Níl polasaí oifigiúil ag RTÉ RnaG maidir le ceoltóirí fir agus ban mar ‘ní gá a leithéid’

Fágadh ar lár RTÉ Raidió na Gaeltachta i dtuarascáil nua maidir le cothromaíocht inscne sa cheol a sheinntear ar stáisiúin raidió

Níl polasaí oifigiúil ag RTÉ RnaG maidir le ceoltóirí fir agus ban mar ‘ní gá a leithéid’

Deir RTÉ Raidió na Gaeltachta nach bhfuil aon pholasaí acu lena chinntiú go mbíonn cothromaíocht idir ceoltóirí fear agus ceoltóirí ban ar an stáisiúin.

I ráiteas a chuir an stáisiúin ar fáil do The Journal of Music, dúradh nach bhfuil aon “polasaí foirmiúil” ag an stáisiún “ó thaobh cothromaíocht ceoltóirí fir/ban ar an aer mar nach raibh gá lena leithéid”.

“Níl córas seinnliosta i gceist le seirbhís raidió RTÉ Raidió na Gaeltachta, agus tugtar saoirse do na craoltóirí a rogha ceoil a chasadh.  Níl polasaí foirmiúil ann ó thaobh cothromaíocht ceoltóirí fir/ban ar an aer, mar ní raibh gá lena leithéid.  Tá tuiscint ann gur cheart go mbeadh cothromaíocht ann idir fir agus mná. 

“Is fiú a lua, freisin go bhfuil cothromaíocht iomlán, beagnach, idir láithreoirí ar fir iad, agus iadsan ar mná iad, ar an stáisiún.  52% fir, 48 % mná, agus is dócha go mbíonn tionchar aige sin go nádúrtha freisin ar chothromaíocht ó thaobh an rogha ceoil a bhíonn le cloisteáil ar an stáisiún,” a dúradh sa ráiteas.

Iarradh ar Raidió na Gaeltachta ráiteas a chur ar fáil maidir lena bpolasaí maidir le cothromaíocht inscne sa cheol a sheinntear ar an stáisiún nuair a foilsíodh tuarascáil nua faoin ábhar an tseachtain seo caite.

Rinneadh anailís sa tuarascáil ‘Gender disparity Data Report’ ar na huaireanta craolta a tugadh do cheoltóirí fir agus ban ar 27 stáisiún raidió in Éirinn ach níor cuireadh Raidió na Gaeltachta san áireamh sa suirbhé.


Dúirt urlabhraí Raidió na Gaeltachta gur údar díomá
don stáisiún nár cuireadh san áireamh iad sa suirbhé. 

Fág freagra ar 'Níl polasaí oifigiúil ag RTÉ RnaG maidir le ceoltóirí fir agus ban mar ‘ní gá a leithéid’'