Níl meaisín nite soithí agat? Ba dhóigh leat gur thit de charr asail am éicint in 1892…

Tá dhá thuairim ann nuair a thagann sé go cúrsaí soithí, a deir ár gcolúnaí

Níl meaisín nite soithí agat? Ba dhóigh leat gur thit de charr asail am éicint in 1892…

‘Só, céard a tharla don mheaisín nite soithí eile?’ a d’fhiafraigh fear an tsiopa earraí leictreacha díom. Bhain a cheist sórt geit asam. ‘Eile?!’

D’aithin mé ar a ghlór go mba é an sórt glóir é a bheadh ag duine a bhí an-chinnte de chúrsaí an tsaoil. Ba dhuine é a mbeadh a fhios aige céard é thuas agus céard é thíos, céard é ceart agus céard é mícheart. Céard é ciall agus céard é díth céille.

Cén chaoi a n-inseofá do dhuine mar sin nach raibh aon mheaisín ‘eile’ agat. Nó, níos measa fós, ní hamháin nach raibh aon mheaisín ‘eile’ agat, ach nach raibh aon mheaisín nite soithí riamh agat? Cén breithiúnas a dhéanfaí ort?

‘Ó,’ a dúirt mé faoi m’anáil, ‘ní raibh aon cheann eile againn.’ Bhreathnaigh mé síos is rinne mé staidéar grinn ar an miasniteoir saorseasaimh Hotpoint (Rátáil A++) a raibh muid ina seasamh in aice leis ar mhaithe le breathnú in áit éicint seachas isteach sa dá shúil air.

Thug mé sórt cuimilt bheag le mo mhéar do bharr an mhiasniteora amhail is go raibh smál beag ar a bharr a bhí le glanadh de. D’airigh mé an stad is an gheit i mo chomrádaí.

‘Céard?’ a dúirt sé agus iontas ina ghlór.

Like, níl aon mheaisín nite soithí againn.’ a dúirt mé.

‘Ó!’ a dúirt sé. ‘Só bhí sibh á níochán… de láimh?’

‘Bhí,’ a dúirt mé.

‘Ar an seanstyle, mar a déarfá?’ a dúirt sé agus ba léir nár rith sé leis riamh ina shaol roimhe seo go raibh daoine ann a bhí fós, in 2017(!) ag ní a gcuid soithí – de láimh. Bhí mé  mar a bheadh sióg nó leipreachán.

Anois, agus duine de na ‘niteoirí láimhe’ ón mbéaloideas ina seasamh os a chomhair amach, bhí an bheirt againn beagáinín míchompordach agus an faoistin déanta agam.

Bhí aiféala orm nár dhúirt mé go raibh Whirlpool agam roimhe seo ach gur airigh mé gur fhág sé sórt lorg bán ar na soithí nó go raibh mé ag léamh ar which.co.uk go raibh na Hotpoints go maith.

Lean an ciúnas ar aghaidh. Seans nach raibh ann ach cúpla soicind ach d’airigh sé mar a bheadh míle bliain. Níor labhair sé. ’Cén sórt í seo nach raibh aon mheaisín nite soithí aici cheana nó an é go bhfuil sí ag magadh fúm?’

D’airigh mé mar a bheadh duine a thit de charr asail am éicint in 1892 (amuigh faoin tuath in Pennsylvania, seans). Bhí sé mar a bheadh na blianta caite agam ar seachrán nó gur thug an saol isteach go hIonad Siopadóireachta na Gaillimhe ar bhóthar Átha Cinn mé mar a bheadh taibhse ann is mé ar thóir earraí bána.

Tá dhá thuairim ann, sílim, nuair a thagann sé go cúrsaí soithí. An chéad cheann ná an tuairim go bhfuil sórt mearbhall ort má tá tú ag níochán soithí de láimh is déarfar rud éicint ar nós, ‘an bhfuil tú ag ealaín?’ nó ‘bíodh ciall agat a dheirfiúirín!’

Ach tá an dara tuairim ann freisin. Is iomaí duine a dúirt liom go raibh craiceáil orm a bheith ag cuimhneamh ar mheaisín a cheannach chun na soithí a níochán. ‘Is é an chuid is fearr den lá atá ann,’ a dúirt fear amháin liom. ‘Tugann sé am duit a bheith ag machnamh is ag cuimhneamh ar chúrsaí an tsaoil.’

B’fhéidir é.

Fág freagra ar 'Níl meaisín nite soithí agat? Ba dhóigh leat gur thit de charr asail am éicint in 1892…'

  • Samuel

    Agus cén meaisín a rinne an níochán inchinne ar fhear an tsiopa? Níor mheaisín rómhór é ar chuma ar bith. Is geall le meaisín nó robait ‘duine’ den sórt sin. Cén chaoi ar choimeád tú guaim ort féin? Chuirfinn an sotal ina thóin dó, dhéanfainn sin.

  • aindrias

    Is é an ‘sobal’ a chuirfinn féin ina thóin dó, ar mh’anam. Faighim féin pléisiúr leanbaíoch agus me ag ní áraistí. Ach níl éinne eile fé iamh an tí ach me féin…go nuige seo.

  • Mise Áine

    ‘‘Tugann sé am duit a bheith ag machnamh is ag cuimhneamh ar chúrsaí an tsaoil.’

    Ná bac leis, a Bhridget! Cuir na soithí sa meaisín, agus déan do mhachnamh ar an tolg..;-)