Níl tásc ná tuairisc ar Shantaí, ach buíochas le Dia tá ace-iriseoir na Gaeilge ag fiosrú an scéil…

Oiread chéanna le gach iriseoir Gaeilge eile, tá fios gach feasa ag Neidí na Nuachta

Níl tásc ná tuairisc ar Shantaí, ach buíochas le Dia tá ace-iriseoir na Gaeilge ag fiosrú an scéil…

Ba é an tubaiste ba mhó a tharla do Chlanna Gael riamh é. Dá gcuirfeá na tubaistí eile a chuir as do Bhanba ó thús ama – Briseadh Chionn tSáile, Imeacht na nIarlaí, cogaí, gorta, críochdheighilt agus bunú Fhoras na Gaeilge – dá gcuirfeá na tubaistí sin ar fad sin le chéile, níor thada iad i gcomparáid leis an tubaiste seo.

Is é rud a tharla gur mhúscail páistí na hÉireann agus leanaí an domhain as a gcodladh agus go bhfuair siad amach nach raibh bronntanas ar bith faoin chrann Nollag acu. Chualathas caoineadh fud fad na cruinne: ‘A mhamaí! A dhaidí! An raibh mé dalba dána i mbliana?’.

Níorbh fhada go raibh na meáin chumarsáide líon lán le gearáin. Bhí na tuismitheoirí le ceangal agus na páistí in ísle brí. Bhí lá mór na mbronntanas mór millte agus scriosta agus is fuath liom Santaí. Shocraigh rialtas na hÉireann gur chóir binse fiosrúcháin a bhunú agus d’aontaigh lucht dlí na hÉireann gur mhaith an smaoineamh é nó níl aon Santaí ann atá níos flaithiúla ná polaiteoir agus a bhinse fiosrúcháin. Bunaíodh an Binse chun Bronntanais agus shocraigh siad gur chóir an dlí a chur ar Shantaí.

Ach cá raibh an Santaí céanna? Iomrá ná iomrá air, ní raibh. Bhí an chosúlacht ar an scéal go ndeachaigh sé gan tásc gan tuairisc. (Bóm! Bóm!) Ní thiocfadh le duine ar bith ciall ar bith a bhaint as. Thóg daoine seachrán Shantaí ar an Bhreatimeacht agus thóg daoine eile ar Dhonald Trump é. Dúirt Sinn Féin go raibh an locht ar an DUP as Santaí a ruaigeadh agus dúirt Fianna Fáil agus Fine Gael go ndéanfadh siad a machnamh ar an chás agus go n-eiseodh siad preasráiteas aontaithe ar ball.

Ace-iriseoir, Neidí na Nuachta, de chuid TG4 a fuair boladh an scéil ar dtús. Bhí greim den Fhraincis aige mar Neidí agus chuala sé tuairisc nuachta ar theilifís Cheanada go bhfuarthas píosaí ‘eitleáin’ in áit iargúlta i dtuaisceart Cheanada. Ní raibh iomrá ar bith ar phíolóta ach nuair a thit an t-eitleán anuas ón spéir thit sé sa mhullach ar thréad réinfhianna agus maraíodh ocht gcinn de na créatúir bhochta. Bhuel, arsa an t-ace-iriseoir, tá sin iontach ait. D’amharc sé ar smidiríní an eitleáin. Eitleán beag gan amhras ach cá raibh na hinnill? Is beag eitleán a eitlíonn gan inneall… Réinfhianna… Eitleán… Ceantar iargúlta….

N’fheadar? Do bharúil? Arbh fhéidir? Ná habair! Thiocfadh dó?

Labhair Neidí na Nuachta lena cheannasaí agus níorbh fhada go raibh sé ar a bhealach go Ceanada ar scairdeitleán an stáisiúin nó tá airgead mór ag Nuacht TG4 agus is féidir leo scairdeitleán a affordáil. (Is maith nach raibh an t-iriseoir céanna ag obair le Tuairisc.ie nó ní bheadh le fáil aige ach asal agus cairt de bharr ciorruithe buiséid.)

Níor luaithe an t-ace-iriseoir ar an láthair gur thuig sé i gceart cad é a tharla. Ní eitleán a bhí ann ach carr sleamháin Shantaí agus a chuid réinfhianna bochta. Tharla rud inteacht uafásach dó agus é ar a bhealach ón Phol Thuaidh. D’ionsaigh duine inteacht Santaí agus é ar camchuairt na cruinne. Ach cé a dhéanfadh a leithéid de ghníomh gránna? Agus cá raibh Santaí féin?

Bhí an t-ádh ar an ace-iriseoir gur ace-iriseoir le Gaeilge a bhí ann. Oiread chéanna le gach iriseoir Gaeilge eile, bhí fios gach feasa ag Neidí. Chuir sé a ordóg ina bhéal agus chogain í. Chonaic sé láithreach cad é a tharla. Bhí Santaí ar a bhealach síochánta thart ar an domhan nuair a d’ionsaigh Justin Trudeau é. Bhí an t-ardliobrálach ag iarraidh stop a chur le scaipeadh plaisteach agus ba é Santaí an truaillitheoir ba mheasa den iomlán acu. Ba é a bhí ag scaipeadh bréagán déanta as plaisteach i ngach aon chúinne den domhan. Leoga, ní hamháin go raibh sé ag scaipeadh ábhair as plaisteach ach go raibh sé bródúil as.

Bhí Santaí ina ghiall aige i gcillín a bhí neodrach ó thaobh carbóin de. Níorbh fhada gur ghníomhaigh Neidí na Nuachta. Mar iriseoir Gaeilge, bhí traenáil aige in ealaín mhíleata na bhFiann. Lean sé rian Shantaí tríd an tsneachta, tháinig a fhad lena chillín a bhí neodrach ó thaobh carbóin de, thug buille cung fú Gaelach nó dhó do na gardaí agus d’imigh leis le Santaí. Ba ar Shantaí a bhí an lúcháir bheith saor agus, ó tharla go raibh teangacha an domhain ar eolas ag Santaí, rinne sé agallamh eisiach le Neidí i nGaeilge agus bhí an saol mór ar an eolas faoi Tháin Trudeau. Bhuel, ní fíor, bhí an domhan mór ar an eolas faoin táin nuair a chuir TG4 fotheidil Bhéarla leis an agallamh ionas go dtuigfeadh daoine cad é a dúirt Santaí.

Bhuel, ní sásta a bhí daoine le Trudeau. Bhí páistí na Stát Aontaithe míshásta leis go háirithe nó is iad is mó a fhaigheann bronntanais. Rinne Trump ionradh ar Cheanada agus níorbh fhada go raibh Trudeau ina chime i gcillín i mBá Guantánamo – agus i gcillín nach raibh neodrach ó thaobh carbóin de, rud a ghoill go mór air.

Faraor, ní raibh iomrá ar na bronntanais. Is cosúil gur scriosadh iad le linn na tubaiste. Bhí mórán daoine míshásta leis sin agus bhí caint ann gur cheart athlá Nollag a bheith ann.

Bhí na dlíodóirí leis an scéal a fhiosrú.

Ach bhí mórán eile ann nach raibh buartha faoi bhronntanais a cailleadh agus a thuig gur ceiliúradh ar lá breithe Chríost a bhí ann mar Lá Nollag agus ní ócáid le hairgead a thabhairt d’Amazon.

Más bréag, ní mise a chum…

Fág freagra ar 'Níl tásc ná tuairisc ar Shantaí, ach buíochas le Dia tá ace-iriseoir na Gaeilge ag fiosrú an scéil…'

  • An la ata inniu ann

    Bydad, níl an scríbhneoir seo róthógtha leis an troid i gcoinne an athraithe aeraide, na le Justin Trudeau. Seolfaidh mé mo phlaisteach go léir chuige, mas mian leis sin.