Níl sé i gceist ainm ‘Seachtain na Gaeilge’ a athrú in ainneoin moladh ó chomhairle contae

Cé go bhfuil Comhairle Contae Chiarraí ag moladh go dtabharfaí ‘Mí na Gaeilge’ ar an bhféile, deir Conradh na Gaeilge go bhfuil baol ann go gcaillfí an t-aitheantas atá aici dá n-athrófaí a hainm

Níl sé i gceist ainm ‘Seachtain na Gaeilge’ a athrú in ainneoin moladh ó chomhairle contae

Níl sé i gceist ag Conradh na Gaeilge ainm ‘Seachtain na Gaeilge’ a athrú in ainneoin moladh ó chomhairle contae.

Ghlac Comhairle Contae Chiarraí le rún an tseachtain seo caite go scríobhfaí chuig Conradh na Gaeilge ag moladh go ndéanfaí athbhreithniú ar ainm na féile.

Dar leis an gComhairleoir Fionnán Fitzgerald, a mhol an rún, bheadh sé níos fearr ‘Mí na Gaeilge’ a thabhairt ar an bhféile bhliantúil toisc go maireann sí níos faide ná aon seachtain amháin.

In agallamh le Raidió na Gaeltachta, dúirt an comhairleoir de chuid Fhianna Fáil gur thuig sé go gcaithfí a bheith “cúramach” le hainm na féile aitheanta a athrú ach nár cheart “eagla” a bheith orainn athruithe a dhéanamh.

Deir Conradh na Gaeilge go gcuireann siad fáilte roimh mholadh an chomhairleora ach nach bhfuil sé i gceist acu ainm Sheachtain na Gaeilge a athrú mar go mbeadh an baol ann “go gcaillfí an t-aitheantas atá an an bhféile” dá n-athrófaí a hainm.

“Is maith an rud é i gcónaí go mbíonn moltaí ag daoine don fhéile agus go mbíonn rath na féile á phlé,” a dúirt Bainisteoir Sheachtain na Gaeilge, Orlaith Nic Gearailt, le Tuairisc.

“Níl litir faighte againn ón gComhairle go fóill ach bunaithe ar an agallamh ar Raidió na Gaeltachta, aontaím leis an méid atá ráite ‘gur gá bheith cúramach le hainmneacha’, go bhfuil ‘go leor taobh thiar d’ainm’ agus go mbíonn ‘ceangal ag daoine le hainmneacha’. Aontaím go háirithe leis an méid a dúradh, ‘má athraíonn tú ainm, tá seans ann go gcaillfeá rud éigin’,” arsa Nic Gearailt.

“Tá Seachtain na Gaeilge ar an bhfód ó 1902 agus imeachtaí ar siúl ar feadh tréimhsí éagsúla go bliantúil ó shin i leith. Aithníonn móramh mhuintir na hÉireann ainm na féile. Tá an baol ann go gcaillfí an t-aitheantas atá ag an bhféile le hainm éagsúil.”

Dúirt Nic Gearailt go rachadh coiste ceannais Sheachtain na Gaeilge i dteagmháil le Comhairle Contae Chiarraí tar éis dóibh an litir leis an moladh a fháil.

Le blianta beaga anuas, mhair Seachtain na Gaeilge, urraithe ag Energia, ón gcéad lá de mhí an Mhárta go dtí Lá Fhéile Pádraig agus imeachtaí éagsúla á reáchtáil ar fud an domhain.

Dúirt an Comhairleoir Fitzgerald, atá ina mhúinteoir Gaeilge i Scoil na mBráithre Críostaí i dTrá Lí, gur thuig sé go raibh an stair agus an fheasacht atá ag baint le hainm Sheachtain na Gaeilge ach go léireodh ainm nua cosúil le ‘Mí na Gaeilge’ go bhfuil níos mó i gceist leis an nGaeilge ná aon seachtain amháin sa bhliain.

 

Fág freagra ar 'Níl sé i gceist ainm ‘Seachtain na Gaeilge’ a athrú in ainneoin moladh ó chomhairle contae'