é sin go mbíodh comhthalán gach Domhnach agus lá saoire ins na trí bhaile seo agus fir óga na cheantair ag imirt peile ann.

San am sin bhí an GAA ar siúl ar fuaid na hÉireann agus rialacha leagtha amach acu chun peil agus iománaíocht d’imirt. Chun dul isteach i mbuíon, do chaithfeadh gach paróiste craobh den chonradh [chumann] a bheith acu agus deich scilling sa mbliain a dhíol leis an ardchraobh. Ansin do thoghfadh an ardchraobh na craobhacha a d’imreodh i gcoinnibh a chéile.

Sa mbliain 1889 d’imir an chraobh seo agus craobh Bhaile an Graí báire i bpáirc le hais Mhaigh Chromtha. Duine agus fiche a bhí ar gach taobh. Ba mhó an taithí a bhí ag muintir Bhaile na Graí ná buachaillí an bhaile seo ach dob fhearr an misneach a bhí ag muintir Chill na Martra.

Nuair a tháinig an t-am chun tosnú, do chaith an fear ciste an liathróid isteach agus seo ar siúl an báire go tapaidh fíochmhar dian ó thaobh taobh na páirce. Níor thúisce soir an liathróid ná siar arís í. Do lean an imirt go dian ar feadh deich neomataí gan bua ag éinne seachas a chéile.

Bhí an imirt anois i lár na páirce agus do scread captaen Chill na Martra ar a bhuíon féin cur le chéile anois nó riamh.

D’fhreagair na fir é. Do chomáineadar an liathróid rompu. Chaitheadar soir siar an mhuintir eile agus chuireadar cúl isteach. Bhí bualadh bos is lúireach ar fuaid na páirce. Do chuir san misneach mór ar mhuintir Chill na Martra agus bhí dóchas acu astu féin as san amach. Do lean an imirt gan aon bhua eile ag aon taobh go raibh an leathuair amuigh. D’athraigh an imirt ansin, an dream a bhí ag imirt siar go dtí san bhíodar ag imirt soir anois agus  an dream eile ag imirt siar.

Ní raibh an imirt ar siúl i bhfad nuair a chuir muintir Chill na Martra cúl eile isteach agus do thit an lug ar an lag ar mhuintir Bhaile na Graí ar fad, ach sa deireadh thiar thall do chuireadar aon chúl amháin isteach. Bhí an bua ag muintir Chill na Martra agus nuair a shroicheadar an baile tráthnóna cuireadh fáilte mhór rompu agus bhí áthas ar mhuintir an pharóiste ar fad.

Seo ainmneacha na bhfear a d’imir an lá sin: Donnchadha Ua Cróinín, captaen; Tomás de Brúin, Cormac Ua  Macáin, Domhnall Ua hUardail, Pádraig Ua Cróinín, Diarmuid Ua Céilleachair, Domhnall Ua Duinnín, Micheál Ua Ríoghbhardáin, Seán Ua Céilleachair, Domhnall Ó Ríoghbhardain, Allain Ua Ríoghbhardáin, Seán Ua Súilleabháin, Domhnall Mac Cára, Donnchadha Ua Conaill, Diarmuid Ó Iarlaithe agus Pádraig Ua Buachalla.

Bhíod bodhlaí [bollaí] leis dá n-imirt sa pharóiste seo le cuimhne an té is sine ann fé láthair. Bhíodh sé á imirt ag óg is aosta  chomh maith leis na fir ba thréine. Bhíodh a mbóthar féin ag gach dream acu. Bhíodh na crosbhóithre ag na garsúin agus na seandaoine agus na bóithre móra poiblí ag na daoine óga fásta. Bolla fiche unsa a bhíodh ag na garsúin óga, ceithre unsa fichead ag garsúin sé bliana déag agus na seandaoine agus ocht n-unsa fichead ag  na fir láidre.

Bhíodh na trí dhream seo ag imirt gach Domhnach agus lá saoire i rith an tsamhraidh.

Seo mar a deintí an imirt. Chuireadh beirt fhear fógra chun beirt eile chun scór bodhlaí d’imirt ar an Domhnach a bheadh chugainn. Thagaidís Dé Domhnaigh agus bhíodh míle slí acu imirt. Scilling an duine a bhíodh mar gheall acu. Ní bhíodh síos ach pingin ag na garsúin. Is minic a d’imir beirt a mbíodh cáil mhór orthu  ó dhá pharóiste scór a bhíodh trí mhíle ar fad agus bhíodh punt agus go minic breis mar gheall síos acu. Do bhíodh sluaite móra ag féachaint orthu agus gach treibh ag cur gill ar son a nduine féin.

Tá imirt na mbodhlaí fós ann ach níl sé sa cheantar so chomh mór agus a bhíodh daichead bliain ó shin.

Nóra Ní Chróinín a fuair an seanchas seo ó Sheán Ó Súilleabháin (80), Cathair  Daithí , Múscraí, Contae Chorcaí [1934-1939]

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Ba mhó an taithí a bhí ag muintir Bhaile na Graí, ach dob fhearr an misneach a bhí ag muintir Chill na Martra'