Nuair a bhíodh sé ar buile labhraíodh sé Gaeilge, ach dá gcloisfeadh sé focal Gaeilge á labhairt ag na scoláirí thabharfadh sé léasadh dóibh…

Uair sa tseachtain, i gcomhar le Dúchas.ie, foilsítear mír ó Bhailiúchán na Scol. Agus páistí ag dul ar ais ar scoil tar éis an tsamhraidh bhreá smaoinímis ar scoileanna ár sinsear i gContae an Chláir…

Nuair a bhíodh sé ar buile labhraíodh sé Gaeilge, ach dá gcloisfeadh sé focal Gaeilge á labhairt ag na scoláirí thabharfadh sé léasadh dóibh…

Tógadh an Scoil Náisiúnta in 1886 ach bhí seanscoil ceann tuí san áit chéanna roimhe sin. Nuair a bhí an scoil seo á tógaint bhí scoil shealadach i bpáirc le Seán Ó Cadhlaigh laistiar den teampall. ’Sé an chéad chuntas atá i Leabhar na gCigirí sa scoil seo ná:

“1867: Molaim dos na páistí gan a gcaipíní do chaitheamh le linn don scoil a bheith ar siúl agus fós, ní ceart dóibh na caipíní d’fhágaint ar na binsí rompu”. De Bláca ab ainm don oide.

Bhí scoil scairte san Chuibhreann ag Dick Madigan, Ciarraíoch, go dtí 58 bliain ó shin. Fear bacach crosta ab ea é agus bhíodh an scoil ar siúl ina thigh féin. Bhí an Ghaeilge go líofa aige agus nuair a bhíodh sé ar buile labhraíodh sé í ag cáineadh na scoláirí ach dá gcloisfeadh sé focal Gaeilge á labhairt ag na scoláirí do thabharfadh sé léasadh dóibh.

Chuireadh sé buachaill ar dhroim buachalla eile chun an léasadh sin a thabhairt. Deirtear, go raibh gaol aige le hEoghan Ó Comhruidhe agus is fíor gur de Mhuintir Mheadagáin ab ea máthair Eoghain.

Bhíodh dhá sheisiún aige, sa ló agus istoíche. Chaitheadh gach aoinne a chaipín agus bhídís ag caitheamh tobac. Ghearradh sé a phinn féin agus thagadh na scoláirí go dtí an chistineach ar a n-uain chun scríbhneoireacht ann. Mhúintí Béarla, scríbhneoireacht, amhráin, agus litriú. 4/3 (ceithre scilling agus trí pingine) an duine an ráithe, an táille a bhí sa scoil seo agus fód móna an duine gach lá sa ngeimhreadh.

Shuíodh na scoláirí ar fhóda móna nó ar shopa féir sa gcistin. Nuair nach mbíodh sé d’acmhainn ag daoine an táille d’íoc thugaidís prátaí, coirce nó móin dó nó paiste talún ar a gcuireadh sé féin barraí. Ní bhíodh aon chlog aige agus is mar seo a thomhaiseadh sé fad an tseisiúin istoíche. Lasadh sé dhá choinneal dá dhéantús féin agus nuair a bhídís caite bhí deireadh leis an scoil i gcomhair na hoíche sin.

Bhíodh seisiún aige dos na daoine óga (buachaillí agus cailíní) i rith an lae agus théadh sé go dtí an crosaire ag spaisteoireacht go minic. Nuair a théadh sé amach lasadh cuid des na ‘páistí’ a bpíopaí. Bhíodh daoine 30 bliain d’aois ag freastal ar an scoil sin istoíche agus ní bhíodh an scoil oíche ar siúl ach i rith an gheimhridh. Nuair a bunaíodh an Scoil Náisiúnta sa Chuibhreann do thréig a scoláirí é. Tá cuid dá shliocht ina mbeatha ann fós.

1815: An uair sin le linn don scoil a bheith ag Dick Madigan bhí scoil scairte eile sa Tearmann,  Lios Daoin, Co an Chláir. Ó Loingsigh an t-oide a bhí ansin.

Bhí scoil eile í gCill Bhaile Eoghain i bpáirc le Micheál Ó Cearmadaigh agus ba é Micheál Mac Mathghamhna a bhí í mbun na scoile sin. Aon fhuinneog bheag amháin air agus coinnle istoíche. Binse chun scríobh air. Ceithre scilling an ráithe. Níor labhraíodh aon Ghaeilge inti. Ar oscailt ceithre huaire an chloig sa ló agus dhá uair san oíche.

Mhúintí Gaeilge agus scéalta fiannaíochta caoga bliain ó shin (1887) i scoil a bhí ag Thomas Hedderman sa bportach sa Tulach (An Chrois, Carraig an Chabhaltaigh, Co an Chláir).

Do chónaigh sé lena chliamhain, Seán Ó Néill. Ní bhíodh aon táille le híoc ag a scoláirí ach thugadh gach aoinne acu féirín dó mar: tobac, prátaí, bainne agus rl. Shuídís ar ‘bosses’, leathbhairillí nó bloic adhmaid agus súgáin casta orthu.

Bhí scoil í bpáirc le Tomás De Paor sa gCuibhreann freisin san am céanna.

Bíodh oide príobháideach ag muintir Loideáin (Brown Tom Liddane ) sa Tulach, An Chrois in Iarthar an Chláir. Feirmeoir saibhir ab ea é agus bhí 14 páiste aige. Fuair sé ‘Latin Teacher’ chun a bpáistí féin agus páistí a ghaolta do mhúineadh. Chónaíodh sé sa tigh le Brown Tom agus is sa tigh sin a bhíodh na ranganna ar siúl agus Laidin mar ábhar léinn acu.

90 bliain ó shin théadh mo sheanmháthair go scoil scairte sa Tulach, An Chrois, in Iarthar an Chláir. Ní raibh ach aon phána amháin gloine ann agus chun an áit faoin bhfuinneog d’fháil bí táille breise le díol pingin nó dhá phingin (1d/2d) sa tseachtain an táille. Mhúintí Béarla sa scoil sin.

Bhíodh scoláirí bochta (Poor Scholars) ar scoil iontu agus nuair a d’fhásaidís san suas is minic a chuiridís scoileanna eile ar bun. D’iarr duine de na poor scholars píosa aráin ar dhuine darbh ainm Hill i mBaile na gCeiteach (Cill Rois, Co an Chláir). Diúltaíodh é agus arsa an poor scholar:

“Between Hill and Hell there’s but one letter

And if Hill were in Hell, Ballykett would be better.”

Ní bhíodh ach drochmheas ag muintir na tuaithe ar oidí scairte mar ní bhíodh ach slí bhocht mhaireachtála ag na hoidí sin.

Séamus Ó hEochaidhe agus Bean Uí Chobhthaigh,
Dún Átha,
Cill Chaoi,
Co an Chláir

Fág freagra ar 'Nuair a bhíodh sé ar buile labhraíodh sé Gaeilge, ach dá gcloisfeadh sé focal Gaeilge á labhairt ag na scoláirí thabharfadh sé léasadh dóibh…'