Bhí fear maith san áit gurbh ainm An Mhachaire agus chónaigh sé féin agus a mháthair le chéile. Bean aosta dob ea a mháthair. Buachaill an-dícheallach, saothraíoch dob ea é.
D’imigh sé deireadh oíche go dtí an tráigh ag iarraidh ualach feamnaigh. Cad a d’fheicfeadh sé ina suí ar chloch ach cailín breá óg agus í ag cíoradh a cuid gruaige. Bhí gruaig chomh fada uirthi go raibh sí ag titim síos go dtí an talamh. Bhí a cochall draíochta lena hais.
Do rith sé agus do shnap sé an cochall agus chaith sí é a leanúint ansin. Bean farraige ab ea í. Choinnigh sé ag baile í ar feadh tamaill agus phós sé ansin í. Bean an-mhaith dá mháthair ab ea í agus bhí ceathrar leanaí aici. Níor gháir sí riamh ach trí huaire.
Tháinig bean des na comharsana lá ag glaoch uirthi, go mbeadh sí in éineacht léi go dtí an tAifreann. Dúirt an bhean farraige léi imeacht uirthi go mbeadh sí féin ina diaidh. D’fhiafraigh an fear di cad ina taobh nár imigh sí in éineacht leis an mnaoi. Dúirt sí ná raibh aon ghnó aici féin in éineacht léi mar go mbeadh sí sin ag ithe na feola fuaire.
Nuair a beirtí aon leanbh san áit is amhlaidh a ghoilfeadh sí a dóthain, agus nuair a cailltí aoinne bhriseadh sí a croí ag gáire. D’fhiafraigh a fear di lá cad ina thaobh go mbíodh sí ag gol nuair a beirtí na leanaí óga, agus dúirt sí leis mar go raibh crosa agus trioblóid an tsaoil rompu, agus nuair a cailltí iad go mbeadh siad imithe ón trioblóid go léir.
Do mhair sí mar sin go dtí gur tháinig lá ins an earrach. Do bhí an fear ag dul ag treabhadh. Chuaigh sé in airde ar a lochta ag iarraidh rud éigin a bhain lena sheisreach. Cad a tharraingeodh sé anuas ach a cochall. Do rith sí agus do rug sí air. Dá gcaillfeadh an fear a anam, ní fhéadfadh sé an cochall a bhaint as a dhá láimh.
Bhí sí ag obair chomh maith agus a bhí sí riamh ar feadh an lae, agus nuair a tháinig an oíche, do tháinig sí go dtí a máthair chéile, do nigh sí agus do ghlan sí í, agus chíor sí a ceann. Tháinig sí go dtí an ceathrar leanaí, agus do dhein sí an rud céanna leo. Chuir sí ina gcodladh iad, agus do thug sí trí phóga do gach duine acu. Rug sí ar an gcochall, agus d’imigh sí amach an doras uathu.
Ghluais sí uirthi, agus bhí fear ag feitheamh léi ar bhruach na farraige. Do rug sé barróg uirthi, agus d’imíodar le chéile amach. Ní fhaca éinne ó shin í.
Bhí méaracha agus cosa a clainne fite fé mar a bheadh lapa róin, agus tá cuid dá sliocht fós ar an saol, agus tá a gcosa fite leis.
– Tomás Ó Muircheartaigh, a bhí ag teagasc in Achadh Tiobraid, in Uíbh Ráthach i gcontae Chiarraí a fuair an seanchas seo óna mháthair
Fág freagra ar 'Ó DHÚCHAS: Nuair a bheirtí leanbh ghoilfeadh sí a dóthain agus nuair a chailltí duine bhriseadh sí a croí ag gáire'