Níl na torthaí go léir faighte i SAM fós, ach tá aird cheana ar 2024 agus Trump

Tá ceithre mhí dhéag go dtosóidh na réamhthoghcháin ach beidh cluas á coinneáil le Donald Trump ag an uile dhuine Dé Máirt seo chugainn

Níl na torthaí go léir faighte i SAM fós, ach tá aird cheana ar 2024 agus Trump

Tá siad thart ach níl siad thart. Go deimhin, ní bheidh an toradh iomlán againn ar na toghcháin lár téarma sna Stát Aontaithe go dtí tús mhí na Nollag nuair a chinnteofar cé leis an suíochán deiridh sa Seanad in Washington. Ag an tráth sin, beidh muid fós ag faire na gcásanna cúirte a bheidh tosaithe ag leithéidí Kari Lake nach bhfuil aon iontaoibh aici as próiseas polaitíochta na tíre.

Bíodh sin mar atá, tá an próiseas sin ag bogadh ar aghaidh go dtí an chéad choimhlint eile agus an toghchán uachtaránachta in 2024. Níl ach ceithre mhí dhéag idir muid agus na réamhthoghcháin i stáit leithéidí New Hampshire agus Iowa. Tá an tuairimíocht faoi cé a bheidh san iomaíocht faoi lán tseoil.

Ar an ábhar sin, beidh an Mháirt seo chugainn cinniúnach. Tá cuireadh tugtha ag Donald Trump dúinn ar fad bheith ag ócáid i Mar-a-Lago Florida mar a mbeidh fógra mór aige, a deir sé. An ionann an fógra a dhéanfaidh sé Dé Máirt seo chugainn agus an ceann a bhí i gceist aige roinnt laethanta ó shin? Tugadh bata agus bóthar do Trump, dar le go leor ionadaithe sa bpáirtí Poblachtach sna toghcháin seo. Tugadh droim láimhe le go leor dá chuid iarrthóirí agus is cosúil go bhfuil sé spréachta. Cén tionchar a bheidh aige sin ar an bhfógra Dé Máirt? Is beag duine nach gcreideann go bhfuil sé lena ainm a chur sa bpota don chéad toghchán uachtaránachta eile. Ceist eile an gcreideann siad go mbeidh tacaíocht ar fáil dó.

Tráthúil go leor, is Dé Máirt freisin a fhoilseofar an leabhar atá scríofa ag Mike Pence faoina thréimhse féin mar leasuachtarán ag Trump. Tá sleachta den leabhar foilsithe sa Washington Post cheana féin ina bhfaigheann muid léargas Pence ar na hionsaithe ar Washington Lá Chinn an Dá Lá Dhéag 2021. Tugann Pence le fios go raibh sé feargach faoin méid a bhí ag tarlú agus léargas aige is cosúil ar a mhífhoighid le réimeas Trump.

An deacracht atá ag Pence ná nár thug sé le fios le linn a thréimhse sa Teach Bán ná ó shin go raibh sé amhrasach faoi chur chuige Trump. An bhfuil sé mall aige anois dul i gcion ar dhaoine agus é féin a chur i láthair mar rogha don chéad toghchán uachtaránachta eile?

Cé gur éirigh níos fearr leis na Daonlathaigh sna toghcháin seo ná mar a bhí súil leis níl smacht acu ar an gComhdháil níos mó. Dá réir ní bheidh ar a gcumas a gcuid mianta a chur i gcrích mar go gcuirfear ina n-aghaidh ag gach céim de phróiseas casta reachtaíochta na Stát Aontaithe. Tá fadhb acu anois freisin ó tharla é a bheith tugtha le fios ag an Uachtarán Biden go bhfuil sé i gceist aige a ainm a chur chun cinn don pháirtí in 2024. De réir gnásanna na polaitíochta i Meiriceá, ní chuirfidh aon duine in aghaidh an Uachtaráin reatha.

Tá trácht cheana féin go gcaithfear dul i gcion air seasamh ar leataobh ar mhaithe le seans a thabhairt don pháirtí in 2024. Má bhíonn iarrthóir óg fuinniúil ag na Poblachtaigh ar nós Ron DeSantis gabhfaidh aois Biden ina aghaidh. Go leor díobh siúd a thacaigh leis in 2020 ba le gráin ar Trump a rinne siad é. Ní hamhlaidh a bheidh in 2024, déarfá. Tá ag éirí leis, mar sin féin, dul i gcion ar go leor vótóirí, go háirithe daoine óga.

Ceithre mhí dhéag, mar sin, go dtosóidh na réamhthoghcháin ach is fiú dúinn ar fad cluas a choinneáil le Trump Dé Máirt seo chugainn go bhfeicfidh muid céard atá i gceist aige. Ní miste a rá, mar sin féin, go gcaithfear glúin níos óige a mhealladh isteach i bpolaitíocht na Stát Aontaithe sula i bhfad.

Fág freagra ar 'Níl na torthaí go léir faighte i SAM fós, ach tá aird cheana ar 2024 agus Trump'