‘Níl tú ag iarraidh go gcaillfidh siad amach’ – ag cur Gaeilge ar David Walliams

Deir Máirín Ní Mhárta go gcaithfidh tú a bheith samhlaíoch agus a bheith sásta dul sa seans nuair atá tú ag plé le leabhair do pháistí a aistriú go Gaeilge

‘Níl tú ag iarraidh go gcaillfidh siad amach’ – ag cur Gaeilge ar David Walliams

Is aistritheoir í Máirín Ní Mhárta atá tar éis réimse mór leabhar do ghasúir a aistriú go Gaeilge. I measc na leabhar sin tá Buachaill an Ghúna le David Walliams agus Dialann Dúradáin le Jeff Kinney, a d’fhoilsigh Futa Fata le deireanas. 

D’aistrigh Máirín Ní Mhárta a céad leabhar do ghasúir Futa Fata sa mbliain 2011, leabhar darb ainm An Lámh in Uachtar a d’aistrigh sí ón bhFraincis. Deir sí gurb é an dúshlán is mó a bhaineann le bheith ag aistriú leabhair do ghasúir ná na focail.

“Tá an t-imeartas focal an-deacair,” ar sí. “Tá tú ag iarraidh é a aistriú gan an greann a chailleadh. Go minic bíonn ort rud éigin nua a chumadh. Ach bíonn an tsaoirse sin agat.”

Tá sé tábhachtach do Mháirín “go n-aireoidh an gasúr na mothúcháin chéanna agus iad ag léamh an leagain Ghaeilge”. 

“Níl tú ag iarraidh go gcaillfidh siad amach,” ar sí. 

Deir sí go mbíonn freagracht ort agus tú ag aistriú na leabhar.

“Bheadh tú in ann iad a aistriú go díreach mar atá siad, ach bíonn stíl ar leith, bíonn tuin ar leith ann.”

Cé go bhfuil go leor leabhar do ghasúir aistrithe ag Máirín, deir sí nach dtabharfadh sí faoi leabhar do dhaoine fásta a aistriú go deo.

 ”Tá mé ag ceapadh go mbeadh ort a bheith i do scríbhneoir dó sin,” ar sí. “Do ghasúir, tá beagáinín níos mó saoirse agat.”

Is léir go mbíonn cultúr ar leith ag baint le gach leabhar agus cothaíonn sé sin deacrachtaí agus dúshláin uaireanta. I gcás Dialann Dúradáin agus leabhair David Walliams, cultúr Shasana agus Mheiriceá atá i gceist. 

“I Meiriceá, mar shampla, tá kindergarten, middle school agus high school acu. Na rudaí beaga sin, tá sé an-deacair iad a aistriú. Céard é middle school, níl middle school againn!”

Bíonn tagairtí do chláracha teilifíse freisin ann agus deir sí nach mbíonn sí cinnte uaireanta an dtuigfidh gasúir Éireannacha na tagairtí.

“Ach is dóigh go dtuigfidís an coincheap a bhaineann le clár mór teilifíse,” ar sí.

Fad is a bhí sí ag aistriú an leabhair Mr Stink (Mr Lofa), bhí fonn ar Mháirín an cultúr a athrú ar fad ionas go mbeadh an tUachtarán agus an Taoiseach i gceist seachas Banríon agus Príomh-Aire na Breataine.

“Ach bhí mé ag imeacht rófhada, bhí sé róGhaelach – bhí scéal iomlán nua á chumadh agam,” ar sí. 

“Cóiriú atá ansin seachas aistriúchán. Caithfidh tú a bheith cúramach nach bhfuil cóiriú á dhéanamh agat seachas a bheith ag aistriú. Bíonn fonn ort rudaí a chur isteach, ach tá eagarthóir maith agam!” ar sí, ag gáire.

Baineann sí taitneamh as a bheith ag déanamh na n-aistriúcháin agus is breá léi a bheith ag cuimhneamh ar fhocail Ghaeilge in ionad na gceann Béarla, chun na gasúir a chur ag gáire.

“Go leor de na focail a bhíonn acu, is focail gháirsiúla iad,” ar sí. “Agus uaireanta bíonn sé beagáinín níos barrúla ná mar atá sé sa mBéarla.”

Is leabhair iad seo ar fad atá léite ag a gasúir cheana féin, agus cuidíonn siad léi teacht suas le focail ó am go ham.

Is maith léi an chruthaitheacht a bhaineann leis an aistriúchán liteartha.

“Is rud iomlán difriúil é,” ar sí. “Nuair atá mise ag aistriú tuarascála, tá mé á haistriú lena chinntiú go bhfuil an t-eolas ceart inti agus gur féidir í a léamh. Níl an chruthaitheacht chéanna ann. Tá níos mó smaointeoireachta ag dul isteach san aistriúchán liteartha.”

Bíonn an obair aistriúcháin ina cloigeann nuair atá sí ag piocadh na ngasúr suas ón scoil nó nuair nach bhfuil sí ag obair, agus ní tharlaíonn sé sin le cineálacha eile aistriúchán, ar sí.

“Bím ag cuimhneamh air, cuimhneoidh mé ar théarma nua a d’fhéadfainn a úsáid sa leabhar,” ar sí. “Bíonn sé ag imeacht i do chloigeann i gcónaí go dtí go mbíonn sé réidh agat.”

Tá comhairle aici d’aon duine ar spéis leis a bheith ina aistritheoir.

“Bíonn a fhios agat go bhfuil sé ceart go leor má thaitníonn sé leat féin,” ar sí, ag gáire. “Agus i gcás an aistriúcháin do ghasúir, caithfidh tú a bheith samhlaíoch, agus a bheith sásta dul sa tseans. Caithfidh tú beagán saoirse a thabhairt duit féin!”

Fág freagra ar '‘Níl tú ag iarraidh go gcaillfidh siad amach’ – ag cur Gaeilge ar David Walliams'