‘Nár thaga maoile ar a faobhar a fhad is atá namhaid don Ghaeilge thuas…’

Cothrom na seachtaine seo 130 bliain ó shin a foilsíodh An Claidheamh Soluis den chéad uair. Seo, i gcomhar le Conradh na Gaeige, leathanach tosaigh an chéad eagráin, mar a fógraíodh an iris nua a bheith ar an saol agus biseach a bheith ar an bPápa

‘Nár thaga maoile ar a faobhar a fhad is atá namhaid don Ghaeilge thuas…’

Tá dhá thréith ag an gClaidheamh seo — faobhar agus solas. Teastaíonn an faobhar ón dream a bheir fuath don Ghaeilge. Tuigeann an dream sin gurb í an Ghaeilge anam na hÉireann, agus má imíonn an Ghaeilge nach Éire is ceart a thabhairt uirthi feasta ach Sasana Thiar. Bhí lá nár bheag leo cead a gcinn a thabhairt do mhuintir na hÉireann agus go mór mór do mhuintir na Gaeilge, óir níorbh fhearr leo díth ná milleadh dá bhféadfaidís féin a imirt ar Éirinn ná an díth agus an milleadh a bhí á n-imirt uirthi ag a clann féin. Bhí an scéal go sásta acu. Thit an suan orthu. Nuair a dúisíodh iad, níorbh é an scéal céanna acu é. Bhí anam na hÉireann ina dhúiseacht rompu. Tá siad ar buile le tamall, agus ar nós daoine buile, tá gach ainm is measa ná a chéile á thabhairt ar an nGaeilge. Sin mar is fearr linn an scéal, lucht oilc agus aineolais a bheith inár n-aghaidh, agus iad ar deargbhuile. Teastaíonn faobhar uathu.

Tá dream eile ann. Dream fuarthe. Dream atá idir breac agus riabhach, mar a bhíonn na loscanna san fhómhar. Dream na leimhe agus na lagbhrí. Easpa eolais atá orthusan. Déanfaidh an Claidheamh seo solas dóibh agus déanfaidh an solas eolas dóibh. Cuirfidh sé ar an tslí dhíreach iad. 

Tá an tríú dream ann. An dream ag a bhfuil an Claidheamh seo ina lámh. Is iad atá ar an dream sin, muintir na Gaeilge agus muintir Chonradh na Gaeilge go háirithe. Is maith is eol do shliocht bhur sinsear an Claidheamh a imirt, an faobhar a dhíriú, agus an solas a leathadh. Seo daoibh an Claidheamh, más ea. Nár thaga maoile ar a faobhar a fhad is atá namhaid don Ghaeilge thuas. Nár thaga smúid ar a sholas a fhad is atá mac nó iníon de Chlanna Gael nach léir dóibh mórmhaitheas na Gaeilge. 

Cúrsaí an tSaoil

Thar Lear

Beidh áthas ar gach Caitliceach ar fud an domhain a chlos go bhfuil an Pápa ag dul i bhfeabhas. Bhí sé i mbaol báis ó othras a bhris amach ar a chromán, agus b’éigean don lia Leapóini an phúir seo a ghearradh. Feicfear gur chontúirteach an gnó é seo, mar tá an Pápa oirirc, oirní, an-aosta — tá sé deich agus ceithre fichid. Bhí cradhscal ar an lia an biorán suain a chur ann ar eagla nach mbeadh croí an tseanduine shéimh láidir a dhóthain chun é a fhulaingt. 

Is é saghas bioráin suain atá ag na dochtúirí anois, clóraform a shúitear suas trí shrón an easláin agus tagann sámhchodladh air, i gcás nach mothaíonn sé an scian ghéar ag gabháil dó. 

Is é an chuma go ndéantar an clóraform seo, measctar aol, uisce, brí-aol, agus alcól lena chéile, cuirtear i gcupán mór gloine iad, cuirtear lasair galghuail fúthu go mbíonn siad ar fiuchadh, agus scaoiltear gal an bheirithe trí sheacht dtroithe ar fad de phíoba isteach go gloine eile. Bíonn ceann an phíopa ina lúbadh, báite in uisce, i gcás go mbíonn an gal fuar sula shroicheann sé an ghloine mar a sileann sé ina dheora síos inti. Sin é an clóraform. 

Dhéanfá uisce arís ar an gcuma chéanna as an ngal a bhrúchtann as srón an choire bhig nó an chitil atá ina suí go minic ag fiuchadh ar chlár an tinteáin i gcomhar an tae a dhéanamh.

Faoi mar a dúrt thuas, bhí faitíos ar an lia an clóraform a thabhairt don Phápa le heagla nach músclódh sé go brách as a shuan; agus dá dheasca sin b’éigean d’Athair oirirc na gCreidmheach faobhar na scine a fhulaingt ar feadh uair an chloig.

Tá sé ag teacht chuige féin anois agus ní hiad amháin na Caitlicigh a mbeidh lúcháir orthu, ach gach fear dea-chroíoch ar fud an tsaoil, mar tá Pápa Leo faoi urraim mhór mar gheall ar a léann, a intinn, a shéimhe, agus a charthanacht. Go bhfága Dia i bhfad suas é. 

Fág freagra ar '‘Nár thaga maoile ar a faobhar a fhad is atá namhaid don Ghaeilge thuas…’'