Níorbh fhiú an tairbhe an troid bhréige féin idir Fianna Fáil agus Fine Gael an iarraidh seo

DIALANN UÍ MHUIRÍ: Martin agus Varadkar; daoine dalba sna Sé Chontae Leath-Occupyáilte; cat dubh; agus Samhain gan spraoi

Níorbh fhiú an tairbhe an troid bhréige féin idir Fianna Fáil agus Fine Gael an iarraidh seo

Bíonn troid bhréige ag an Ord Bhuí sa Tuaisceart gach aon bhliain mar chuid dá gcomóradh ar chath na Bóinne. Is é rud atá i gceist go mbíonn ‘troid’ idir an Rí Billy agus Séamus; gléasann beirt fhear faoi éadaí na ríthe agus tugann faoina chéile le claimhte adhmaid. Níl amhras ar bith ann cé a bhainfeas – Billy – agus, ar an ábhar sin, troid bhréige atá ann. Tá an margadh déanta roimh ré.

Troid bhréige atá ar siúl idir Fianna Fáil agus Fine Gael le blianta anois; is é an difear is mó idir a gcleachtas agus cleachtas na bhFear Buí gur troid bhréige laethúil a bhíonn ag na páirtithe, troid nach mbíonn fonn orthu deireadh a chur léi. A mhalairt. Fóireann an troid bhréige go breá don dá pháirtí. Tá a margadh déanta agus ní bhíonn i gceist leis na focail ghéara agus an gheáitsíocht phoiblí (anois agus arís) ach cuid den tseó, iarracht lag le tabhairt le fios do vótóirí dílse gur dhá pháirtí dhifriúla go fóill iad.

In amanna, ní fiú leo an troid bhréige féin. Chonacthas é sin agus an raic faoi Leo Varadkar agus an cháipéis faoi rún, scéal a nocht an iris Village an tseachtain seo caite. Tá daoine ag cogaint ar scéal chonradh na ndochtúirí, cúrsaí eitice agus dlí ó shin agus a mbarúil féin acu ar an iaróg.

Ach is é rud is mó a ritheann leat a ghaiste agus a bhí an Taoiseach (reatha), Micheál Martin, réidh le fiacha an Taoisigh (atá le teacht), Leo Varadkar, a mhaitheamh. Bhí Martin le léamh ar an tsuíomh seo, á rá, go raibh “muinín” aige as Varadkar, bíodh is nach “dea-chleachtas” a bhí ann an dréachtchonradh le Ceardchumann Dochtúirí na hÉireann (IMO) a thabhairt ar láimh do chara dá chuid:

“Nuair a fiafraíodh de inniu an raibh muinín aige as an Tánaiste, dúirt Micheál Martin, “Tá. Sea, agus níl aon amhras orm faoin mbealach atáimid ag obair lena chéile.”

Bhí Martin ag caint lá sular labhair Varadkar féin sa Dáil ach bhí a fhios aige cad é a bhí le rá ag Varadkar agus d’admhaigh an Taoiseach (atá le teacht) go raibh “botún” déanta aige agus sin a raibh de. Thuigfeá as sin, gan amhras, gur chaith an bheirt agus baill shinsearacha an dá pháirtí neart ama le chéile agus iad ag caint ar impleachtaí an scéil agus ar an bhealach ab fhearr lena láimhseáil. Mar sin féin, nach iontach nach raibh fonn ar Martin an brú ba lú a chur ar Varadkar faoin scéal? Lig sé an lá leis mar gur thuig sé, agus mar a thuig Varadkar, nárbh fhiú ceisteanna casta eitice agus “Déan mar a deirim, ní mar a dhéanaim” a mhúscailt i measc vótóirí.

Níorbh fhiú an tairbhe an troid bhréige féin an iarraidh seo. Tá siad ag obair le chéile, an dtuigeann tú. Níl Billy ná Séamus ag iarraidh a ríocht a chailleadh.

Daoine dalba sna Sé Chontae Leath-Occupyáilte

Tuairisc eile ó bhealtaí cadránta na Sé Chontae Leath-Occupyáilte. Tá carr a bhfuil uimhirphláta ‘M’ i gcarrchlós an ionaid áitiúil siopadóireachta. Ní chuireann sé iontas orm; tá muid faoi 45 nóiméad de theorainn Mhuineacháin. Leoga, lá den tsaol, nuair a bhí an t-airgead ar a dtugtaí “punt” ann, ba i Muineachán a dhéanainn féin an tsiopadóireacht sheachtainiúil nó puntaí a fuair mé féin mar thuarastal. (Sea, seo is seanfheimineach ann!)

Ag tiomáint abhaile, feicim carr a bhfuil D air, i gclós tí. An lá dár gcionn ar an bhealach go Béal Feirste, carr as an Chabhán a théann thar bráid. Tagann beirt bhan as carr sa chlós sa chathair. ‘D’ atá ar uimhirphláta charr s’acusan. Labhraim gan choinne leo: “You ran the blockade succesfully.” Tá sceon ina súile – agus ní ag déanamh áibhéile atá mé. Sceon. Caochaim súil leo; déanann siad gáire agus ritheann i dtreo na siopaí atá séanta orthu sa bhaile.

Tá daoine ag éirí dalba.

Cat dubh

Ní duine pisreogach tú; tá céim ollscoile agat agus droim láimhe tugtha agat le pisreoga do shinsear. (Bhuel, diomaite de phisreog na teanga seo againne.) Amuigh ar an rothar, tugann cat dubh amharc iomlatach orm. “Cat dubh,” a deirim liom féin, “sin droch-chomhartha.” Ansin: “Arú, bíodh ciall agat; cat is ea cat.”

Cúig bhomaite ina dhiaidh sin, ar an bhealach síos chun an locha, polltar an roth cúil go tobann. Tá an damáiste chomh mór sin go bhfuil an bonn scriosta ar fad. Ní fiú tiúb nua féin. Mar bharr ar an donas, níl duine ná deoraí thart le síob abhaile a thabhairt dom. Caithfidh mé an rothar a iompar chun tí – dhá mhíle a bheag nó a mhór.

Mííííí-áááááádhhhh, go díreach.

Samhain gan spraoi

Tháinig an tSamhain ach níor tháinig na páistí ar lorg na milseán i mbliana. Is ait an mac an saol. Baineann páistí faoi mhasc gáire asainn agus cuireann daoine fásta gan mhasc scanrú orainn. Masc agus masc eile.

Fág freagra ar 'Níorbh fhiú an tairbhe an troid bhréige féin idir Fianna Fáil agus Fine Gael an iarraidh seo'