‘No Egos No Divas’ – glúin óg filí Gaeilge faoi agallamh i gclár nua ar BBC Radio 4

Labhair Tuairisc.ie le Louis de Paor, láithreoir cláir nua ina gcuirfear faoi agallamh seachtar filí Gaeilge

‘No Egos No Divas’ – glúin óg filí Gaeilge faoi agallamh i gclár nua ar BBC Radio 4

Craolfar clár raidió nua, No Egos No Divas: New Poets, ar BBC Radio 4 an Domhnach beag seo, mar a mbeidh seachtar de ghlúin úr filí Gaeilge faoi agallamh ag an fhile aitheanta Louis de Paor.

Is iad Aifric Mac Aodha, Marcus Mac Conghail, Caitlín Nic Íomhair, Ailbhe Ní Ghearbhuigh, Simon Ó Faoláin, Doireann Ní Ghríofa agus Séamus Barra Ó Súilleabháin na filí a bheidh le cloisteáil ar an chlár, roinnt acu ar foilsíodh saothar leo sa leabhar Calling Cards anuraidh.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt láithreoir an chláir Louis de Paor, go dtagann teideal an chláir “go mór leis an saghas caidrimh atá i measc na bhfilí óga ar fad”.

“Comhluadar is ea iad, grúpa is ea iad a bhíonn ag faire amach dá chéile agus ag obair i dteannta a chéile. Ní hé sin an rud a shamhlaítear le filí i gcónaí,” a dúirt sé.

Dúirt de Paor gurb é an cathú is mó a bhí air ná nach raibh an deis ann labhairt “leis na filí ar fad atá ag saothrú ag leibhéal an-ard sa Ghaeilge.”

“Seachtar a cuireadh faoi agallamh ach tá ar a laghad dosaen filí arbh fhiú i gcónaí éisteacht leo nó a gcuid saothair a léamh. Is an-dea-chomhartha é sin ar cé chomh sláintiúil is atá saothrú filíochta na Gaeilge fé láthair,” arsa de Paor.

Pléifear sa chlár gnéithe éagsúla de shaothrú na filíochta, ina measc an deis a bhíonn ag filí óga an lae inniu a gcuid saothair a chur i láthair lucht éisteachta.

“Tá cúinne na filíochta i bhfad níos cúinge ná mar a bhí 30-40 bliain ó shin, is dóigh liom. Níl ardáin ag filí sna háiteanna a mbídís go traidisiúnta; ar na meáin nó ag féilte ealaíon ach tá ardáin nua ann ag imeachtaí ar nós Reic i mBaile Átha Cliath, Ó Bhéal i gCorcaigh, Over the Edge anseo sa Ghaillimh.

“Is áiteanna iad sin a mbíonn filíocht agus ceol á meascadh le chéile, a mbíonn rap, greann agus slámanna filíochta á dtarraingt le chéile. Tá deis i bhfad níos mó anois ag filí óga dul i bhfeidhm ar chluas lucht éisteachta ná mar a bhíonn acu dul i bhfeidhm ar shúil léitheoirí in irisí agus is athrú an-mhór é sin,” a dúirt de Paor.

Dúirt láithreoir No Egos No Divas: New Poets go seasann sé le réasún go mbeadh ag éirí le filí óga na Gaeilge ar na hardáin nua seo toisc gur “ealaín chluaise agus ealaín ó bhéal atá sa traidisiún filíochta Gaeilge”.

“Má théann tú siar chuig filí INNTI fiú amháin, b’fhéidir gurbh é an áit is fearr a d’éirigh leosan agus iad ag tosnú amach ná ar na hardáin chéanna sin; in amharclanna, i bpubanna, ar thaobh na sráide fiú.”

Is athrú é seo atá ag tarlú i dtíortha eile, dar le de Paor. 

“Tá borradh neamhchoitianta fé chúrsaí filíochta sa Bhreatain Bheag le tamall de bhlianta anuas. Ní hé sin le rá go bhfuil leabhair á ndíol ach tá tóir ar fhilí ar nós Kate Tempest a bhíonn ag díriú ar an gcluais, b’fhéidir, seachas ar an tsúil. Bhí an traidisiún sin riamh sa Ghaeilge agus luíonn sé le réasún go mbeadh na filí nua Gaeilge i dtiúin leis an ngné nua sin thairis mar a bheadh a macasamhla sa Bhéarla.

“Tá sé soiléir ó na freagraí a tháinig ó na filí go dtuigeann siad féin an bua fé leith a bhaineann leis an nGaeilge sa chomhthéacs áirithe seo,” a dúirt Louis de Paor, láithreoir an chláir.

– Craolfar No Egos No Divas: New Poets in Irish ar BBC Radio 4 Dé Domhnaigh, 27 Iúil ag 4.30pm

Fág freagra ar '‘No Egos No Divas’ – glúin óg filí Gaeilge faoi agallamh i gclár nua ar BBC Radio 4'