Sé cinn de ghradaim Oscar – níos mó ná aon stiúrthóir scannáin eile – a bhuaigh John Ford, ach d’fhéadfadh saol iomlán difriúil, agus i bhfad níos giorra, b’fhéidir, a bheith caite aige dá mbeadh toradh eile ar scliúchas idir é féin agus na Black and Tans i nGaillimh.
Déanfar ceiliúradh i gCois Fharraige ag an deireadh seachtaine ar an stiúrthóir mór le rá ag an bhféile nua, Féile John Ford. Chomh maith le léirithe de chuid de na scannáin is mó cáil a rinne sé, The Quiet Man, The Searchers agus The Rising of the Moon ina measc, pléifear an cion a bhí ag Ford ar Chonamara, fód dúchais a thuismitheoirí, dá mhuintir agus don Ghaeilge.
I gclár speisialta a craoladh go luath i ndiaidh bhás Ford in 1973, rinne col ceathrair leis, Máirtín Ned Mháire Ó Féinneadha, cur síos ar eachtra spleodrach a tharla le linn na chéad chuairte ag Ford ar Ghaillimh in 1920.
Thóg sé tamaillín ar Ford an sliocht ceart de mhuintir Uí Fhéinneadha a aimsiú ar an mbaile ach d’aimsigh sé a mhuintir ar an Tuar Beag faoi dheireadh. Is ar an turas ar ais go dtí a lóistín i nGaillimh a thosaigh trioblóidí Ford, áfach, mar a mhínigh a chol ceathrair sa gclár.
“Bhí an t-am an-chorrach ag an am, bhí na Dúchrónaigh, na Tans [timpeall]. Ag dul thar dhroichead an Chladaigh a bhí siad ansin nuair a stopadh iad,” a dúirt Máirtín Ned Mháire.

“Níor thug sé sásamh ar bith dóibh, dar le Mike Tierney a bhí á thiomáint, ach is dóigh gur thóg siad amach as an gcarr iad agus gur bhuail siad gleadhradh breá ar an mbeirt acu.
“Sílim gur in Óstán an Bhóthair Iarainn, an Railway Hotel, a bhíodar ag fanacht ach níor stopadar, chuadar díreach glan go Bleá Cliath más ar plane nó ar bhád a cuireadh chun bealaigh é.”
Dúradh go raibh Ford go mór ar son saoirse na tíre ag an am agus cé go raibh cúrsaí ciúnaithe síos faoin am gur fhill sé ar Chonamara, ba mhinic dó trácht ar an oíche gur thug sé faoi na Black and Tans.
“Nuair a tháinig sé arís, dá dtiocfadh sé chuile bhliain nó chuile leathbhliain, ní stopadh sé ach ag caint ar an oíche a bhuail sé féin agus na Dúchrónaigh gleadhradh ar a chéile…D’fhéadfadh siad é a chaitheamh ach is dóigh nár mhaith leo é sin a dhéanamh mar gur Phoncánach a bhí ann agus go dtarraingeodh sé trioblóid orthu féin ach sin an chaoi a ndeachaigh an chuairt sin.”
An craoltóir aitheanta Maidhc P Ó Conaola a rinne an clár sin do Raidió na Gaeltachta. Cuireadh Tiarna Chill Aithnín, Michael Morris, agus an dornálaí Máirtín Thornton, a raibh páirt aige i The Quiet Man, faoi agallamh sa gclár chomh maith agus cuimhní cinn acu ar Ford agus an chéad uair gur tháinig Hollywood go Conamara.
Labhair Thornton, a bhí mar ‘stand-in’ ag John Wayne, ar thaifeadadh na mbabhtaí troda don scannán agus ar na píosaí cainte a dhéanadh Ford leis i nGaeilge.
“D’iarradh sé ormsa ‘Tabhair leadóg eile dó, a Mháirtín. Tabhair leadóg eile dó,’ nuair a bheinn ag dornálaíocht. ‘Ciotóg eile, a Mháirtín!’ Bhíodh sé á rá sin nuair a bhíodh an troid ar bun i gConga.”
Mar chuid d’Fhéile John Ford, a bheidh ar siúl ón Aoine go dtí an Domhnach ar an Spidéal, beidh Maidhc P Ó Conaola páirteach i seisiún plé ina gcuirfear síos ar cheangal Ford leis an gceantar agus ar stair na himirce ó Chois Fharraige go Portland, Maine in oirthuaisceart Mheiriceá, turas a rinne beirt tuismitheoirí Ford.
Ar na daoine a bheidh in éineacht le Ó Conaola, beidh Seán Ó Coistealbha, Seán Ó Neachtain, Seán Ó hÉanaigh agus Michael Connolly, chomh maith le Fil Uí Dhubhghaill, ar tugadh a máthair Nóra go Conga chun an méid a bhí le rá i nGaeilge ag Maureen O’Hara i The Quiet Man a mhúineadh di.
Chomh maith le míreanna ón gclár raidió, beidh míreanna le feiceáil chomh maith ó agallamh a rinne Nóra Uí Chualáin leis an scoláire Kenneth Nilsen roinnt blianta ó shin faoin gcaoi gur thug Ford, col cúigear léi, an cúram di treoir a thabhairt do O’Hara.
“Dúirt sé go raibh Maureen O’Hara aige anall as Meiriceá agus go raibh sí chun tógáil faoistine i nGaeilge agus go mba mhaith leis mise dul in éineacht leis go Conga san áit go raibh an film á dhéanamh le go mbeinn in ann é a rá le Maureen O’Hara,” a mhínigh sí.

“Ní raibh ann ach cúpla focal agus b’éigean dom sé seachtaine a chaitheamh thiar. Dhiúltaigh mé ar dtús dó. Dúirt mé nach dtiocfainn mar bhí mé ró-chúthail agus ní raibh aon Bhéarla agam le coinneáil leis na Yanks.”
Ghéill Nóra faoi dheireadh nuair a dúirt Ford go bhféadfadh sí beirt chairde a thabhairt léi agus thabharfadh carr an triúr suas agus anuas chuile lá.
Ní hamháin gur thug Nóra na focail do Maureen O’Hara ach thug sí cuid dá feisteas di chomh maith. Is ó Nóra a tháinig an seál a chaith O’Hara sa scannán, seál a bheidh le taispeáint le linn na féile, ach ní shin amháin a bhí ag teastáil ó Ford.
“Bhí sé ag iarraidh báinín, bhí báinín ag mo dhaide, agus treabhsar ceanneasna. Bhí siad sin nuaghlan ag mo dhaide, nó tugadh an ceann is nuaí dó ar aon chaoi, ceann nach raibh aon salachar air!
“Thug [Ford] leis iad sin síos go Conga agus bhí siad á n-úsáid go dtí go raibh an film críochnaithe. Tugadh an seál go Meiriceá ach chuir sé ar ais chugam arís é ach is fada é go dtí go raibh an film críochnaithe.”
Ní raibh Nóra sa mbaile nuair a tháinig Ford ar cuairt le O’Hara ar theach a mhuintire ar an Spidéal, ach bhí sí ann nuair a tháinig réalta mór eile an scannáin ar cuairt.
“Bhí sé a deich a chlog tráthnóna agus muide [tagtha] ón bportach gan bróg ar bith ormsa agus mé théis an phortaigh, isteach [le Ford] chugainn. Carr mór taobh amuigh agus John Wayne aige ann. Isteach i lár an tí agus mé ag cuartú mo bhróga le cur orm théis an phortaigh. An bhean a bhí pósta le mo dheartháir, d’iarr mé uirthi, ‘Cá bhfuil do bhróga agus cuirfidh mé orm iad’ agus ní ghabhfadh siad orm, bhí siad ró-bheag. D’ól sé féin agus John Wayne tae agus cheap sé go raibh sé thar cionn,” a dúirt Nóra faoi Ford.
“Bhí a chroí agus a anam sa nGaeltacht, i gConamara agus sa Spidéal.”
Idir 10:30-12:00 maidin Dé Sathairn i Scoil Éinne ar an Spidéal a dhéanfar cur agus cúiteamh faoi cheangal Ford le Cois Fharraige. Déanfar taispeántas le grianghraif agus iarsmaí eile óna chuid scannán a oscailt sa scoil ina dhiaidh sin.
Tá clár iomlán na féile le fáil anseo.
Fág freagra ar 'Níor stop John Ford ag caint ar ‘an oíche a bhuail sé greadadh ar na Dúchrónaigh’'