Níor cheart rialtas nua a bhunú faoi dheifir

Ag cur san áireamh go bhfuil géarchéim sláinte phoiblí agus baol tubaiste eacnamaíochta ag bagairt orainn, níl aon amhras ach go dteastaíonn rialtas buan údarásach

Níor cheart rialtas nua a bhunú faoi dheifir

An tAire Sláinte Simon Harris agus an Taoiseach Leo Varadkar. Pictiúr: Rollingnews.ie

Is olc an ghaoth a deir an seanfhocal agus is dóigh go bhféadfaí a rá go bhfuil sin i gceist an tseachtain seo do na polaiteoirí sin a bhfuil fonn orthu dul isteach i rialtas.

Na neamhspleáigh, is cosúil, a bhainfidh tairbhe as an bpráinn a bhaineann le bunú comhrialtais le dul i ngleic le géarchéim Covid-19. Tá na Glasaigh tarraingthe siar as an bpróiseas cainteanna ar chúpla cúis. Go bunúsach, tá tromlach an pháirtí pharlaimintigh in aghaidh aon bhaint a bheith acu le comhrialtas de chuid Fhianna Fáil agus Fine Gael. An chúis eile atá luaite lena ndoicheall ná go gcreideann siad go bhfágfaí beartais ghlasa le déileáil leis an ngéarchéim aeráide in áit na leathphingine ag an ngéarchéim a bheidh le réiteach mar thoradh ar Covid-19.

Fágann sin go gcaithfidh Fine Gael agus Fianna Fáil dul sa tóir ar thacaíocht in áit éigin eile le tromlach a thabhairt dóibh sa Dáil. Chuige sin is cosúil iad a bheith ag dul i dtreo na neamhspleách. Ach cothaíonn sé sin cúpla deacracht. Aon duine a bhíonn i mbun idirbheartaíochta faoi bhunú rialtais orthu bíonn leisce dul i muinín na neamhspleách mar go mbíonn éilimh phearsanta acu agus caithfear iad a shásamh ina nduine agus ina nduine.

Tuairiscítear an tseachtain seo go bhfuil na páirtithe móra ag plé le suas le deichniúr neamhspleách agus go mbeidh siad ag iarraidh orthu a dhearbhú go mbeidh siad sásta fanacht i gcomhrialtas go ceann cúig bliana.

Beidh an dochar uafásach a dhéanfaidh paindéim Covid-19 don eacnamaíocht le réiteach agus beidh pé athruithe ar chúrsaí trádála a bheidh mar thoradh ar an mBreatimeacht le cur i gcrích. Tá dúshláin mhóra romhainn agus teastaíonn ó cheannaire Fhianna Fáil, Mícheál Martin, cúig bliana a bheith aige ag bord an rialtais fiú más dhá bhliain go leith in oifig an Taoisigh a bheidh i gceist.

Glactar leis an bhfaighidh Leo Varadkar beannacht a pháirtí parlaiminte an tseachtain seo le dul i mbun cainteanna comhrialtais go hoifigiúil. Tá sraith dianchainteanna idir Fianna Fáil agus Fine Gael beartaithe do Chéadaoin, Déardaoin agus Aoine na seachtaine seo romhainn. Tá caint ar chlár rialtais a bheith aontaithe taobh istigh de sheachtain.

Ach ag an am céanna tá cainteanna ar siúl maidir tacaíocht a fháil ón deichniúr neamhspleách agus dearbhú a fháil go seasfaidh siad an cúrsa. Nárbh fhearr seo a dhéanamh go mall staidéarach má tá socrú chomh fada sin á lorg?

Is minic go ndeirtear nár cheart rud a dhéanamh faoi dheifir. Má chuirtear rialtas le chéile faoi dheifir is cinnte go mbeidh nithe ann nach mbeidh pléite i gceart. Ag cur san áireamh go bhfuil géarchéim sláinte phoiblí agus baol tubaiste eacnamaíochta ag bagairt orainn, níl aon amhras ach go dteastaíonn rialtas buan údarásach. An mbeidh a leithéid mar thoradh ar thrí lá cainteanna faoi dheifir agus faoi bhrú?

Fág freagra ar 'Níor cheart rialtas nua a bhunú faoi dheifir'