Níor chóir aon chluiche CLG a bheith ar ardán íoc ar amharc – An Tánaiste

Tá conspóid ann ó thosach na gcraobhacha faoi chuid de na cluichí is mó a bheith á dtaispeáint ar an ardán nua íoc ar amharc, GAAGO

Níor chóir aon chluiche CLG a bheith ar ardán íoc ar amharc – An Tánaiste

Deir an Tánaiste Micheál Martin gur chóir go gcraolfaí saor in aisce gach cluiche CLG.

Tá conspóid ann ó thosach na gcraobhacha faoi chuid de na cluichí is mó a bheith á dtaispeáint ar an ardán nua íoc ar amharc, GAAGO.

Dúirt Micheál Martin gurb é a thuairim phearsanta le tamall fada nár cheart aon chostas breise a chur ar dhaoine chun féachaint ar chluichí ar líne.

Taispeánadh trí cinn de na cúig chluiche mór iomána i gcraobh na Mumhan go dtí seo ar an aip GAAGO, an t-ardán íoc as amharc de chuid CLG agus RTÉ.

Beidh an cluiche idir Port Láirge agus an Clár ar an aip chomh maith an deireadh seachtaine seo chugainn.

Beidh cuid de na cluichí is mó ag tús chraobh na hÉireann sa pheil ar GAAGO chomh maith, Ciarraí in aghaidh Mhaigh Eo agus an Ghaillimh in aghaidh Thír Eoghain ina measc.

An Tánaiste Micheál Martin

“Is dóigh liom gur cheart go ndéanfaí saorchraoladh ar na cluichí agus gurb é cluiche na hiomána is mó atá thíos leis,” arsa an Tánaiste Micheál Martin.

“Mar is cuma cén cód nó spórt is ansa leat, na cluichí iomána is fearr is cluichí den chéad scoth iad –  is breá le gach duine féachaint ar shárchluiche iomána.

“Bhí dhá shárchluiche amach is amach againn, An Clár in aghaidh Luimnigh an deireadh seachtaine seo caite agus Corcaigh in aghaidh Thiobraid Árann tráthnóna Sathairn agus tá an chuma ar an scéal nach raibh fáil ag sciar nach beag den lucht féachana ar na cluichí sin, deis iománaíocht den chéad scoth a fheiceáil.”

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil gur chun leas na hiománaíochta a bheadh sé dá mbeadh na cluichí móra go léir ar fáil saor in aisce agus gur chóir athbhreithniú a dhéanamh ar chur chuige GAAGO.

€12 in aghaidh an chluiche an costas a bhíonn ar GAAGO nó is féidir trí chluiche a fháil ar €24 nó €79 a íoc ar chluichí an tséasúir ar fad.

Dúirt Noel Quinn, Ceannasaí GAAGo, go raibh a thrí oiread cluichí ar fáil don lucht féachana de thoradh sheirbhís GAAGO agus go raibh “an chothromaíocht cheart” aimsithe ag CLG idir cluichí saorchraolta agus cluichí íoc ar amharc.

Ag labhairt dó ar Newstalk, rinne Liam O’Neill, iaruachtarán de chuid CLG, cosaint ar GAAGO. B’amhlaidh go raibh níos mó daoine seachas níos lú daoine ag féachaint ar chluichí dá bharr.

“Tá 15 cluiche ar siúl Dé Sathairn seo chugainn – i gcead duit, ní féidir le haon chainéal iad sin go léir a thaispeáint.”

Craolfar ar beo ar theilifís RTÉ 31 cluiche craoibhe an samhradh seo chomh maith le trí chluiche i gCorn Tailteann agus cluiche ceannais Chorn Sheosaimh Mhic Dhonncha. Dé Domhnaigh a chraolfar formhór an 35 cluiche sin – 20 cluiche peile agus 15 cluiche iománaíochta.

Ina cholún ar Tuairisc an deireadh seachtaine seo caite, dúirt Dara Ó Cinnéide, an craoltóir agus iarchaptaen ar fhoireann Chiarraí, go raibh an baol ann go raibh “tráchtearra” á dhéanamh den chluiche craoibhe.

“Tá na cluichí idirchontae á n-imirt go tiubh, go te agus go tapaidh d’fhonn freastal mar is ceart níos déanaí sa bhliain ar thromlach an n-imreoirí ag leibhéal na gclub. Is é an praghas atá le híoc ar an bhfuadar seo ná go bhfuil tráchtearra á dhéanamh don gcluiche idirchontae – tráchtearra atá níos minicí ná a mhalairt le fáil ar teilifís ar phraghas áirithe más acmhainn nó más fiú duit íoc as.

“Níl ach dornán beag blianta ó bhíodh sé ina rosc margaíochta ag Cumann Lúthchleas Gael ná raibh aon ní inchurtha le bheith i lár an aonaigh ag an gcluiche.

“N’fheadar an fíor san a thuilleadh? Tá an rud a thosnaigh ar Lá na nAmadán 2014 le conradh Sky dulta céim eile chun tosaigh anois agus an rogha atá le déanamh ag an dtomhaltóir (agus thabharfaimis tomhaltóirí ar an lucht leanúna) idir an cnaipe agus an turas cairte agus gach a ngaibheann leis an dturas céanna, ag éirí níos dealaithe in aghaidh na seachtaine.”

 

 

Fág freagra ar 'Níor chóir aon chluiche CLG a bheith ar ardán íoc ar amharc – An Tánaiste'

  • jpmorley0@gmail.com

    Náireach!