Nuair is ionann an gar agus a chúiteamh: karma na scríbhneoireachta

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: ceacht karma ó dhéithe na scríbhneoireachta. 

Nuair is ionann an gar agus a chúiteamh: karma na scríbhneoireachta

An cuimhin libh an scríbhneoir contúirteach úd a bhí faoi chaibidil agam sa cholún seo an tseachtain seo caite? An fear sin san Ísiltír a bhagair chuile chnámh i mo chorp a bhriseadh mura leagfainn uaim, ar an bpointe boise, dréacht de shaothar nua a bhí idir lámha aige?

Bhuel, bhí sé ar ais chugam an tseachtain seo caite, ag impí orm cúnamh a thabhairt dó leis an dréacht céanna, an dréacht deireanach de leabhar neamhfhicsin faoi chaidrimh agus cúrsaí grá.

Bhí an sprioclá caite agus bhí an foilsitheoir ag bagairt árasán mo chara agus teach a mhuintire a chur trí thine.

Bhí sé i bponc.

Tríd an ríomhphost, chuir sé chugam na ceithre chaibidil is mó a thug trioblóid dó móide an réamhfhocal agus an t-iarfhocal. Léigh mé iad, rinne nótaí, agus chuir glaoch air.

Thar thréimhse dhá lá, chaith muid ceithre huaire an chloig ar Skype ag póirseáil tríd an téacs le chéile.  

B’fhiú an tairbhe an trioblóid. 

Don bheirt againn.

D’fhoghlaim mo chara ceacht a d’fhoghlaim mé féin i bhfad ó shin: agus eagarthóireacht á déanamh agat ar théacs ar bith, léigh chuile abairt amach os ard. Dá mbeadh sé sin déanta ag mo chara sular chuir sé a chuid scríbhneoireachta faoi mo bhráid, bheadh ochtó faoin gcéad de na céadta botúin bheaga chló, ghramadaí agus stíle a d’aimsigh mé sa téacs bainte amach aige féin.

D’fhoghlaim an bheirt againn ceacht tábhachtach maidir le heagarthóirí, ceartaitheoirí agus profléitheoirí: ná déan talamh slán de go mbainfidh duine éigin eile amach na botúin a fhágfaidh tú féin i dtéacs. Ceartaigh botún ar bith a fheicfidh tú ar an bpointe boise.

Ba é an chaoi go raibh duine nó beirt sa teach foilsitheoireachta a fhoilseoidh leabhar mo chara tar éis a bheith ag plé cheana féin leis an dréacht a bhí idir lámha againn, ach fágadh an t-uafás botún sa téacs. Ní hamháin sin, ach bhíothas tar éis leasuithe a dhéanamh a chothaigh botúin nach raibh sa bhuntéacs ar chor ar bith. Galar a bhíonn ar eagarthóirí ar fud an domhain: cuid amháin d’abairt a leasú ar bhealach a fhágann drochbhail ar chuid eile.

Sa deireadh, d’fhoghlaim mé féin ceacht fíorthábhachtach faoi chúrsaí karma.

Gan dul i bhfad scéil leis, bhí leabhar údarásach faoi chaidrimh agus cúrsaí grá ag teastáil uaim go géar an tseachtain seo. Mar a bheadh déithe na scríbhneoireachta tar éis cogar a chur ina chluas, chuir mo chara sleachta chugam a bhain go dlúth leis an gcruachás ina raibh mé féin. 

Réitigh roinnt de na moltaí sa téacs an cruachás. 

B’ionann an gar agus a chúiteamh.

Fág freagra ar 'Nuair is ionann an gar agus a chúiteamh: karma na scríbhneoireachta'