Níos mó i gceist leis an Súmó ná beirt bhodachaí móra a scaoileadh amach ar mhata chun troda…

Tá an Súmó chomh lárnach céanna i gcultúr agus i dtraidisiúin na Seapáine agus atá an sean-nós s’againn féin

Níos mó i gceist leis an Súmó ná beirt bhodachaí móra a scaoileadh amach ar mhata chun troda…

Ba cheart go mbeadh a fhios agam is dóigh go bhfuil níos mó i gceist leis an iomrascáil súmó seo ná beirt bhodachaí a bhíonn leath-thonna meáchain an duine a scaoileadh amach ar mhata agus cead acu a bheith ag brú, ag tarraingt agus ag priocadh a chéile go n-éiríonn le duine acu an ruaig a chur ar an gceann eile.

Ní hé go bhfuil an fhaid sin caite agam ag breathnú air – corr-shracfhéachaint ar an teilifís anois agus arís agus mé ag  súil thar aon rud eile go n-éireodh le hiomaitheoir amháin an clúidín a tharraingt dá chéile comhraic. Ní fhaca mé a leithéid – go dtí seo ar aon nós. An ceangal a tharraingt dá phónaí gruaige an rud ba ghaire dó a chonaic mé.

Ach tá sé in am éirí as an bhfiodmhagadh. Tá an súmó chomh lárnach céanna i gcultúr agus i dtraidisiúin na Seapáine agus atá an sean-nós s’againn féin. Dá gcloisfinn eachtrannach ag fonóid faoi sin b’fhurasta cur chugam. ‘An té a bhíonn ag magadh, bíonn a leath faoi fhéin,’ a deir siad.

Deasghnáth a bhain le teampaill agus atá suas le dhá mhíle bliain d’aois is bunús don súmó. Chomh maith le bheith ina spórt, is searmanas é a thugann léargas agus a dhéanann ceangal leis an am atá caite.

Mar spórt déantar é a chleachtadh go proifisiúnta agus ar an mbonn amaitéarach sa tSeapáin agus tá rialacha thar a bheith daingean le comhlíonadh acu siúd a bhíonn ag iarraidh slí bheatha a bhaint as.

Foghlaimíonn an t-iomrascálaí súmó gairmiúil a cheird i gceann de na 45 ionad traenála atá sa tír agus a bhfuil ‘máistir stábla’ i gceannas ar gach ceann acu.

Ní bréag stáblaí a thabhairt orthu ach an oiread mar go mbíonn an córas a bhíonn i bhfeidhm iontu chomh dian leis an gcaoi a dtraenáiltear capaill sa tír seo agus i dtíortha eile.

Bíonn printísigh an tsúmó ina gcónaí in aon áras lena máistir agus lena gcomhghleacaithe. Ní mór dóibh a bheith gléasta i bhfeisteas traidisiúnta gach uair a gcuireann siad a gcos taobh amuigh den doras. I mbun comhrá dóibh, ní mór labhairt go ciúin umhal agus ní mór dóibh glacadh leis an mbua agus leis an teip ar an dul céanna.

Tá oiread sin measa ar an iomrascálaí súmó agus gur minic leis an bpobal umhlú dó agus é ag siúl na sráide.

Sa stábla déanann siad ar fad réiteach orthu féin idir chócaireacht agus obair eile an tí. Itheann siad an t-uafás agus cé is moite den achar a bhíonn siad ag foghlaim agus ag cleachtadh is ina gcodladh a chaitheann siad an chuid eile den lá. Bíonn siad ina suí le breacadh an lae agus gafa chun leapan go luath.

Thart ar 650 iomrascálaí ar fad atá sna 45 stábla agus leathdhosaen sraith sa gcomórtas ina mbíonn siad i mbun iomaíochta ar fud na tíre – iad grádaithe mar a bhíonn  Sraithchomórtas peile nó iománaíochta Allianz nó sacar Shasana.

Ní fhaigheann siad siúd atá sna ceithre roinn is íochtaraí pingin rua agus tharlódh go mbeadh duine ag plé leis an gceird ar feadh trí nó ceathair de bhlianta sula n-éireodh leis saothrú ar bith a dhéanamh.

Bíonn pá maith acu siúd a shroicheann an caighdeán – tuairim €2,500 sa tseachtain i Roinn 2 agus suas le €12,000 sa tseachtain sa roinn is airde.

Is acu siúd atá sa dá roinn is uachtaraí amháin atá cead pósta agus cead cónaithe taobh amuigh den stábla. Is dóibhsean amháin freisin a cheadaítear teileafóin phóca. Ní ligtear mná isteach sna stáblaí agus má thiteann iomrascálaí pósta anuas ó Roinn 2 go dtí Roinn 3, ní mór dó a bhean agus a chlann a fhágáil agus filleadh ar an stábla.

Is fíor go gcleachtann mná an spórt ach déanann siad sin mar amaitéaraigh. Níl aon chead isteach acu ar an mata gairmiúil (an dohyȯ) ná fiú lámh a leagan air.

Is cuma cén roinn ina mbíonn siad, ní thugtar aon cead tiomána don iomrascálaí súmó – fágann na boilg a bhíonn orthu gur ar éigean a bheadh ar a gcumas an roth stiúrtha a shroicheadh ar aon nós – ach bíonn tiománaithe ag an gcuid is fearr acu.

Níl an greim céanna agus a bhíodh ag na Seapánaigh ar an leibhéal is airde ar fad sa spórt – an tArdseaimpín. Nó go ndearna fear darbh ainm Kisenosato an gaisce i mí Eanáir seo caite ní raibh aon Ardseaimpín Seapánach ann le beagnach scór bliain.

Idir an dá linn tá dul chun cinn as cuimse déanta ag an líon beag de mhuintir na Mongóile atá sa tír. Níl ach tuairim is 4,000 acu siúd ar fad sa tSeapáin – a mbunáite tagtha mar scoláirí ollscoile – ach ag tús na bliana seo, ba Mhongólaigh iad triúr den cheathrar a raibh an gradam ab airde sa Súmó bainte amach acu.

Anois níl ann ach triúr, mar i lár na míosa seo caite, ní raibh de rogha ag duine acu ach éirí as mar gur bhuail sé iomrascálaí eile de bhuidéal i dteach tábhairne.

Le blianta beaga tá caint ar shocrú a bheith déanta roimh ré faoi bhuaiteoir troideanna agus luaidreáin ann faoi chaimiléireacht a bhain le gealltóireacht.

Tá coiriúlacht an 21ú haois le fáil fiú sna cúinní is ársa, de réir cosúlachta.

Fág freagra ar 'Níos mó i gceist leis an Súmó ná beirt bhodachaí móra a scaoileadh amach ar mhata chun troda…'

  • nora

    Meas tú an ngabhfadh roinn de bhodachaí móra Chonamara leis an gceird seo de sheans?