‘Nod na Nollag’ – freagra tugtha ar easpa Gaeilge an Late Late Toy Show

Rinne lucht na Gaeilge ar líne cáineadh géar ar an Late Late Toy Show agus RTÉ mar gheall nach raibh aon pháiste le Gaeilge, ná go deimhin aon fhocal Gaeilge, le cloisteáil ar an gclár bliantúil mór-ráchairte

‘Nod na Nollag’ –  freagra tugtha ar easpa Gaeilge an Late Late Toy Show

Tá feachtas margaíochta curtha ar bun ag eagraíocht Ghaeltachta mar fhreagra ar an scéala nach raibh oiread agus focal amháin Gaeilge le cloisteáil ar Late Late Toy Show na bliana seo ar RTÉ.

Tá sé i gceist ag Tuismitheoirí na Gaeltachta, a bhunaigh an feachtas, Nod na Nollag, ar na meáin shóisialta moltaí agus comhairle a chur ar fáil do theaghlaigh maidir le bronntanais Nollag agus gnéithe eile d’fhéile na Nollag.

Rinne lucht na Gaeilge ar líne cáineadh géar ar an Late Late Toy Show agus RTÉ mar gheall nach raibh aon pháiste le Gaeilge, ná aon Ghaeilge, le cloisteáil ar an gclár bliantúil mór-ráchairte.

Dúirt urlabhraí ó Thuismitheoirí na Gaeltachta le Tuairisc.ie gur “údar díomá” a bhí in easpa Gaeilge an chláir ach nárbh “ábhar iontais é”.

“Mar fhreagra ar an easpa cúnaimh do theaghlaigh agus do ghasúir na Gaeltachta agus na Gaeilge ar an Late Late Show, tá feachtas curtha ar bun ag Tuismitheoirí na Gaeltachta ar na meáin shóisialta, ar Twitter agus Instagram den chuid is mó, le tacaíocht, comhairle agus cúnamh a chur ar fáil do theaghlaigh.

“Nod na Nollag atá air agus beidh nodanna rialta á dtabhairt againn gach aon lá as seo go Nollaig faoi leabhair, earraí agus táirgí Gaelacha atá ar fáil agus faoi bhealaí le meas agus muinín na bpáistí i dtaobh a dteanga féin a threisiú. Ba bhreá linn dá roinnfeadh an pobal a gcuid nodanna féin chomh maith ag úsáid na haischlibe #nodnanollag. Is ardán mór millteach an Late Late ach ní hé an t-aon ardán. Bhí na Gaeil cruthaitheach riamh,” a dúirt urlabhraí Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin, Stiúrthóir Futa Fata, an foilsitheoir is mó a bhíonn ag foilsiú leabhar Gaeilge do pháistí gur faoin bpobal atá sé bheith istigh ar leithéid an Late Late Toy Show a éileamh.

Dúirt gur iomaí uair le blianta anuas gcur cuireadh leabhair Ghaeilge i láthair ar an gclár agus go raibh lucht an chláir i dteagmháil le Futa Fata seachtain ó shin agus fios á gcur acu ar chúpla leabhar Gaeilge.

Dúirt sé go mb’fhéidir gurbh amhlaidh nár tógadh cinneadh gan leabhair Ghaeilge a chur san áireamh i mbliana ach “gur tharla sé de bharr brú ama”.

Dúirt Tadhg Mac Dhonnagáin nach leis an Late Late Toy Show amháin a bhaineann fadhb easpa stádais na Gaeilge.

“Tá deacracht ann maidir le stádas na teanga, agus ní leis an Late Late Toy Show amháin a bhaineann sé – níl muid fós sa riocht go nglactar le lucht a labhartha mar mhionlach Éireannach ar chóir aitheantas a thabhairt dóibh ar bhonn ionchuimsitheach.

“Bhí Toy Show na bliana seo thar barr ó thaobh meascán ionadaíoch de pháistí de chiní éagsúla a chur i láthair, páistí ó gach ceard den tír, páistí a raibh cumais agus éagumais éagsúla acu agus mar sin de. Ach ní aithnítear lucht labhartha agus léite na Gaeilge mar bhosca ar ceart tic a chur leis, gan cheist, ar liosta sin na hionchuimsitheachta. Ní tharlóidh sé sin go dtí go n-éilíonn an pobal go dtarlódh sé,” arsa Tadhg Mac Dhonnagáin.

I mí Mheán Fómhair, thug RTÉ le fios nach bhféadfaí aon gheallúint a thabhairt go mbeadh Gaeilgeoir ar chlár na mbréagán i mbliana.

Chuir lucht na Gaeilge a míshástacht faoi easpa Gaeilge chlár na hAoine in iúl ar na meáin shóisialta.

Fág freagra ar '‘Nod na Nollag’ – freagra tugtha ar easpa Gaeilge an Late Late Toy Show'

  • Seán Míchaél ó Donnchadha

    Ba cheart do TG4 a seo na mbreagán féin a chur ar fáil an bhlian seo cughainn.

  • Eilís ní Anluain

    Bhreathnóinn air sin – le hamhráin agus scéalta gliondrach, gleoite na ngasúr a bhíonn ar an raidíó tar éis an Oireachtas. Súil Eile – gúna seachas geansaí Nollag ar an láithreoir :)

  • Barbara Nic Dhonnacha

    An-smaoineamh a Sheáin! Ba cheart na acmhainní a chur ar fáil do TG4. Tabhair dóibh an ‘Toy Show’ in áit RTÉ.. Níl RTÉ ag comhlíonadh a chuid dualgaisí. Dhéanfadh siad jab i bhfad níos fearr.