‘Níl siad le trust’ – socrú dáta do mhargadh leis an mBreatain curtha siar ag an AE 

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney nach féidir aon iontaoibh a bheith ann go gcloífidh an Ríocht Aontaithe le comhaontú

‘Níl siad le trust’ – socrú dáta do mhargadh leis an mBreatain curtha siar ag an AE 

An tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney agus Boris Johnson

Tá Parlaimint na hEorpa tar éis an cinneadh dáta a shocrú chun an margadh trádála leis an mBreatain a dhaingniú a chur ar athlá. 

Cuireadh moill ar an daingniú tar éis é a bheith á chur i leith Boris Johnson gur sháraigh sé an dlí idirnáisiúnta den dara huair faoi cheist na teorann sa tír seo. 

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney nach féidir aon iontaoibh a bheith ann go gcloífidh an Ríocht Aontaithe le comhaontú.

Ag caint a bhí Coveney faoi chinneadh aontaobhach na Ríochta Aontaithe síneadh a chur leis an tréimhse chairde trí mhí a tugadh ó na seiceálacha iarBhreatimeachta ar roinnt earraí.  

An 31 Márta a thiocfadh deireadh leis an gcairde sin agus ón dáta sin ar aghaidh bheadh dearbhí custaim riachtanach d’earraí a bheadh ag teacht go Tuaisceart Éireann as an mBreatain. 

Dúirt an tAire Coveney nach raibh aon rogha ag an Aontas Eorpach ach dul i muinín an dlí. “Ní cúrsaí dlí atá uainne ach níl an Ríocht Aontaithe ag fágáil aon rogha eile againn.

“Murar féidir iontaoibh a bheith as an Ríocht Aontaithe toisc go ndearna siad cinneadh aontaobhach, ní fhágann siad an dara rogha ag an Aontas Eorpach.” 

Dúirt sé go raibh dul chun cinn á dhéanamh ar an bPrótacal. 

“Is mar gheall air sin atá an tAE ag féachaint ar chúrsaí dlí agus ar chur chuige dlíthiúil. Sin próiseas idirbheartaíochta atá i bhfad níos doichte agus níos foirmiúla seachas an próiseas comhpháirtíochta ina ndéanann gach dream iarracht teacht ar réiteach le chéile.”  

Dúirt an tAire Gnóthaí Eorpacha, Thomas Byrne, nár chóir ligean do chur chuige naimhdeach Rialtas na Breataine in aghaidh an AE próiseas na síochána a scrios.

“Ní haon áibhéil a rá i gcomhthéacs Thuaisceart Éireann go mbíonn bearta aontaobhacha an-chontúirteach, seafóideach agus b’fhéidir mídhleathach,” a dúirt Byrne.

“Is é atá i gceist agam, más mian leis an mBreatain a bheith síoraí seasta ag troid leis an Aontas Eorpach, bíodh acu, ach lena dtoil, fágaidís Tuaisceart Éireann as an scéal…caithfear an próiseas síochána a chosaint,” a dúirt Thomas Byrne.

Faoin gcomhaontú a rinneadh idir an tAE agus an RA ionas nach mbeadh aon seiceálacha custaim ar an teorainn sa tír seo, caithfear roinnt earraí a sheiceáil agus iad ag teacht as an mBreatain go dtí Tuaisceart Éireann. 

Bhí sé i gceist seiceálacha níos déine a thabhairt isteach nuair a thiocfadh deireadh leis an tréimhse chairde ag deireadh na míosa seo ach tá Rialtas na Breataine ag rá anois go gcuirfidh sé síneadh leis an tréimhse sin go Deireadh Fómhair.

Rinne an Bhreatain an fógra sin sula raibh a chéad chruinniú ag David Frost, príomh-idirbheartaí nua na Ríochta Aontaithe, le príomh-idirbheartaí an AE, Maroš Šefčovič.

 “Ní bréag a rá gur an-drochmheasúil mar bheart é,” a dúirt Simon Coveney.

Dúirt an Coimisiún Eorpach gur chóir aon chinneadh a bheith déanta i gcomhar leis an AE de réir chomhaontú aistarraingthe an Bhreatimeachta. Ceapadh go mbeadh vóta ar an socrú ann ar an 25 Márta. 

Dúirt an Feisire Eorpach Mairéad McGuinness, go raibh dochar déanta ag fógra na Breataine.

“Ní haon chuidiú rudaí mar sin chun muinín a chothú,” a dúirt sí. 

Mar bharr ar an gconspóid sin, tá eagraíochtaí paraimíleata Aontachtacha, tar éis a rá le Príomh-Aire na Breataine Boris Johnson nach dtabharfaidh siad a dtacaíocht do Chomhaontú Aoine an Chéasta níos mó. 

Dúirt na grúpaí go raibh siad ag tarraingt siar a dtacaíocht don chomhaontú síochána go sealadach de bharr an imní atá orthu faoi Phrótacal Thuaisceart Éireann. 

D’iarr Comhairle na bPobal Dílseach go mbeadh aon fheachtas i gcoinne an Phrótacail “síochánta agus daonlathach”.

Fág freagra ar '‘Níl siad le trust’ – socrú dáta do mhargadh leis an mBreatain curtha siar ag an AE '

  • Liam Mac Lochlainn

    ‘Níl siad le trust. Cén teanga í sin?