Ó DHÚCHAS: ‘A shagairt bhig bheadaí, caidé an bhaint atá agat díomsa?’ arsa an cat…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. An tseachtain seo ábhaillí an diabhail atá againn as Gort an Choirce

Ó DHÚCHAS: ‘A shagairt bhig bheadaí, caidé an bhaint atá agat díomsa?’ arsa an cat…

Bhí bean ghallda ‘na cónaí i gCill Ulta agus bhí teaghlach aici. Bhí cat dubh aici. Bhí sagart ina chónaí fá ghiota den teach agus thigeadh sé corruair ar cuaird chuici. Smaoinigh an bhean go ndéanfadh sí féasta dó. Rinne, agus tháinig an sagart. 

Shuigh an cat thuas ar cheann an tábla agus shuigh an sagart anonn fosta. Chuir an sagart a lámh anuas leis an chat ach léim sé suas ar ais. Chuir sé a lámh anuas leis an dara huair agus léim an cat suas arís. 

Deir an bhean leis ‘Lig den chat nó faigheann an cat an chéad chuid den bhia i dtólamh’. ‘Bhal,’ a deir an sagart ‘Cá n-itheam-sa aon ghreim den bhia go n-imí an cat nó chan cat atá ann ar chor ar bith ach an diabhal.’

Thiontaigh an cat thart agus dúirt sé:

‘A shagairt bhig bheadaí, caidé an bhaint atá agat díomsa? Tá a gcuid aithreacha agus a gcuid máithreacha agus a gcuid gar-aithreacha agam agus tá súil agam iadsan bheith liom fosta.’

‘Bhal,’ a deir an sagart. ‘Cá ligim-se leat iad. Taispeánfaidh mise daoibh gur an diabhal atá ann.’

D’iarr an teaghlach air iad a bhaisteadh ach ní thiontódh an tseanbhean leis ar chor ar bith.

Chuir an sagart air a ribín agus thoisigh sé a léamh. 

D’éirigh fear aníos fríd an tábla agus deir an sagart leis: ‘Cá háit a raibh tú nuair a bhí an ribín ormsa?’

‘Bhí mé thíos agus iad a’ baint na slabhraí díom.’ 

‘Agus cá raibh tú nuair a bhí mise a’ coisreacan an tí?’ deir an sagart.

‘Bhí mé thíos faoin tábla ag ithe na gcnámh.’

Leis sin d’éirigh an fear agus thug sé leis an tseanbhean agus bhí cúl an tí leis fosta.


Séamus Ó Fíoruisge (8), Scoil Ghort an Choirce a fuair an scéal óna uncail Pádraic Mac Fhionnlaoich as Caoldroim.

 

Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: ‘A shagairt bhig bheadaí, caidé an bhaint atá agat díomsa?’ arsa an cat…'