Is maith le húinéir an ionaid aclaíochta a mbím ag traenáil ann ceol reggae. Ar a laghad uair nó dhó gach seachtain bíonn amhrán clúiteach Bob Marley No Woman, No Cry ar siúl, agus tagann náire an domhain orm gach uair a chasann Bob an curfá. Chuile uair beo cuireann na ceithre fhocal sin, ‘no woman, no cry’, botún do-mhaite scríbhneoireachta a bhí mé ar tí a dhéanamh i gcuimhne dom.
Thart ar bhliain ó shin, bhí radharc úrscéil idir lámha agam ina raibh duine de na príomhcharachtair, fear, in ísle brí toisc go raibh achrann á chothú ina shaol ag bean.
Tharla gur ar thrá a bhí an radharc sin suite agus go raibh cur síos déanta agam cheana féin, i radharc eile roimhe sin, ar bheár ar an trá sin a mbíodh bratach agus aghaidh Bob Marley clóite uirthi ar foluain ann. Shíl mé go mbeadh sé go deas dá mbeadh No Woman, No Cry ar siúl sa chúlra sa bheár sin, sa radharc a bhí idir lámha agam, agus mo phríomhcharachtar ag siúl thairis agus é i mbun machnaimh faoina shaol grá achrannach.
Bhí an radharc ar fad oibrithe amach i mo cheann agam agus moladh mór á thabhairt dom féin agam faoin idirthéacsúlacht chliste a chothóinn faoin am ar rith sé liom nár mhiste, b’fhéidir, rud beag taighde a dhéanamh faoi amhrán Bob Marley. Ba bheag nár thosaigh mé féin ag caoineadh nuair a fuair mé amach nach macasamhail ‘gan bhean, gan chúis ghoil’ is brí le teideal an amhráin sin ar chor ar bith. I mBéarla Iamáice is ‘ná caoin, a bhean’ is ciall le ‘no woman, no cry’.
Ní gá a rá, ar ndóigh, gur fhág mé No Woman, No Cry amach as an radharc sin. Ní hamháin sin, ach tar éis dom níos mó machnaimh a dhéanamh faoin gceist, rinne mé cinneadh go seachnóinn tagairtí do liricí agus leabhair scríbhneoirí eile oiread agus is féidir amach anseo.
Sa chéad dul síos, mar is léir ón sampla thuas, ní mór do scríbhneoir a bheith céad agus a deich faoin gcéad cinnte faoi bhrí sliocht a mbeadh sé ar intinn aige tagairt a dhéanamh dó. Beidh air taighde a dhéanamh a ghlacfaidh am, agus gach seans nach fiú an tairbhe an trioblóid.
Sa dara dul síos, agus tagairt á déanamh ag scríbhneoir amháin do shaothar scríbhneora eile, d’fhéadfadh an chuma a theacht ar an saothar ina bhfuil an tagairt go bhfuil an t-údar ag déanamh gaisce: ‘breathnaigh an méid leabhar atá léite agamsa!’
Sa tríú dul síos, tá an seans ann i gcónaí nach dtuigfidh an léitheoir pé idirthéacsúlacht chaolchúiseach atá an scríbhneoir ag iarraidh a chruthú a bheag nó a mhór. Shamhlóinn gur beag duine nár chuala No Woman, No Cry ar a laghad uair amháin ina saol, ach ní féidir talamh slán a dhéanamh de go mbeadh pé saothar a mbeadh tagairt á déanamh ag scríbhneoir dó léite ag chuile léitheoir a léifidh an saothar atá idir lámha aige féin.
Sa cheathrú dul síos, agus tagairt á déanamh ag scríbhneoir do shaothar scríbhneora eile, tugann sé cic sa tóin don léitheoir amach as domhan a scéil féin. Ní in Iamáice a bhí an radharc a bhí á scríobh agamsa lonnaithe, ach is ann a ghabhfadh aigne an léitheora a luaithe is a thiocfadh sé ar an liric a bhí mise ar tí a chur isteach sa téacs. Ar feadh soicind amháin, dhúiseofaí an léitheoir as an rud ar a dtugtar ‘an bhrionglóid fhicseanúil’ agus sin é an rud is mó, b’fhéidir, ba chóir do scríbhneoirí ficsin a sheachaint.
Fág freagra ar '‘No Woman, No Cry’ – ní mór do scríbhneoir a bheith 110% cinnte faoi fhocail daoine eile'