Níl sé i gceist ag Aire Stáit na Gaeltachta dul go Gaoth Dobhair chun dochar tuilte a fheiceáil

Dúirt an Teachta Dála Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir gur cheart do Sheán Kyne teacht go dtí Gaoth Dobhair cé nach ag a Roinn atá an buiséad don obair dheisiúcháin

Níl sé i gceist ag Aire Stáit na Gaeltachta dul go Gaoth Dobhair chun dochar tuilte a fheiceáil

Níl sé i gceist ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne cuairt a thabhairt ar Ghaoth Dobhair i bhfianaise na dtuilte a bhí ann ag an deireadh seachtaine.

Dúirt Pat ‘the Cope’ Ó Gallchóir, an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, gur cheart do Sheán Kyne teacht go dtí Gaoth Dobhair chun an dochar a rinne na tuilte a fheiceáil agus maoiniú a fhógairt don obair dheisiúcháin.

Ach thug an tAire Stáit le fios do Tuairisc.ie nach bhfuil rún aige cuairt ar láithreacha na dtuilte i nGaeltacht Dhún na nGall mar nach ag a Roinn atá an buiséad chun an obair dheisiúcháin a dhéanamh. 

“Tá Scéim na mBóithre Áise faoina mbíodh ciste airgid á chur ar fáil ag mo Roinn do na húdaráis áitiúla ábhartha chun athchóiriú agus uasghrádú a dhéanamh ar bhóithre áirithe sa Ghaeltacht ar fionraí le tamall de bhlianta anuas.

“Is ar na húdaráis áitiúla ábhartha atá an fhreagracht anois maidir le bóithre sa Ghaeltacht, ach an oiread leis an gcuid eile den tír,” a dúirt an tAire Stáit Seán Kyne.

Bhí áiteanna i nGaeltacht Dhún na nGall i measc na gceantar ba mheasa a bhí buailte ag an mbáisteach throm sa chontae an deireadh seachtaine seo caite.

Dúnadh bóthar i Mín an Locha, mar gheall ar sciorradh talún agus fágadh dhá theaghlach sáinnithe nuair a scriosadh droichead abhainn na Cláidí.

Fág freagra ar 'Níl sé i gceist ag Aire Stáit na Gaeltachta dul go Gaoth Dobhair chun dochar tuilte a fheiceáil'