Fiú sa scoil bheag ba mhó suim a bhí agam sa stair ná a bhí in aon ábhar eile. Liosta dátaí, gníomhartha fuilteacha agus gaisce den chuid ba mhó. Cur síos ar thíorántacht lucht an rachmais agus crógacht na ndaoine a bhí faoi chois curtha os mo chomhair ansiúd agus go deimhin sa mheánscoil ach beagán le cois stair na tíre seo a bheith curtha leis.
Ba nuair a bhí an stair ar cheann de na hábhair a roghnaigh mé in Ollscoil na Gaillimhe a cuireadh ar mo shúile dom go raibh níos mó i gceist léi ná a bhí foghlamtha agam go dtí sin.
Ba é an fear iontach sin, an tOllamh Gearóid Ó Tuathaigh, ba mhó a mhéadaigh mo thuiscint. Chuir Gearóid ar ár súile dúinn nár tháinig deireadh le stair na hÉireann le bunú an Stáit. Mhúin sé dúinn freisin agus go raibh níos mó i gceist leis an ábhar ná a gcuid gníomhartha siúd a raibh cónaí orthu i bpáláis, a shuigh ar chathaoireacha ríoga agus a raibh súil acu freisin a dtóin a leagan ar cheann a bhí níos compordaí sa limistéar ba ghaire dóibh.
Beidh mé buíoch dó fad a mhairfidh mé mar gheall air, go háirithe siocair gur threoraigh sin mé i dtreo an chuid sin den stair is ansa liom – stair shóisialta. Múisiam a thagann orm ag éisteacht le lucht polaitíochta agus airgeadais na linne seo – cuid mhaith acu chomh santach leis an dream atá luaite thuas agam. Cuid eile ar bheagán comhbhá leis an té atá thíos.
Mórán mór mar a bhí.
Sin an fáth a bhfuil mé ag baint an oiread sin solamair as leabhairín bheag a tugadh faoi Nollaig dom, ach nach bhfuair mé deis a oscailt go dtí an tseachtain seo.
A History of the GAA in 100 Objects teideal an leabhair agus is í Siobhán Doyle, staraí san Ard-Mhúsaem, a thiomsaigh an t-ábhar agus a scríobh. Ní bréag ‘seoidín’ a thabhairt air.
Tá 100 rud roghnaithe ag an údar a thugann léiriú ar stair na gCluichí Gaelacha leis na céadta bliain – pictiúir de ar leathanach amháin agus cur síos gonta air ar an leathanach trasna uaidh.
Cuidíonn sin go mór leis an léitheoir, scoth na bpictiúr ann agus a mbaineann leis an ábhar atá i gceist ar an dá leathanach atá oscailte amach os do chomhair. Is minic leis na leabhair chuimhneacháin seo a bheith toirtiúil, trom agus b’fhéidir iomarca mioneolais iontu mura bhfuil ardsuim agat san ábhar. Ní hamhlaidh cás anseo.
Tá dhá phictiúr faoi leith sa leabhar a thugann léargas ar an réimse leathan den stair atá i gceist sa leabhar – ceann de liathróid lenar imríodh iomáint sa 15ú Céad agus ceann eile de cheamara ‘Shúil an tSeabhaic’ agus é dírithe isteach ar na postaí atá ar thaobh Chnoc 16 de Pháirc an Chrócaigh.
Ó aimsir fhionnadh na bó agus an chapaill go dtí an téidín snáth optaice.
Níl ansin ach a thús. Nuair a iompaíonn duine leathanach tá scéal chomh spéisiúil céanna ar an taobh eile.
Inseacht ar an stair a bhaineann leis an gcrot atá ar Chorn Mhic Cárthaigh an t-ábhar is túisce sa leabhar. Go bhfaca mé é níor thuig mé go mba ar sheansoitheach a bhíodh á úsáid in Éirinn fadó an lá atá sé múnlaithe.
‘Meadar’ a thugtar ar a leithéid, soitheach a mbíodh ceithre lámh air (péire scaití). Soitheach a bhíodh ceathairuilleach as a bharr agus é níos leithne ansiúd ná a bhí sé ag a bhun, áit a raibh sé ciorclach.
Ag féastaí ba mhó a bhaintí úsáid as an meadar, é á shíneadh timpeall an bhoird ó dhuine go duine. Ar a seal, bhainfeadh siadsan deoch as den fhíon, den bheoir nó den mheá a bhíodh ann.
Tá go hard os cionn céad de na meadair seo san Ard-Mhúseam. As adhmad atá an chuid is sine acu déanta, miotal agus airgead i gcinn eile.
Scéal a tharraingíonn scéal, a deir siad.
Tá sé os cionn dhá scór bliain ó bhí mé i mo shuí ag deasc na Nuachta Náisiúnta i Raidió na Gaeltachta nuair a tháinig tuairisc isteach ar an telex go raibh na póilíní tar éis a theacht ar bhuama a bhí leagtha faoi dhroichead éicint ar chúlbhóthar i dTuaisceart Éireann. “The bomb was hidden in a milk-churn” na focail dheireanacha a bhí sa ráiteas.
Bhí mé i mo bhambairne. Ba bheag an cúram a bheadh ag na feirmeoirí beaga a bhí i mo thimpeall do chuinneog ná ‘mikchurn’ agus mise ag éirí aníos i gCois Fharraige. Dá mbeadh braon bainne le spáráil ba chomharsa a bhí dá uireasa a gheofadh é, sin nó laoidín. Níor chleacht mé riamh é agus dá bharr ní raibh a fhios agam céard ba chóir a thabhairt air.
Comhghleacaí a tógadh ar thailte níos míne i gCúige Mumhan a tháinig i gcabhair orm. “Meadair a thugaimidne chun na huachtarlainne,” a deir sé.
An bhfeiceann tú sin. Tuilleadh den stair.
Tá sé i gceist agam filleadh ar leabhar Shiobhán Doyle arís gan mhoill. Is maith is fiú sin.
Fág freagra ar 'Ó aimsir fhionnadh na bó agus an chapaill go dtí an téidín snáth optaice…'