‘Níl muid ag gabháil duine ar bith a chur ó dhoras’ – géarchéim chóiríochta i gColáiste Feirste 

Tá méadú tagtha ar líon na ndaltaí i ngaelscoileanna Bhéal Feirste agus mar thoradh air sin tá níos mó éilimh ar áiteanna i gColáiste Feirste, an t-aon iar-bhunscoil lán-Ghaeilge sa chathair

‘Níl muid ag gabháil duine ar bith a chur ó dhoras’ – géarchéim chóiríochta i gColáiste Feirste 

Tá ráite ag Príomhoide Choláiste Feirste, Micheál Mac Giolla Ghunna, go bhfuil an Gaelcholáiste aitheanta i mBéal Feirste buailte ag géarchéim chóiríochta. Tá 900 dalta ag freastal ar an scoil agus gan spás san fhoirgneamh ach do 600 dalta, a deirtear.

Bunaíodh Coláiste Feirste i 1991 agus is é an t-aon Ghaelcholáiste i mBéal Feirste.

“Fadhb ollmhór atá ann le tamall de bhlianta,” a dúirt Príomhoide Choláiste Feirste, Micheál Mac Giolla Ghunna ar an gclár 7 Lá ar TG4 an tseachtain seo. 

Dúirt Mac Giolla Ghunna go bhfuil borradh iontach faoin Ghaelscolaíocht i mBéal Feirste le blianta fada anuas.

“Tá an borradh seo ann de bharr na n-eispéireas oideachais a fhaigheann na daltaí agus mar gheall ar an tsuim atá ag daoine i bhforbairt phobal labhartha na Gaeilge sa chathair seo.”

“Ar an drochuair, níl plean straitéiseach ann le tabhairt faoin fhás sin. Níl muid ag fáil cóiríocht bhreise ar chor ar bith le freastal ar an éileamh ollmhór atá ann maidir leis an scoil.”

Deir an príomhoide nach raibh “an chóiríocht chuí” ann riamh “i ndáiríre”.

“In 2017 nuair a tógadh an píosa deireanach den scoil, dúirt muid go raibh muid ag tarraingt ar 700 dalta cheana féin agus go gcaithfí plean a chur i bhfeidhm le tabhairt faoi sin,” ar sé. 

“Ó shin i leith tá an Roinn Oideachais lánsásta cruinnithe a dhéanamh linn, tá siad lánsásta an próiseas a mhíniú dúinn. Cuireann muid moladh forbartha isteach agus tá siad sásta glacadh leis sin uilig, ach ní fheiceann muid rud ar bith ar an talamh.”

Sé an fhadhb atá ann, dar leis, ná nach mbíonn an Roinn ag pleanáil chun tosaigh. 

“Níl an ghaelscolaíocht, ná riachtanais na gaelscolaíochta, ar an chlár s’acu i ndáiríre,” a deir Mac Giolla Ghunna.

“Tá dualgas reachtach orthu forbairt na gaelscolaíochta a éascú. Ó tháinig an soiléiriú ar an dualgas reachtach sin sna cúirteanna níos mó ná deich mbliana ó shin, labhraíonn siad faoin dualgas sin, ach ní fheiceann muid gníomh ag tarlú, agus is é sin an fhadhb.”

Dúirt Mac Giolla Ghunna go bhfuil siad “ag troid ar son na Gaelscolaíochta” le tríocha bliain i gColáiste Feirste agus le caoga bliain i mBéal Feirste.

“Níl muid ag gabháil duine ar bith a chur ó dhoras. Tá an ceart acu oideachas trí mheán na Gaeilge a fháil, agus soláthróidh muid an t-oideachas sin,” ar sé. 

“Beidh sé an-deacair, beidh go leor dúshlán againn. Níor chóir go mbeadh muid faoin oiread seo brú.”

Deir sé nár chóir go mbeadh ar pháistí teacht isteach i scoil atá plódaithe, agus ranganna ag tarlú i ndorchlaí, i seomraí foirne agus i hallaí spóirt.

“Ach níl muidne ag gabháil ligean do na deacrachtaí sin stop a chur leis an ghaelscolaíocht. Níl sé ceart ná cóir go gcaithfidh muid oideachas a sholáthar do pháistí faoi na coinníollacha seo,” a deir Mac Giolla Ghunna.

Tá méadú tagtha ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar ghaelscoileanna i mBéal Feirste le cúig bliana anuas agus mar thoradh air sin tá níos mó éilimh ann ar áiteanna i gColáiste Feirste. Tuairiscíodh anuraidh níos mó ná 7,000 dalta cláraithe i nGaelscoileanna an Tuaiscirt den chéad uair riamh.

Beidh gá le Gaelcholáiste nua i mBéal Feirste go luath, a deir Mac Giolla Ghunna. 

“Is ceist éagsúil í sin ach creideann muid go bhfuil an t-éileamh ann le haghaidh Gaelcholáiste eile,” ar sé. “Sin ceist don Roinn Oideachais mar go bhfuil sé de dhualgas orthu oideachas trí mheán na Gaeilge a spreagadh agus a éascú. 

“Is í an fhadhb atá ann go bhfuil an fhreagracht sin orainn agus níor cheart go mbeadh muid riamh sa chás seo ina bhfuilimid ag druidim le 300 dalta breise.”

D’iarr an MLA Pat Sheehan ó Shinn Féin ar an Aire Oideachais ó thuaidh níos mó a dhéanamh chun oideachas trí mheán na Gaeilge “a spreagadh agus a éascú” sna sé chontae.

Dúirt sé freisin go gcaithfidh Michelle McIlveen a chinntiú go bhfreastalófar ar riachtanais chóiríochta na nGaelscoileanna agus na nGaelcholáistí.

Fág freagra ar '‘Níl muid ag gabháil duine ar bith a chur ó dhoras’ – géarchéim chóiríochta i gColáiste Feirste '