Níl sna craobhacha cúige anois ach craobhacha na ngothaí is na ngeáitsí

An praghas atá le híoc ar an bhfuadar agus ar an bhflúirse ná go bhfuil tráchtearra á dhéanamh don gcluiche idirchontae

Níl sna craobhacha cúige anois ach craobhacha na ngothaí is na ngeáitsí

Tá na cluichí ceannais cúige chughainn. Dhá cheann acu. Níor ghá dhuit bheith ar tinneall chuchu chun an méid sin a bhreith leat ach ar mh’anam, go bhfuilid éalaithe chughainn nach mór sa ghan fhios, leis.

Ní haon iontas san agus oiread cluichí á n-imirt an tráth seo den mBealtaine. Flúirse cheart atá ann, ach flúirse a bheidh ídithe agus gan an fómhar tagtha chuige. Cé go rabhas agus go bhfuilim ana-mhór ar shon na mbiaistí caide, idir chlub is chontae, a bheith deighilte óna chéile, tá seans nár chur aoinne againn an cheist orainn féin go nuige seo – an bhfuil an goile ann don bhflúirse? Agus anuas air sin, cén mhaith goile gan greim le tathag is téagar a bheith ann chun é a shásamh?

Is é scéal an dá bhus againn i gCiarraí é an deireadh seachtaine seo. Tar éis tamall ag fanacht le ceann a theacht, tagann dhá cheann agus tuilleadh in éineacht. Ní hamháin go bhfuil cluiche ceannais cúige ar an nDomhnach ag an bpainéal sinsir, ach tá na bromaigh atá fós le briseadh ag Tomás Ó Sé ag tabhairt aghaidh ar Shligeach i gcluiche leathcheannais fé 20 bliain na hÉireann Dé Sathairn. Anuas air sin, beidh mná Chiarraí ag imirt i gcraobh na Mumhan agus lucht na camógaíochta féin ag imirt i bPáirc na nGael ar an nDomhnach.

Ní hé cás Chiarraí amháin é mar, dála na Ríochta, beidh lucht leanúna Shligigh luite amach orthu féin ag iarraidh na tránna go léir a thabhairt leo agus a ngaiscígh óga a leanúint soir agus siar idir Shatharn is Domhnach.

Is ar éigean go n-éireodh leis an té ba dhílse i measc lucht leanúna aon chontae anois freastal ar an uile chluiche agus dá n-éireodh féin, ní dócha go mbeadh sé d’acmhainn aige an costas a sheasamh. Tréimhse lán flosca is guagachta atá anois againn leis an bhféasta cluichí ag ceilt a bhfuil ag tarlúint go slim sleamhain claonbheartach dár n-ainneoin féin.

Tá na cluichí idirchontae á n-imirt go tiubh, go te agus go tapaidh d’fhonn freastal mar is ceart níos déanaí sa bhliain ar thromlach an n-imreoirí ag leibhéal na gclub. Is é an praghas atá le híoc ar an bhfuadar seo ná go bhfuil tráchtearra á dhéanamh don gcluiche idirchontae – tráchtearra atá níos minicí ná a mhalairt le fáil ar teilifís ar phraghas áirithe más acmhainn nó más fiú duit íoc as. Níl ach dornán beag blianta ó bhíodh sé ina rosc margaíochta ag Cumann Lúthchleas Gael ná raibh aon ní inchurtha le bheith i lár an aonaigh ag an gcluiche.

N’fheadar an fíor san a thuilleadh? Tá an rud a thosnaigh ar Lá na nAmadán 2014 le conradh Sky dulta céim eile chun tosaigh anois agus an rogha atá le déanamh ag an dtomhaltóir (agus thabharfaimis tomhaltóirí ar an lucht leanúna) idir an cnaipe agus an turas cairte agus gach a ngaibheann leis an dturas céanna, ag éirí níos dealaithe in aghaidh na seachtaine.

Tá cothromaíocht le haimsiú in áit éigin idir thaitneamh na hócáide féin, saoráid na teicneolaíochta, costas an chluiche, mealltacht na coimhlinte agus fairsinge an chláir cluichí as féin. B’fhéidir go dtógfadh sé tamall eile ar an múnla nua a bhuille a aimsiú ach níor mhaith liom bheith i mbróga na riarthóirí sa tréimhse amach romhainn mar ná féadfar na haoinne a shásamh.

Ní chloisim puinn cainte le seachtain anuas ar chluiche ceannais cúige an Domhnaigh idir Ciarraí agus an Clár i Luimneach. Ná ní lú go bhfuil aon ní cloiste agam faoin gcoimhlint eile idir íochtaráin Shligigh is uachtaráin na Gaillimhe i gCaisleán an Bharraigh.

Is é fírinne an scéil ná go bhfuil caint na ndaoine i gCiarraí agus sa Ghaillimh dírithe i bhfad níos mó ar an dtarrac a deineadh i rith na seachtaine don gcéad chéim eile sa chraobh agus an rian a fhágfaidh san ar chraobh na bliana 2023. Níl sna craobhacha cúige anois ach craobh na ngothaí is na ngeáitsí agus is gearr uait an lá go mbeidh siad ar an imeall ar fad, sé sin muna bhfágfaidh contae an Chláir nó Sligeach a n-eireabaill trína gcosa ag Ciarraí nó an Ghaillimh Dé Domhnaigh.

Pé leathsheans a bheadh ag contae an Chláir, ní raibh Ciarraí chun buntáiste baile a ghéilleadh dóibh agus an cluiche a imirt in Inis mar a bhí á thuar le barr éagantachta is soineantachta coicíos ó shin. Pé gaisce atá déanta ag Colm Collins agus a chriú le geall le deich mbliana anois, ní raibh Ciarraí chun doras an dóchais agus na déirce a fhágaint ar leathadh dóibh chun go bhféadfadh an saol mór sotal a chur ina leith ansan dá raghadh cúrsaí bunoscionn orthu.

Tá a gceacht foghlamtha ag Ciarraí as a n-uaisleacht le Tír Eoghain agus leis an gcluiche féin aimsir na paindéime dhá bhliain ó shin. N’fhéadfaí a bheith ag súil lena thuilleadh uathu agus níor cheart go mbeadh contae an Chláir ná aoinne eile ach an oiread Dé Domhnaigh.

Is é an dálta céanna ag Gaillimh agus Sligeach é. Má tá an Ghaillimh i dtiúin le riachtanais na craoibhe agus le mian a lucht leanúna, ní shásóidh aon ní feasta iad ach a bheith thar n-ais i bPáirc an Chrócaigh le ciall cheannaithe fé dheireadh mhí Iúil. Níl aon chúis ná beidís ann ach an oiread ach is dóigh liom gur fiú d’aon fhoireann atá ag imirt i gCorn Tailteann i mbliana aithris a dhéanamh ar Shligeach agus a gcur chuige anuraidh.

Seachas seana-bhlas a léiriú don gcomórtas nuabhunaithe, thug Sligeach fé le fonn. Bhaineadar amach na babhtaí leathcheannais i bPáirc an Chrócaigh agus thógadar cúpla sraith eile ar na máithreacha a leagadh an dtaca seo anuraidh.

Tá a rian air, tá an deireadh seachtaine is mó le cuimhne na ndaoine rompu idir fhoirne sinsir is fé 20. Tá an creideamh is an dóchas ag fás iontu gur féidir leo seasamh go daingean is go diongbháilte le leithéidí na Gaillimhe. Fén nGaillimh atá anois an creideamh san a thástáil agus an dóchas a bhriseadh.

Fág freagra ar 'Níl sna craobhacha cúige anois ach craobhacha na ngothaí is na ngeáitsí'

  • jpmorley0@gmail.com

    Aiste ana-chuimsitheach, ana-líofa, ana-léirthuisceanach. Go bhfága Dia againn thú. Scata Éireann againn anois caite sa bhfaopach ag an GAAGO seo, is gan dul ann ná dul as ag an ‘GO’ céanna againn. Corplár an chirt agat mar le ‘tráchtearra’ a bhaisteadh den útamáil shanntach seo. Agus tá ráite riamh gur ceart bheith san airdeall ar an tsaint.