Nuair a tháinig John Hume go hOllscoil na Banríona, thuig mé gur i láthair ceannaire agus fáidh a bhí mé

D’fhág píosa cainte a rinne John Hume in Ollscoil na Banríona a lorg ar ár gcolúnaí agus é ina mhac léinn ansin breis is 30 bliain ó shin

Nuair a tháinig John Hume go hOllscoil na Banríona, thuig mé gur i láthair ceannaire agus fáidh a bhí mé

Tháinig John Hume go hOllscoil na Banríona agus mé i m’fhochéimí, breis agus 30 bliain ó shin. Bhí sé le hóráid a thabhairt ar an champas. Roinnt blianta i ndiaidh na stailceanna ocrais a bhí ann. Bhí borradh áirithe faoi ghluaiseacht pholaitiúil na poblachta an t-am sin ach is ag an IRA a bhí an lámh in uachtar go fóill. Blianta fuilteacha gránna a bhí ann. Is iomaí sin duine a d’fhág an teach beo ar maidin agus nár tháinig ar ais san oíche. Mhair an pobal ar fad faoi scáil an fhoréigin agus an bháis. Bhí lucht bolscaireachta buí agus glas ag iarraidh fiacha fola a bhaint as an dream eile. Níor bhain Hume leo.

Ní thiocfadh leat a rá go raibh cúrsaí polaitíochta forbartha i measc náisiúntóirí an t-am sin. Ar éigean go raibh urlabhraí polaitiúil ag gluaiseacht na poblachta; níor chreid siad ina leithéid agus chleacht an modh fuilteach díreach in éadan daoine nár tháinig lena dtuairimí; b’ionann modh oibre na bparaimíleataithe dílseacha fosta. Bhí Ian Paisley glórach ar son an DUP ach, go fóill féin, bhí an lámh in uachtar ag ceannairí leamha, ar nós James Molyneaux, agus Aontachtaithe Uladh.

Ach bhí iomrá ar Hume agus ar roinnt ceannairí eile de chuid an SDLP, nó iarcheannairí de chuid an SDLP fiú. Dream thar a bheith cantalach a bhí sna náisiúntóirí neamharmtha an uair úd, dream dáigh nár réitigh go maith lena chéile. Bhí Hume, dá óige é, céim chun tosaigh orthu uilig faoin am sin.

Bhí sé le hóráid a thabhairt in Aontas na Mac Léinn, i halla mór siamsaíochta thíos in íochtar an aontais. ‘McMordie Hall’ a bhí air an t-am ar thosaigh mise ar Queen’s, halla a bhí ainmnithe as saoiste mór le rá de chuid na hollscoile. D’athraigh na mic léinn an t-ainm le linn dom bheith i mo mac léinn agus bhaist ‘Mandela Hall’ air. (Sea, bhí glúin réabhlóideach in Éirinn an t-am sin.)

Cad é mar a fuair muid gaoth an fhocail go raibh Hume le teacht? Níl a fhios agam. Níor bhain mé le cumann ar bith polaitiúil ar an champas ach tháing an focal, an scéala, go raibh Hume le teacht agus thuig mé féin, dá aineolaí mé, gur dhuine tábhachtach é, gurbh fhiú éisteacht leis.

Bhí caint ann go labharfadh mac léinn poblachtánach ina éadan. Ar labhair? Níl cuimhne ar bith agam air sin. Má labhair, níor fhág sé rian ar bith ar an chuimhne. Ach d’fhág Hume rian ar an chuimhne gan cheist.

Tháinig Hume ar an stáitse. Bhí an halla lán go doras faoin am seo, ar nós go raibh muid ag fanacht le racghrúpa. Tháinig an fear seo gan dealramh chun tosaigh. Ní thabharfá suntas dó – go dtí gur labhair sé. Agus bí ag caint ar óráid, bí ag caint ar dhuine a raibh bua na cainte aige, a bhí deisbhéalach. Bhí paisean ina chuid cainte, ciall, ionraiceas, daonnacht. Labhair sé ar bhealach nár chuala mé an t-am sin ná ó shin, i ndáiríre. Ní raibh polaiteoir in Éirinn a bhí inchurtha leis agus é ag caint.

Labhair sé as a sheasamh, gan nótaí. Labhair sé leis an scaifte shearbh gharbh ghránna a bhí roimhe; labhair sé gan eagla; labhair sé go calma. Labhair sé linn, béal le béal. Cad é an t-ábhar cainte a bhí aige? An t-ábhar cainte a bhí riamh aige, an fhís a bhí aige don tsochaí shíochánta. Ní thiocfadh leat gan cluas le héisteacht a chur ort féin. Ní thiocfadh leat gan éisteacht. M’anam le Dia, shílfeá gur ag éisteacht le O’Connell nó le Larkin a bhí tú. Thuig tú, i d’ainneoin féin b’fhéidir, gur i láthair ceannaire agus fáidh a bhí tú.

Bhí an lá leis. Cheansaigh sé an slua callánach; mheall sé an halla chun tosta, d’fhág slán agus d’imigh sé leis an óráid sin a thabhairt arís agus arís eile, le daoine nua a cheansú lena ghlór. Ba mheasa ar fad ár scéal mar phobal murach é.

Leaba i measc na naomh go raibh aige.

 

 

Fág freagra ar 'Nuair a tháinig John Hume go hOllscoil na Banríona, thuig mé gur i láthair ceannaire agus fáidh a bhí mé'