Nuacht TG4 ‘cosúil le RTÉ News in 1983’ – Ard-Stiúrthóir TG4

Dúirt Alan Esslemont go bhfuil gá cuma níos fearr a chur ar an gclár nuachta agus go gcaithfear athruithe eile a dhéanamh air freisin

Nuacht TG4 ‘cosúil le RTÉ News in 1983’ – Ard-Stiúrthóir TG4

Féachann an clár Nuacht TG4 cosúil leis an gclár RTÉ News mar a bhí os cionn 30 bliain ó shin, dar le hArd-Stiúrthóir nua an stáisiúin Alan Esslemont.

Dúirt Esslemont freisin gur cheart go mbeadh níos mó i gceist le seirbhís nuachta TG4 ná “aistriúchán ar an gclár Six One ar RTÉ”

Bhí Esslemont ag labhairt le hos cionn 200 léiritheoir teilifíse ag ollchruinniú in óstán an Radisson i gcathair na Gaillimhe inniu nuair a rinne sé an cur síos lom sin ar chlár nuachta na seirbhíse.

“Shílfeá ó a bheith ag breathnú ar Nuacht gur i gcúinne stiúideo beag a dhéantar é. Tá sé cosúil leis an nuacht Bhéarla a chuirtí amach ar RTÉ i 1983. Teastaíonn cuma i bhfad ‘níos mó’ ón gclár, caithfear athruithe a dhéanamh air,” a dúirt sé.

Craoltar Nuacht TG4 beo ón dara stiúideo atá ag TG4 i mBaile na hAbhann, stiúideo atá níos lú ná mar atá stiúideo a haon, mar a ndéantar leithéidí Róisín, Seo Spóirt, Béaloideas Beo agus an clár cúrsaí reatha 7 Lá.

Is iad RTÉ a sholáthraíonn an clár nuachta do TG4, agus craoltar an clár Nuacht RTÉ ó stiúideo Bhaile na hAbhann freisin. Bhí Esslemont i mbun cainte le lucht RTÉ le tamall anuas faoin gceangal idir an dá stáisiún agus faoin gcaoi a gcuirfear cláir nuachta ar fáil amach anseo.

Tá an tArd-Stiúrthóir ag iarraidh go gcraolfaí na cláir nuachta ón stiúideo mór feasta agus go mbeadh ceangal níos láidre idir an clár nuachta agus an clár eile cúrsaí reatha ag TG4, 7 Lá.

Dúirt Esslemont inniu gurb é an rud is mó a thaitníonn agus a theastaíonn ó “chroí-lucht féachana” TG4, “an 200,000 duine ar cuid lárnach dá bhféiniúlacht í an Ghaeilge”, ná na cláir nuachta agus cúrsaí reatha. 

Tá figiúirí réasúnta íseal féachana ag na cláir áirithe sin i measc an “mhór-lucht féachana”, a dúirt sé, ach léirítear i bhfreagraí phainéal ‘Fios Físe’ gurb iad is mó a mheallann an croí-phobal sin chuig an stáisiún.

Bunaíodh Painéal Fios Físe le dearcadh phobal labhartha na Gaeilge i leith TG4 a fhiosrú. Bailítear eolas ar líne ó bhaill an phainéil go seachtainiúil.

Dúirt Esslemont go gcaithfeadh na cláir nuachta agus cúrsaí reatha a bheith ar ardchaighdeán agus go gcaithfeadh ardchaighdeán Gaeilge a bheith iontu.

Fág freagra ar 'Nuacht TG4 ‘cosúil le RTÉ News in 1983’ – Ard-Stiúrthóir TG4'