‘Níl insint bhéil ar a thábhachtaí is atá sé do stair na tíre agus na Gaeilge’ – ceann de Leabhair Mhóra na hÉireann ag baile arís

Is sa ‘Leabhar Leasa Móir’ atá an t-aon chóip amháin a mhaireann d’imeachtaí Marco Polo a aistríodh go Gaeilge agus baineann an scéal is faide sa Leabhar le heachtraí Fhinn Mhic Cumhaill agus na bhFiann

‘Níl insint bhéil ar a thábhachtaí is atá sé do stair na tíre agus na Gaeilge’ – ceann de Leabhair Mhóra na hÉireann ag baile arís

An tOllamh Pádraig Ó Macháin, Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh

Tá ceann de na lámhscríbhinní Gaelacha is mó cáil bronnta ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh ag Diúc as Sasana.

Aithnítear ‘Leabhar Leasa Móir’ ar cheann de Leabhair Mhóra na hÉireann agus tá sé ar ais ina cheantar dúchais.

Scríobhadh Leabhar Mhic Cárthaigh Riabhaigh, teideal ceart an leabhair, i gCaisleán Chill Bhriotáin in iarthar Chorcaí i dtreo dheireadh an cúigiú haois déag d’Fhínghin Mac Cárthaigh, Tiarna Chairbre agus dá bhean Caitilín Nic Gearailt.

Cnuasach scéalta nach mór 400 leathanach atá sa leabhar.

Lámhscríbhinn thábhachtach Ghaeilge is ea an Leabhar agus mórthéacsanna ann a bhaineann le dúchas na nGael agus aistriúcháin ar litríocht chomhaimseartha na hEorpa.

Is sa Leabhar atá an t-aon chóip amháin a mhaireann den aistriúchán Gaeilge ar imeachtaí Marco Polo agus baineann an scéal is faide sa Leabhar, ‘Agallamh na Seanórach’, le heachtraí Fhinn Mhic Cumhaill agus na bhFiann.

“Níl insint bhéil ar a thábhachtaí is atá an lámhscríbhinn seo do stair na hÉireann agus do stair na Gaeilge,” arsa an tOllamh Pádraig Ó Macháin, Ollamh le Nua-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

“Leabhar mór Gaelach Corcaíoch is ea é, agus seoid mhór náisiúnta is ea é chomh maith. Beidh éileamh agus teacht ag an saol mór ar an leabhar seo feasta, agus is cúis mhórtais agus áthais é sin gan aon agó.”

Dúirt an tOllamh Ó Macháin go mbainfeadh “mic léinn agus foireann teagaisc agus taighde leas leanúnach as an bhfoinse luachmhar” agus go rachadh an leabhar chun tairbhe do na “glúnta atá fós le teacht”.


Is é Diúc Devonshire, trí Iontaobhas Chatsworth, a bhronn ‘Leabhar Leasa Móir’ ar an ollscoil. Tugadh an leabhar ar iasacht do Choláiste na hOllscoile, Corcaigh in 2011 agus dúirt an Diúc gur mheas sé ó shin gur cheart an leabhar a fhágáil acu go buan.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin gur “ócáid stairiúil” a bhí i bhfilleadh an leabhair ar a cheantar dúchais.

“Bainfidh pobail na hÉireann go léir tairbhe agus taitneamh as Leabhar Leasa Móir a bheith ar ais sa tír. Táim cinnte chomh maith go dtairbheoidh mic léinn agus taighdeoirí Choláiste na hOllscoile, Corcaigh den leabhar a bheith ina measc. Cúis mhór mórtais dúinn go léir is ea é seo.”

Coinníodh an leabhar in Éirinn, sa Bhreatain Bheag agus i Sasana i rith na mblianta.

Tógadh an leabhar ar shiúl ó Chill Bhriotáin ar dtús i 1642 agus bhí sé i bhfolach ar feadh tréimhse i gCaisleán an Leasa Móire i bPort Láirge. Aistríodh an Leabhar go Teach Chatsworth i 1914.

Tá sé i gceist ag Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, an leabhar a chur ar taispeáint i Leabharlann Boole amach anseo.

Fág freagra ar '‘Níl insint bhéil ar a thábhachtaí is atá sé do stair na tíre agus na Gaeilge’ – ceann de Leabhair Mhóra na hÉireann ag baile arís'