Ó Brosnacháin ag fágáil slán le Comharchumann Chorca Dhuibhne i ndiaidh 42 bliain

Tá Gearóid Ó Brosnacháin ag dul ar pinsean amárach agus athruithe móra feicthe aige ar shaol eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha Ghaeltacht Chorca Dhuibhne le linn a thréimhse fhada i bhfeighil an Chomharchumainn

Ó Brosnacháin ag fágáil slán le Comharchumann Chorca Dhuibhne i ndiaidh 42 bliain

Tá Gearóid Ó Brosnacháin, duine de na daoine is mó a chuir comaoin ar shaol eacnamaíochta, sóisialta agus cultúrtha Ghaeltacht Chorca Dhuibhne le blianta fada ag dul ar pinsean amárach, Dé Céadaoin.

Is ón nDrom, Clochán Bhréanainn ó dhúchas do Ó Brosnacháin ach tá sé ina chónaí i gCom gCath, in iarthar Duibhneach ó Aibreán 1975 agus 42 bliain ar fad tugtha aige mar fhostaí le Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne. Bhí sé ina Bhainisteoir ar an gComharchumann 35 bliain acu sin.

“Beadsa ag fágaint slán le mo phost anseo ar an 21 Nollaig cothrom an lae go díreach ar cláraíodh Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne 50 bliain ó shin, ar an 21 Nollaig 1966. Tá an Comharchumann ag feidhmiú ó 1967 agus sna blianta tosaigh is comharchumann talmhaíochta a bhíodh ann, dáiríre.

“Bhíomar ag plé le míntíriú talún, le tithe gloine, le fás glasraí agus le feirm thaispeántais dhéiríochta. Bhí na coláistí samhraidh ann ó 1969 agus bhí isteach is amach le 40 fostaithe ann an t-am sin.”

Bhí drochbhail cheart ar an gComharchumann nuair a ceapadh an  Brosnachánach ina bhainisteoir sa bhliain 1981.

“Níl sé seo ráite agam go minic ach do bhíomar briste ó thaobh chúrsaí airgid de. Mar do bhí cúlú mór eacnamaíochta ann agus do bhí ag teip ar na gnóthaí a bhí againn. Dá mba rud é go dtarlódh a leithéid ar na saolta seo do bheimis imithe go tóin poill ar fad agus gan aon teacht aníos againn,” a dúirt sé le Tuairisc.ie tráthnóna inné.

Mhínigh an Brosnachánach go raibh sé de dhualgas air bonn a chur faoi rudaí arís agus, féach, gur éirigh go hiontach leis an bhfear lách, cumasach, díograiseach seo.

“Blianta crua ba ea iad sin ó 1981 go 1990 agus bhí ormsa cinntí fíordheacair a dhéanamh. Cuireadh deireadh leis na tithe gloine, leis an bhfás glasraí agus leis an bhfeirm thaispeántais agus an rogha a bhí agam ná an doras a iamh ar fad.

“Sea, chaill daoine postanna ach do thosnaigh rudaí ag dul i bhfeabhas arís ó 1990 ar aghaidh.”

Deontas “fial” £40,000, a fuaireadar ó Roinn na Gaeltachta sa bhliain 1988 a chur an bonn dáiríre fúthu athuair, dar leis. “Rud iontach eile a tharla an bhliain sin is ea gur fhostaíomar Máire Uí Shíthigh chun Oidhreacht Chorca Dhuibhne a stiúrú agus ní fhéachamar in ár ndiaidh ó shin.

“D’athraíomar ó bheith inár gcomharchumann talmhaíochta go dtí eagras a bhí agus atá ag plé le cúrsaí oidhreachta, scéimeanna teanga, cúntóirí teanga, cuairteanna baile, múineadh amhránaíochta ar an sean-nós do dhaoine óga agus mar sin. Tá cúntóirí teanga fostaithe againn anois sna scoileanna Gaeltachta ar fad i gCúige Mumhan.”

Gnó mór anois is ea na Coláistí Samhraidh agus cúrsaí Gaelainne do dhaoine fásta.

“Is iad na coláistí samhraidh  an ‘Ghlas Ghaibhneach’ (cash cow) atá againn. Tá áthas orm a rá go raibh an bhliain is fearr riamh againn sa Chomharchumann ó thaobh chúrsaí gnó de i mbliana. Rud eile a chuir ríméad agus áthas thar na bearta orm ba ea oscailt an cheannárais nua seo anuraidh [ar an mBuailtín].

“Do bhí láimhdeachas airgid de €4 mhilliún i mbliana agus is féidir liom a rá gur fiú €10 mhilliún d’eacnamaíocht Chorca Dhuibhne gnóthaí an Chomharchumainn seo anois.

“Ach ní bheadh an scéal chomh maith sin murach an comhoibriú ar fheabhas atá fachta agamsa le blianta fada ó mhórán daoine, ar a n-áirím an fhoireann iontach atá anseo, Coiste agus Cathaoirleach an Chomharchumainn agus ba mhaith liom tagairt ar leith a dhéanamh do dhúthracht agus do dhílseacht agus d’fhuinneamh Tommy Jim Mac Gearailt, a thug na blianta fada ar stiúir mar chathaoirleach.”

Údar misnigh do Ó Brosnacháin agus é ag éirí as an fhoireann atá ag obair sa Chomharchumann.

“Nuair a ghabhadsa amach an doras trathnóna Dé Céadaoin beidh i mo dhiaidh foireann bhreá phroifisiúnta; foirgneamh nua den scoth; gnó atá brabúsúil agus, an rud is tábhachtaí ar fad is dócha, airgead sa bhanc.”

Tá 14 duine fostaithe go lánaimsearach ag an gcomharchumann anois, 25 duine eile ar scéimeanna fostaíochta pobail, 25 cúntóir teanga, 45 bean tí agus bíonn isteach is amach le 150 duine eile fostaithe go sealadach i rith an tsamhraidh ag na coláistí samhraidh agus a mbaineann leo sin.

Is é Páidí Ó Sé, ó Aird na Caithne, atá ceaptha ina chomharba ar Ghearóid Ó Brosnacháin agus do ghuigh an Brosnachánach gach rath agus beannacht  ar Mhac Uí Shé. Thug Gearóid Ó Brosnacháin 16 bliana ina Chathaoirleach ar CONCOS agus bhí baint nach beag aige le bunú Chomhar Chreidmheasa Chorca Dhuibhne chomh maith.

Fág freagra ar 'Ó Brosnacháin ag fágáil slán le Comharchumann Chorca Dhuibhne i ndiaidh 42 bliain'