Níos mó ag teastáil ó Shasana ná beagán draíochta ó Bellingham in aghaidh na hEilvéise

Casfaidh an Tuirc agus an Ísiltír ar a chéile anocht i mBeirlín sa chluiche ceathrú ceannais deireanach

Níos mó ag teastáil ó Shasana ná beagán draíochta ó Bellingham in aghaidh na hEilvéise

Tar éis do chúl iontach Jude Bellingham Sasana a shábháil i gcoinne na Slóivéine sa bhabhta deireanach, beidh an bainisteoir Gareth Southgate ag súil go dtabharfaidh an dara seans atá faighte ag an bhfoireann fuinneamh breise do na himreoirí.

Cinnte ba cheart go mbeadh Bellingham gríosaithe agus freagra tugtha aige ar lucht cáinte na foirne ach beidh níos mó ag teastáil má tá Sasana chun rudaí a chur ina gceart sa Ghearmáin. Agus ceithre chluiche imeartha ag na Sasanaigh, is léir do chách céard atá ag cur as don fhoireann ach ní fios an bhfuil sé de chumas nó de mhisneach ag Southgate na hathruithe atá de dhíth a dhéanamh.

Ba mhór an cúnamh a bheadh ann dá mbeadh Luke Shaw in ann imirt agus bhí imreoir Manchester United ag traenáil i rith na seachtaine ach is bocht an scéal é más é Luke Shaw a theastaíonn chun tú a shlánú agus léiriú eile é ar amaidí Southgate gan ach cúlaí ar chlé amháin a roghnú sa scuad.

Beidh ar Southgate athrú amháin ar a laghad a dhéanamh agus an cúlaí láir Marc Guéhi leonta ach níor cheart go gcuirfeadh sé as rómhór don fhoireann Ezri Konsa a thabhairt isteach ina áit.

Tá taispeántais na hEilvéise sa chomórtas seo tar éis dul i gcion ar dhaoine. Chuir siad deireadh le ré na hIodáile mar churaidh sa bhabhta deireanach le bua 2-0 agus foireann láidir, atá leagtha amach go maith, atá curtha le chéile ag Murat Yakin.

Suimiúil go leor, seachtar difriúil atá tar éis na seacht gcúl atá aimsithe ag an Eilvéis sa Ghearmáin a scóráil, rud a léiríonn nach bhfuileadar ag brath rómhór ar aon imreoir amháin chun an sprioc a aimsiú. É sin ráite, bíonn an-tionchar ag Granit Xhaka i lár na páirce agus ag Manuel Akanki i lár na cosanta ar imirt na foirne.

Bíonn sé deacair ag foirne deiseanna a chruthú i gcoinne na hEilvéise agus na hEilvéisigh ag cur a gcéilí comhraic faoi bhrú amuigh faoin bpáirc ach cúl báire maith é Yann Sommer freisin, fiú má theipeann ar an gcosaint an freasúra a stopadh.

D’fhéadfadh Sasana teacht slán tráthnóna ach ní ligfear tada éasca leo agus ní féidir brath ar ruainne draíochta ó leithéidí Jude Bellingham i gcónaí.

Bhí údar mór ceiliúrtha ag an Tuirc tar éis dóibh an Ostair a shárú i gcluiche taitneamhach sa bhabhta deireanach ach tá buille mór buailte ar an bhfoireann agus laoch na hoíche sin, Merih Demiral, an cosantóir a scóráil an dá chúl don Tuirc, ar iarraidh anocht don chluiche ceathrú ceannais i gcoinne na hÍsiltíre.

Tá Demiral curtha ar fionraí ar feadh dhá chluiche ag UEFA tar éis dó comhartha a dhéanamh agus é ag ceiliúradh an dara cúl aigesean i gcoinne na hOstaire, comhartha a aithnítear mar chomhartha aitheantais ag grúpa atá ar an eite fhíordheis sa Tuirc.

Cailliúint mhór a bheidh ann don Tuirc, arb í cosaint na foirne a chinntigh gur tháinig siad slán i gcoinne na hOstaire. Bhí tionchar nach beag ag an gcúl báire Mert Günok ar an toradh freisin, ar ndóigh, agus sábháil mhíorúilteach déanta aige in am cúitimh chun iarracht ó Christoph Baumgartner a choinneáil amach.

Bhí na Turcaigh spíonta ag deireadh an chluiche sin oíche Dé Máirt agus ní fios an mbeidh siad tagtha chucu féin don chluiche seo i gcoinne na hÍsiltíre. Tá dea-scéal amháin acu, beidh captaen na foirne Hakan Çalhanoğlu ar fáil arís tar éis dó cluiche na hOstaire a chailliúint agus ar ndóigh beidh an staid i mBeirlín lán le lucht tacaíochta na Tuirce chun an fhoireann a spreagadh tuilleadh.

Tá sé deacair tuar a dhéanamh faoin mbail a bheidh ar fhoireann na hÍsiltíre a bheidh roimh an Tuirc anocht. Scaoil na hÍsiltírigh trí chúl isteach i gcoinne na hOstaire sa chluiche deireanach acu sa ghrúpa ach bhuadar 3-0 i gcoinne na Rómáine ansin níos luaithe an tseachtain seo.

Cinnte, ní hí foireann na Rómáine an ceann ba láidre sa chomórtas ach bhí leithéidí Cody Gakpo Liverpool, Xavi Simons agus Tijjani Reijnders an-mhaith don Ísiltír.

Ba é Gakpo agus Donyell Malen, a tháinig isteach mar ionadaí agus a d’aimsigh péire, a fuair na cúil don Ísiltír agus d’fhéadfadh Malen áit a fháil ar an bhfoireann ón tús anocht in áit Steven Bergwijn.

D’fhéadfadh go bhfuil rudaí ag teacht ina chéile don Ísiltír ag an am ceart ach déarfainn go dteastóidh an taispeántas is fearr ar fad dá gcuid sa gcomórtas uathu anocht chun an Tuirc a chloí.

Fág freagra ar 'Níos mó ag teastáil ó Shasana ná beagán draíochta ó Bellingham in aghaidh na hEilvéise'