Mar ba dhual dó riamh le linn dó bheith ina pholaiteoir i dTithe an Oireachtais labhair an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn go láidir agus go díreach an tseachtain seo faoina chuid tuairimí i leith na géarchéime cearta daonna.
An chuid den chaint a rinne sé is mó a tharraing aird ná an cáineadh a rinne sé ar Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh Ursula von der Leyen. Dúirt an tUachtarán go raibh a cuid cainte míchúramach i gcomhthéacs an tsléacht sa Mheánoirthear. Dúirt sé freisin nach raibh sí ag caint thar ceann na hÉireann cé gur thug sí le fios go raibh sí ag caint thar ceann an Aontais Eorpaigh ar fad.
Bhí an ceart ar fad ag an Uachtarán sa méid sin. Níl Ursula von der Leyen ceaptha ná tofa le labhairt ar chúrsaí gnóthaí eachtracha thar ceann bhallstáit an Aontais Eorpaigh. De réir chonarthaí an Aontais tá ceisteanna gnóthaí eachtracha neamhspleách ar an Aontas trádála agus eacnamaíochta. Tugtar an Comhpholasaí Gnóthaí Eachtracha agus Slándála ar an gcuid sin d’obair an Aontais agus tagann sé faoi scáth Chomhairle na nAirí.
Ní bhaineann sé leis an gCoimisiún Eorpach. Is iadsan a oibríonn chun na polasaithe a aontaíonn rialtais na mballstát a thabhairt in inmhe agus a chur i bhfeidhm. Dá bhrí sin, ní féidir le hUachtarán breithiúnas lom a thabhairt ar scéal cosúil le géarchéim Ghaza gan an scéal a bheith aontaithe ag Comhairle na nAirí ar dtús. Agus ag an tráth seo, is é Charles Michel atá ina Uachtarán ar Chomhairle na nAirí agus is eisean urlabhraí an Aontais ar an ábhar.
D’admhaigh an Tánaiste Micheál Martin ag cruinniú de pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil i rith na seachtaine go raibh an bealach ar láimhseáil an tAontas an ghéarchéim is déanaí seo ciotach.
Is é fírinne an scéil nach aon scéal nua é sin. Chomh fada siar leis na seachtóidí, agus go háirithe le linn na gcogaí éagsúla sna Balcáin i rith na nóchaidí, bhí deacrachtaí ag an Aontas Eorpach feidhmiú ar bhonn aontaithe i gcás scéalta eachtracha.
Tá cúis mhaith leis sin – níl an polasaí céanna ag na ballstáit ar fad. Níl siad ar aon fhocal faoi chúrsaí agus cé go bhfuil a bhformhór i NATO agus dílis do theachtaireacht na heagraíochta sin, tá roinnt ballstát, ar nós na hÉireann, nach bhfuil sásta go fóill bogadh i dtreo comhaontú gnóthaí eachtracha agus míleata.
Ní hin le rá nár cheart go mbeadh polasaí aontaithe de shaghas éigin ann mura mbeadh mar thoradh air ach na príomhphearsana a chur ar an eolas faoi céard is cóir nó nár chóir a rá i gcás éigeandála.
Le béim a chur ar an taobh dearfach, is fiú a rá gurb é an tAontas Eorpach an deontóir fóirithinte is mó ar domhan agus gur toradh ar dhea-obair an Aontais é sin. Más mall is mithid ag leibhéal na hEorpa agus ba chóir dóibh siúd a dteastaíonn uathu a bheith ag brú aontais níos daingne ceacht a fhoghlaim ó na hiarrachtaí a bhfuil teipthe orthu go dtí seo a leithéid a chur i gcrích.
jpmorley0@gmail.com
An mbeidh Uachtarán chomh maith, chomh cróga, chomh hinntinniúil, chomh báúil, chomh líofa láidir i bpearsain is i méinn againn ar Éirinn le Micheál D Ó hUigín go deo arís? Ní cúis náire dúinn ná di féin, go deimhin, an méid adúirt Von der Leyen ach an méid nach ndúirt sí, an méid a d’fhág sí ar lár. Náire shaolta di é. Ba cheart dúinn bheith mórálach (más ceadmhach an focal sin a úsáid) as Uachtarán na tíre seo as gach a bhfuil ráite aige faoi ghéarchéim an Mheán Oirthir.
Indrek Ois
Ní ‘aontas trádála agus eacnamaíochta’ amháin atá san AE, ach i bhfad … Éireann … níos mó ná sin. I measc rudaí eile, tá Comhbheartas Eachtrach agus Slándála (CFSP) ann. Tá an ceart ag an údar gurb iad na Ballstáit féin i gComhairle na nAirí atá freagracht as sin a shocrú trí theacht ar chomhaontú. ACH … ciallaíonn sé sin freisin go ndéanann na Ballstáit chéanna iarracht i gcónaí a bpolaisaí eachtrach féin a chomhordú leis an gcuid eile den Aontas. Mar sin, níor cheart a rá nach bhfuil aon bhaint ag an AE le gnaithí eachtracha, agus bíonn ról lárnach ag an gCoimisiún, Ursula von der Leyen san áireamh, sna beartais a chuirtear chun cinn ar leibhéal an AE a ullmhú. Tá sé sin feicthe i gcás na cabhrach atá á tabhairt don Ucráin faoi láthair, mar shampla.