Ciontaíodh inniu saighdiúir de chuid arm na Breataine as dúnorgain Aidan McAnespie, a maraíodh ag seicphointe ar an teorainn idir Tír Eoghain agus Muineachán agus é ar a shlí go dtí cluiche CLG mí Feabhra 1998.
Cuireann breithiúnas an lae inniu i mBéal Feirste clabhsúr ar cheann de na heachtraí ba chigiltí agus ba thruamhéalaí a tharla le linn na dtrioblóidí. Maraíodh Aidan McAnespie in Achadh na Cloiche, contae Thír Eoghain ag am fíor-íogair sa chaidreamh Angla-Éireannach. Cuireadh leis an doicheall nuair a d’fhógair Rialtas na hÉireann go raibh Leas-Choimisinéir na nGardaí le fiosrúchán a chur ar bun faoin dóigh a maraíodh McAnespie siocair nach raibh siad sásta leis an mhíniú a thug fórsaí slándála na Breataine ar a bhás. Cé nár foilsíodh Tuarascáil Chrowley ariamh, nocht an iris Comhar na príomhthátail anuraidh.
Maraíodh Aidan McAnespie ar an 21 Feabhra, 1988 agus é ar a bhealach go cluiche peile. Bhí sé ina bhall den chlub áitiúil, Achadh Lú Uí Néill, atá lonnaithe i gcontae Thír Eoghain ach a bhí sa stráice talún idir pointe seiceála arm na Breataine agus an teorainn le contae Mhuineacháin. Go díreach sular thosaigh an cluiche chuaigh sé chun milseáin a cheannach i stáisiún peitril a bhí tuairim is céad slat ón phointe seiceála. Ach maraíodh é sular bhain sé an siopa amach. Dúradh gur bhuail piléar amháin sa chliabhrach é agus go raibh sé 200 slat ón phointe seiceála nuair a fuair sé bás. Ní raibh sé ach 24 bliain d’aois.
Dúirt arm na Breataine go raibh saighdiúir (David Holden) á cheistiú acu maidir le bás McAnespie ach gur timpiste a bhí ann. B’amhlaidh, a dúradh, gur scaoileadh an t-urchar nuair a thit gunna ó lámha an tsaighdiúra a bhí á ghlanadh. Níor aontaigh finnéithe leis an leagan sin den scéal. Bhí Rialtas na hÉireann fíor-amhrasach faoi fosta.
Bhí cáil áirithe ar Aidan sa cheantar mar gur bhaist an nuachtán Sunday World ‘Ireland’s most searched driver’ air mar gheall gur deineadh corpchuardach air deich n-uaire in imeacht aon lá dhéag. Go deimhin, deineadh cuardach dian air an lá sular maraíodh é sa bhunáit mhíleata ar an bhaile.
An lá tar éis a mharaithe, bhunaigh Rialtas na hÉireann fiosrúchán faoi bhás McAnespie faoi stiúir Leas-Choimisinéir an Gharda Síochána, Eugene Crowley.
Léirigh cáipéisí rúnda a scaoileadh faoin Riail 30 bliain anuraidh go raibh Státrúnaí an Tuaiscirt, Tom King, ar mire glan faoin fhiosrúchán. Sular fógraíodh an t-iniúchadh go poiblí d’inis Ambasadóir na Breataine chun na hÉireann, Nicholas Fenn, do Noel Dorr ón Roinn Gnóthaí Eachtracha gur údar mór imní ab ea é go raibh sé i gceist fiosrúchán oifigiúil a bhunú faoi nithe a tharla i ndlínse s’acusan agus go mbeadh míle murdar ann dá gcaithfeadh Rialtas na Breataine leis an Phoblacht ar an dóigh céanna.
Mar thoradh ar an chomhrá seo, d’iarr Noel Dorr ar Phreas-Rúnaí an rialtais, PJ Mara, gan aon phreasráiteas faoin fhiosrúchán a eisiúint go dtí go bhfaighfí deis labhairt leis an Taoiseach, Charles Haughey. Thug Mara le fios dó, áfach, go raibh na comhfhreagraithe polaitíochta curtha ar an eolas faoin fhiosrúchán cheana féin.
Ba i ndlínse na Poblachta amháin a bhí fiosrúchán Crowley ag feidhmiú, rud a chuir srian ar a gcuid oibre. Ní raibh a fhoireann ábalta cuairt a thabhairt ar an láthair, scrúdú fóiréinseach a dhéanamh ar an ghunna ná an té a bhíothas in amhras faoi a cheistiú. Mheas Rialtas na hÉireann go mbeadh drogall ar fhinnéithe áirithe labhairt leis an RUC agus gur túisce a roinnfeadh siad a gcuid eolais leis na Gardaí.
Ghlac an fiosrúchán ráitis ó 49 duine ina iomláine, líon nach beag. Cuireadh an tuarascáil faoi bhráid an rialtais ar an 8 Aibreán 1988 ach níor foilsíodh ariamh é.
D’éiligh an Státrúnaí King, i dteachtaireacht chódaithe a bhí ‘práinneach agus faoi rún,’ go dtabharfaí cóip den tuarascáil ar lámh don RUC. Mar fhreagra air sin, gealladh go gcuirfí Rialtas na Breataine ar an eolas faoi príomhthorthaí Crowley ach nach bhféadfaí an tuarascáil fhéin a thabhairt ar lámh mar gur labhair go leor de na finnéithe le Crowley faoi rún.
Ainneoin go leor éilimh le blianta fada anuas, níor foilsíodh tuarascáil Crowley ariamh. Ach bhí na príomhdhintiúirí ar fáil i gcomhad rúnda stáit a scaoil an Chartlann Náisiúnta arú anuraidh agus a foilsíodh san iris Comhar i dtús ama. Is é an t-adhmad atá le baint ón tuarascáil ná nach raibh aon ghlacadh a bheag nó a mhór ag Leas-Choimisinéir an Gharda Síochána leis an mhíniú gur trí thaisme a scaoileadh an t-urchar. Os a choinne sin, níor mheas sé gur mharaigh an saighdiúir Aidan McAnespie d’aon ghnó.
Is léir mar sin gur shíl Crowley gur dúnorgain a bhí i gceist. Maidir le príomhthátail na tuarascála, ba í tuairim Crowley ná gur scaoileadh trí nó ceithre urchar ó mheaisínghunna ach nár scaoil an saighdiúir McAnespie d’aon ghnó.
Cheistigh Crowley leagan an airm faoinar tharla : “It is open to conjecture that the soldier involved had McAnespie in his sights and, with whatever thoughts there may have been in his mind on what he would wish to do with him, he accidentally discharged a burst of fire.”
Níor ghlac Tuarascáil Chrowley le cosaint an tsaighdiúra ar an eachtra ach an oiread: “It is difficult to accept the soldier’s reported defence that his fingers slipped when cleaning the gun. It is too much of a coincidence that the gun went off accidentally while McAnespie was in his sights.”
Rialaigh Crowley gur sa droim (chan sa chliabhrach mar a dúradh ag an am) a scaoileadh McAnespie agus gur bhuail urchar é a d’athscinn ón talamh agus é ar a bhealach ó dheas.
Deirtear i dTuarascáil Crowley go raibh an RUC in amhras faoi Aidan McAnespie agus gur mheas siad go raibh sé ag bailiú faisnéise faoi bhaill de na fórsaí slándála i gceantar Achadh na Cloiche agus á tabhairt d’aonaid áitiúla an IRA. (Séanadh i gcónaí go raibh Aidan McAnespie ina bhall den IRA.)
Bhí Crowley fíorcháinteach faoin síorchiapadh a rinne na fórsaí slándála air: “He was subjected to an excessive amount of harassment by the security forces, which…went beyond the bounds of necessity and was not in accord with what one would expect from trained disciplined personnel.”
D’fhógair an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí sa Tuaisceart i mí Mheán Fómhair, 1988, nach rabhthas le leanstan leis an chás in éadan David Holden, cheal fianaise. Bhí an Taoiseach, Charles Haughey, ar daoraí faoin chinneadh.
Mhaígh Rialtas na hÉireann go poiblí go mbeadh éifeacht ag an chinneadh ar mhuinín an phobail i dtaca le cur i bhfeidhm an dlí sa Tuaisceart agus go bhféadfadh go mbeadh impleachtaí ag an chinneadh don chomhoibriú dlí idir an dá dhlínse.
Is léir ó chomhaid an stáit gurb é an Taoiseach fhéin a chuir an tagairt sin do shocruithe eiseachadta i ráiteas an rialtais.
Taobh amuigh de théarmaí tagartha fhiosrúchán Crowley bheartaigh an Rialtas go ndéanfaí corp McAnespie a dhí-adhlacadh agus go ndéanfadh Paiteolaí an Stáit, an Dr John Harbison, scrúdú iarbháis eile air.
Ba sna 26 contae a bhí Aidan McAnespie curtha agus dhiúltaigh Tom King an scrúdú iarbháis a rinne paiteolaí an Tuaiscirt a thabhairt d’Eugene Crowley siocair nach raibh sé ag iarraidh aon aitheantas a thabhairt don fhiosrúchán.
Mar a tharlaíonn sé. bhí torthaí an Dr Harbison ag teacht a bheag nó a mhór le torthaí phaiteolaí an Tuaiscirt, an Dr Derek Carson.
Ach níor stad a theaghlach ariamh ag éileamh an chóir do Aidan McAnespie.
Mar thoradh ar a gcuid achainí, d’iarr Ard-Aighne an Tuaiscirt, John Larkin, ar an tSeirbhís Ionchúiseamh Poiblí athbhreithniú a dhéanamh ar an chás in 2016 agus cúisíodh David Holden as dúnorgain McAnespie in Achadh na Cloiche i 1988.
Cuireadh clabhsúr ar himeachtaí cúirte inniu.
Is Clár-Eagarthóir le Nuacht RTÉ/TG4 é Breandán Delap
Fág freagra ar 'Níor stad a theaghlach ariamh ag éileamh an chóir do Aidan McAnespie'