Nous sommes Bruxelles ach an sinne Gaza, an sinne an Liobáin?

Ní haon ghéilleadh do mheatacháin bharbartha na Bruiséile ceisteanna a eascraíonn as an uafás a chur...

nous-sommes-bruxelles-les-hommages-affluent-a-bruxelles_3682127_1000x500

Tá an tír ag déanamh bróin. Brat na Beilge ar leathchrann ag uimhir 16 Rue de la Loi (suíomh an Rialtais). An dubh, an buí, an dearg.

Fuarthas brat eile in arásán in Schaerbeek le linn chuardach oíche Dé Máirt: brat an Stáit Ioslamaigh (an dubh ina uachtar). Fuarthas chomh maith buama tairní agus ceimiceáin.

Fuair triúr tacsaí ón áit seo go luath maidin Dé Luain. An t-aerfort a dtriall. Ceal spáis b’éigean dóibh cás amháin a fhágáil ina ndiaidh. Bhí iarmhairt a dturais le sonrú tráthnóna inné: gluaisteáin de shórt eile ag teacht agus ag imeacht an uair seo ón aerfort – cóistí na marbh ag iompar na gcorp.

Cad a thug ar na daoine seo an dúghníomh a chur i gcrích? Ní haon rún é nach bhfuil rudaí i gceart in Molenbeek, in Schaerbeek agus i gceantair dá leithéid. Tá an bochtanas agus an róphlódú i réim agus na cúinsí maireachtála suarach ann.

Ná bac cumhacht na moscanna ina scaiptear soiscéal an bháis. Ach ná hosclaítear doras na hiaróige. In Molenbeek a neadaigh na ‘moles’ nó na caocháin. Seans gur theip ar na húdaráis dul i ngleic leis an bhfadhb mar gheall ar an gcíor thuathail atá sa tír, ó thaobh riaracháin de – is stát sách nua í an Bheilg (1830) – í deighilte go dona ó thaobh teanga de. Rialtas il-leibhéil atá anseo againn, rialtas ar a dtugtar ‘lasagne’.

Is fiú, b’fhéidir, súil a chaitheamh ar théarmaíocht ‘an chogaidh bheannaithe’, JiHaD. An focal féin JiHaD, is ón bhfréamh JHD a thagann sé. An bhunchiall atá leis an téarma sin ná ‘obair go crua’, ‘do sheacht ndícheall a dhéanamh’. Uaidh sin féach aJHaDa ‘ualach rómhór a leagan [ar chamall] nó ‘duine a fhágáil traochta’; ciallaíonn istaJHaDa ‘dul go bun an scéil’. Cumas, neart, díocas agus tuirse – is iad sin na gnéithe a iompraíonn an coincheap. Is scoláire é an muJtaHiD a chíorann an téacs le dianstaidéar – is saighdiúir é an muJaHid. Agus cad is bunbhrí le gluaiseacht radacach Salafi? SLF an bhunphréamh atá i gceist sa chás seo – fonn fillte ar bhunphrionsabail a sinsir (salaf) atá mar mhian acu, dar leo.

Ach arís ní leor sanasaíocht na bhfocal,mar bheith istigh. Síneann scéala an bhróin ón Molenbeek go Maelbeek (is í an abhainn chéanna, abhainn Moelenbeek, is bun leis an dá logainm úd agus abhainn an mhuilinn is ciall léi.) Síneann sé go Zaventeem agus ar aghaidh arís chun an domhain mhór. Bhí tost noiméid ann sa Bheilg ag meán lae Dé Máirt. I ndiaidh tráth an tosta déanfar tuilleadh plé ar an ngá atá ann lenár mbealach saoil féin a chosaint.

Ach nach bhfuil an neamhaird a thugtar ar chás na bPalaistíneach agus ar phobail eile ar fud an domhain ina cuid an-dlúth dár mbealach saoil féin freisin? Nous sommes Bruxelles ach an sinne Gaza, an sinne an Liobáin?

Ní haon ghéilleadh do mheatacháin bharbartha na Bruiséile na ceisteanna sin a chur.

– Is file agus dlítheangeolaí é Máirtín Mac Aodha. Tá cónaí air sa Bhruiséil le breis is sé bliana.

Fág freagra ar 'Nous sommes Bruxelles ach an sinne Gaza, an sinne an Liobáin?'

  • Fearn

    Níl an tOlc roinnte ina choda, a Mháirtín. Más ann dó, is amhlaidh atá. Cuirimís ina aghaidh.

    Wij zijn ook Lebanon en Gaza.

    Is sinne An Liobán agus Geása chomh maith