Ó Chléire go Corca Dhuibhne – cá bhfuil na fleaigí?

Is beag bús atá ann faoi Chluiche Ceannais na Mumhan i mbliana agus ceisteanna le freagairt ag an dá fhoireann

Ó Chléire go Corca Dhuibhne – cá bhfuil na fleaigí?

Duine de lucht leanúna Chiarraí. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

Bhíos i gCléire na féile is na fáilte inné.

Éinne go bhfuil aon chur amach acu ar an mbóthar anacair ó Dhún na Séad, mar a dtagtar i dtír ón mbád farantóireachta, go dtí teora an chontae i nDoire na Sagart go hard os cionn Bhaile Mhuirne, beidh a fhios acu go ngaibhtear trí stráice maith de chontae Chorcaí ar an aistear.

Ar mo bhóithreoireacht dom, ghaibheas trí dhúthaigh mhór peile chomh maith. Bhaineas lán na súl i nDún na Séad as dúthaigh Fhánaithe Aidhlinne agus chonac uaim ceantar Ghleann Bearacháin mar a mbíodh Tompkins, Cleary agus Cahalane ina ndéithe beaga tráth.

Ghaibheas trí cheantar Chairbre is na Cathrach mar a bhfuil beirt Dhrisceolach ó Chumann Thaidhg Mac Cárthaigh ar phainéal Chorcaí inniu. I Sciobairín, mar a bhfuil Ó Donnabháin Rossa a bhuaigh craobh uile-Éireann na gclubanna cúig bliana fichead ó shin, bhí radharc ar thaobh bóthair agam ar a bpáirc caide siúd. Chuimhníos ar an ngaisce a dhein cumann mar iad i 1993 agus ar laochra ar nós mhuintir Davis agus Mick McCarthy, beannacht Dé leis.

Is fearr ná san an gaisce a dhein Coláiste Naomh Fachtna Sciobairín agus iad ag breith Choirn Uí Ógáin leo dhá bhliain roimis sin. Cad as a tháinig an spreagadh? Cá n-imigh na blianta? Conas ’tá inniu acu? An iad Donnabhánaigh na rámhaíochta na laochra nua i súile óige Sciobairín? Lón machnaimh.   

Aneas trí Dhrom Dhá Liag mar a raibh Cumann Chlann na nGael ar dalladh ag fógairt a dticéadaí crannchuir. Na héinne is a chúram féin air.

Bhí grianghrafanna á dtógaint ar thaobh na sráide i nDún Mánmhaí de chorn Sam Maguire agus Scoil Samhraidh CLG ag tabhairt fear na háite chun cuimhne seachtain ón lá inniu.

Ag tiomáint trí láthair luíocháin Chill Mhichíl, mar a gcuir Tom Barry agus a bhuíon seacht nduine dhéag d’arm Shasana chun na síoraíochta, chuimhníos ar Peter Kelleher, bulaí fir ón bparóiste a chreach Ciarraí i gcluiche fé bhliain is fiche i dTrá Lí dhá bhliain ó shin. Bhí fear Chloich an Coillte Seán White i mbarr a mhaitheasa i lár an gharraí an oíche chéanna agus beidh sé ag imirt ar an ndaichead slat inniu. Dála a leathbhádóra sa bháide ar fhoireann Chiarraí, beidh driotháir an Fhaoitigh, Mark White, ag imirt a chéad chluiche ceannais Mumhan inniu. Ní beag san mar dhúshlán.

Bhíos gafa trí bhaile Mhaigh Chromtha is Baile Mhic Íre, Baile Mhuirne is thar teora isteach go Ciarraí sara gcuimhníos ar an rud a bhí ag dó na geirbe agam i ngan fhios dom féin. Ní raibh oiread is brat Chorcaí amháin le feiscint (nó má bhí, chuadar i ngan fhios domsa) ar an aistear agus go deimhin féin, ba shuarach, b’fhánach agus b’uaigneach an chuma a bhí ar theidí a bhí gafa i bhfeisteas Chiarraí ag gabháil trí Chluain Caoin is Coimín a’ Bhroic isteach i dtreo Ghleann Fleisce. N’fhaca oiread is brat amháin Chiarraí as san go Corca Dhuibhne.

Arís, bheidís ann i ngan fhios dom agus b’fhéidir go bhfuil na bratacha ar chuma bhrait an fhealsúnaí, John Moriarty, ná maireann. Ba ghníomh dóchais agus ómóis ag Moriarty bratach Chiarraí a bheith ar foluain i bparóiste na gCúilí, fé shleasa na Mangartan, cúig mhíle lasmuigh de bhaile Chill Airne, in áit ná chífeadh aon bhall de phainéal Chiarraí é. Ba gheall le coinneal na Nollag lasta i bhfuinneog éigin brat Chiarraí bheith ar foluain le teann misnigh, mórtais is dóchais ag Moriarty. Pobal beag tuaithe ag ceiliúradh a naisc le foireann Chiarraí.

Agus is chuige sin atáim.

Níl bratacha ar foluain. Níl an pobal i gCiarraí ná i gCorcaigh ag caint oiread is a bhídís ar chluiche ceannais na Mumhan. Níl sé ag déanamh tinnis do scata acu. Ar chúis éigin, níl an nasc sin leis an bhfoireann contae chomh láidir is a bhíodh. Ní bhraitheas riamh chomh ciúin é roimh chluiche ceannais na Mumhan agus ná habair liom go bhfuil baint aige leis an gcluiche bheith á imirt ar thráthnóna Sathairn i ndeireadh an Mheithimh.

Ba chóir go mbeadh bratacha ar foluain. Ba chóir go mbeadh níos mó cainte á dhéanamh seachas an glam chorparáideach a cloistear coitianta anois agus táirge éigin á dhíol ag comhlacht éigin ag ócáid éigin atá fé stiúir phearsa éigin atá ag fáil pingin éigin as rud éigin a rá.

Ba chóir go mbeadh sé ag déanamh tinnis do phobal Chorcaí go bhféadfadh Ciarraí a séú craobh Mumhan as a chéile a bhuachtaint den gcéad uair ós na 1980idí. Ba chóir go mbeadh sé ag déanamh tinnis do phobal Chiarraí go bhfuil rud éigin ag brúchtaíl cois Laoi a d’fhéadfadh teacht idir iad agus ceithre fichid craobh Chúige.

Tá tacaíocht tuillte ag an dá fhoireann. Tá an chuma ar an scéal tar éis a dtaispeántais in aghaidh Thiobraid Árann go bhfuil an dánaíocht agus an tiarnúlacht is dual do Chorcaígh ag teacht thar n-ais chuchu.

Tá an chuma ar an scéal go bhfuil an seachtar imreoirí nua a chuir Ciarraí chun páirce den gcéad uair i gcluiche craoibhe in aghaidh chontae an Chláir níos fearr ná an seachtar atá fágtha ar an dtaobhlíne. Díol spéise agus fiosrachta d’aon lucht leanúna a leithéid.

Tá ana-bhéim curtha ó dheireadh na sraithe ag Ciarraí ar an gcaid a sheachadadh  chun cinn faoi luas seachas a bheith ag gluaiseacht cliathánach ar chuma an phortáin. Tá béim curtha, chomh maith, ar dhul i ngleic leis an bhfreasúra agus gan cic saor a ghéilleadh leis na ruathair seo a chruthaigh oiread dua do Chiarraí le bliain anuas.

I gcás Chorcaí, bheinn ag súil go mbeadh cur chuige bunúsach agus spridiúil acu a chuirfidh múnla Chiarraí, atá bunaithe ar sheilbh na caide a bheith acu, bunoscionn.

Tá ceisteanna le freagairt ag an dá thaobh. An féidir le Ciarraí báide a aimsiú – rud ná fuil déanta ó mhí Feabhra acu? An mbláthóidh an óige fé dhó? An mbeidh a líne lánchúil fuarchúiseach a ndóthain chun aird an réiteora a sheachaint? An mbeidh an neart agus an toirt acu chun dul guaille le guaille le leithéidí Ruairí Dean, Ian Maguire agus Aidan Walsh?

Ach má táthar chun cloí leis an bhfianaise atá againn ó thús na bliana, tá i bhfad níos mó ceisteanna le freagairt ag Corcaigh. Agus dála na gcúig bliana roimis seo, seans gurb iad na ceisteanna sin a chéasfaidh sa deireadh iad.       

Fág freagra ar 'Ó Chléire go Corca Dhuibhne – cá bhfuil na fleaigí?'

  • Carraig

    Páirc Uí Chuív lán go barra, níor ghá aon chorrabhuais, agus bua gan stró ag Ciarraí. ‘Speántas leamh lagbhríoch meata, geall leis, ag na ‘reibilúnaithe’. Ciarraí ag fás chugainn. Beidh imní ar an ardchathair.