NOD DON EOLAÍ: Vacsaín úr in aghaidh HIV forbartha ag foireann idirnáisiúnta

Fuair níos mó 1.6 milliún duine ar fud an domhain HIV in 2016, ach, níl vacsaín ar fáil chun daoine a chosaint ón víreas seo

NOD DON EOLAÍ: Vacsaín úr in aghaidh HIV forbartha ag foireann idirnáisiúnta

Cé go bhfuil drugaí ar fáil a choinníonn HIV faoi smacht sa chorp tá vacsaín de dhíth chun deireadh a chur leis an phaindéim dhomhanda. Foilsíodh alt sa Lancet ar an 6 Iúil a dhéanann cur síos ar vacsaín nua. Táthar ag súil go gcosnóidh an vacsaín daoine ón víreas tubaisteach seo.

Cé go raibh SEIF ann ó lár na chéid seo caite, ní raibh paindéim i gceist go dtí na seachtóidí nuair a bhí mórán daoine ag fáil bháis dá bharr den chéad uair. Is é an víreas HIV atá taobh thiar den ghalar SEIF.

Fuair níos mó 1.6 milliún duine ar fud an domhain an víreas HIV in 2016. Chun cosc a chur ar scaipeadh an víris tá vacsaín de dhíth. Ach, níl vacsaín ar fáil chun daoine a chosaint ón víreas seo cé gur aithníodh HIV sna hochtóidí.

Cosaint atá i vacsaín in aghaidh aon ionfhabhtú. I ndiaidh vacsaín a fháil aithníonn córas imdhíonachta an duine próitéiní atá thart ar an víreas (an cóta) agus táirgtear antashubstaintí agus T–chealla a chuireann an ruaig air.

Chun vacsaín a fhorbairt in aghaidh víris tá sé tábhachtach a theacht ar phróitéin sa víreas nach n-athraíonn rómhinic. Má athraíonn an phróitéin go minic ní bheidh an córas imdhíonachta in ann an víreas a aithint agus an ruaig a chur air.

Ar an drochuair, bíonn an cóta atá thart ar HIV déanta den phróitéin Env agus é ag athrú go minic. Dá bharr sin níor éirigh le taighdeoirí vacsaín éifeachtach a fhorbairt le Env amháin.

Bhunaigh an fhoireann idirnáisiúnta an vacsaín úr ar thrí phróitéin. Cuireadh Env agus dhá phróitéin eile ón víreas, Gag agus Pol, le chéile sa vacsaín.

Rinneadh dhá thástáil chun fáil amach cé chomh héifeachtach agus a bhí an vacsaín úr.

Tugadh an vacsaín úr do 304 duine ón Afraic, na Stáit Aontaithe agus an Téalainn agus fuair 44 an placebo (piolla gan vacsaín). I ndiaidh bliana rinneadh tástáil ar chóras imdhíonachta na ndaoine sin. Bhí antasubstaint in aghaidh HIV ag 100% de na daoine. Ciallaíonn sé go bhfuil an vacsaín úr éifeachtach.

Chun fáil amach an mbeadh an vacsaín in ann ionfhabhtú a stopadh, rinneadh tástálacha ar 73 moncaí. Bhí antasubstaintí in aghaidh HIV i bhfuil na moncaithe, díreach mar a bhí sé ag na daoine a fuair an vacsaín. Ba léir go raibh an vacsaín éifeachtach i moncaithe chomh maith.

Chun fáil amach an gcosnódh an vacsaín na moncaithe in aghaidh an víris, galraíodh iad leis an víreas i ndiaidh do na moncaithe an vacsaín úr a fháil. Bhí an galar ag 100% de na moncaithe nach bhfuair an vacsaín úr in ndiaidh dóibh an víreas a fháil. Ní raibh ach 33% díobh tinn nuair a fuair siad an vacsaín roimh an víreas. Thug an vacsaín úr cosaint in aghaidh an víris do 67% de na moncaithe.

Faoi láthair táthar ag iarraidh a fháil amach an gcosnaíonn an vacsaín úr daoine mar a chosain sé na moncaithe. Tá trialacha cliniciúla ar siúl san Afraic.

Fág freagra ar 'NOD DON EOLAÍ: Vacsaín úr in aghaidh HIV forbartha ag foireann idirnáisiúnta'

  • DJ Mac Lochlainn

    Alt an-suimiúil agus is iontach go bhfuil iriseoireacht eolaíochta den chaighdéan seo ar fáil i nGaeilge.

    Úsáidtear an téarma “víreas HIV” go minic i mórán teangacha, ach ní gá an focal “víreas” a úsáid le HIV; athluaitheachas atá ann, mar is é an ciall atá le HIV i mBéarla ná “Human Immunodeficiency Virus” (nó “víreas easpa imdhíonachta daonna” (VEIF) i nGaeilge).