Níl na cosa tugtha linn fós againn ón triomach is faide ó 1850

Deir Uisce Éireann go bhféadfadh soláthar uisce Bhaile Átha Cliath a bheith triomaithe i gceann 70 lá agus maíonn eolaithe go bhféadfadh nach bhfuil deireadh go fóill leis an triomach in ainneoin an smeadair báistí le tamall…

Níl na cosa tugtha linn fós againn ón triomach is faide ó 1850

D’ainneoin smeadar báistí a bheith caite aige le cúpla seachtain, seo é an tréimhse is faide triomaigh i mBaile Átha Cliath ó 1850, a deir eolaithe atá ag obair in Aonad Anailíse Aeráid na hÉireann (Icarus) in Ollscoil Mhá  Nuad.

I mblag ó thriúr eolaithe san Aonad, Dr Simon Noone, Dr Conor Murphy agua an tOllamh Peter Thorne, cuireann siad fainic orainn nach gcúiteoidh an beagán báistí a thit le déanaí an easpa báistí le cúpla mí. Deir siad chomh maith go léiríonn réamhaisnéis an tséasúir go bhfuil an-seans ann go leanfadh an triomach tamall eile.

Chun an triomach a thomhas, úsáideann na heolaithe i Maigh Nuad Innéacs Caighdeánach Taiseachais agus Imghalaithe (SPEI), innéacs a thomhaiseann an t-uisce a ídíonn plandaí agus an t-uisce a ghalaítear chomh maith leis an easpa báistí agus is léir ó SPEI go bhfuil an triomach is measa le 168 bliain i mBaile Átha Cliath.

Náid ar an innéacs an gnáthrud ach ó Bhealtaine go hIúil na bliana seo -2.7  a bhí againn. Lúnasa 1995 an uair dheiridh a raibh cúrsaí chomh dona ó thaobh an triomaigh de.

Léiríonn taighde Icarus go raibh seacht dtréimhse triomaigh ar fud na tíre seo ó 1850: 1854–1860, 1884–1896, 1904–1912, 1921–1923, 1932–1935, 1952–1954 and 1969–1977 agus gur eisceacht ab ea an aimsir a bhí againn le dhá scór bliain.

An dá uair dheiridh a raibh triomach dona ann i mí amháin, bhí sé go dona mí eile níos déanaí an bhliain chéanna. Léiríonn sé sin go bhféadfadh a leithéid tarlú fós i mbliana.

“Bhí seachtain bháistí againn, ach an tseachtain sin féin níor thit ach 47% den mheán a mbeifí ag súil leis i mí Iúil i bPáirc an Fhionnuisce, ní áirím cúiteamh a dhéanamh as an triomach le míonna,” a deir na heolaithe sa bhlag. Is i bPáirc an Fhionnuisce atá an stáisiún aimsire is sine in Éirinn agus eolas á sholáthar agus á thaifeadadh ansin le breis is céad go leith bliain.

Mar bharr ar an mí-ádh, tá Roinn Náisiúnta Riaracháin na nAigéan agus an Atmaisféir (NOAA) i Meiriceá ag tuar go mbeidh báisteach Lúnasa agus Mheán Fómhair faoi bhun an mheáin. 

Údar imní na tuartha seo go bhféadfadh an triomach teacht ar ais agus seasamh tamall maith.

“Ná cuireadh an bháisteach a bhí againn le gairid dul amú ort. D’fhéadfadh nach bhfuil an chontúirt thart fós ná baol uirthi,” a deir na taighdeoirí.

Níos túisce an tseachtain seo, dúirt Uisce Éireann go bhféadfadh soláthar uisce Bhaile Átha Cliath a bheith triomaithe i gceann 70 lá. De ghnáth bheadh stór uisce 150 lá sa taiscumar i bPoll an Phúca, an leibhéal a bheadh inmholta. Tá an cosc ar phíobáin uisce a úsáid fós i bhfeidhm ar fud na tíre.

An tAigéan Atlantach a bheidh i gceannas ar an aimsir go ceann seachtaine má thagann tuar faoi réamhaisnéis Met Éireann. Leoithne gaoithe aniar aneas a bheidh ann anocht agus múraíl á crochadh chugainn aici le cósta an iarthair agus titfidh corrbhraon san oirthear chomh maith.

Teastóidh an phluid uainn anocht mar tá an teocht á tuar chomh híseal le 5 go 9 gcéim Celsius.

Lá tirim agus tamaill ghréine atá geallta amárach ach más thiar nó ó thuaidh a bheidh tú bíodh do scáth báistí leat mar beidh corrmhúr thart. Beidh sé breá te mar sin féin agus an teocht idir 15 agus 20 céim Celsius. Ceobhrán, salachar báistí, múraíl agus tréimhsí gréine atá i ndán dúinn mar sin agus is beag feabhas a chuirfidh an phislínteacht sin ar an stór uisce sna taiscumair.

Fág freagra ar 'Níl na cosa tugtha linn fós againn ón triomach is faide ó 1850'

  • leitheoir

    Foclóir ‘báistí’ an údair thar beart ar fad. Ní hionadh sin! An bhfuil an focal ‘scrabhadh báistí’ aici. I mBéarla (!) a chuala mé an focal ‘scrabhadh’.

    • Seán Tadhg Ó Gairbhí

      Is minic é cloiste ó dheas agam! Máire