‘Níl inse béil ar an mórtas atá ar leanbh ’s liath faoi Ghleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair’

Agus muintir Ghaoth Dobhair ‘sna flaithis’ ag bua stairiúil a bhfoireann peile i gCraobh Uladh, d’iarramar ar dhaoine aitheanta ón pharóiste Gaeltachta cur síos a dhéanamh ar thábhacht na caithréime don phobal

‘Níl inse béil ar an mórtas atá ar leanbh ’s liath faoi Ghleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair’

An tAthair Brian Ó Fearraigh

Tá na bratachaí ag foluain le gaoth, fá ghleanntáin ghlas’ Ghaoth Dobhair agus creidim go mbeidh go ceann fada go leor. Tá sé le feiceáil agus le mothú go bhfuil CLG Ghaoth Dobhair fiánta bródúil ar fad as an éacht atá déanta acu, agus nach bhfuil an t-ábhar sin acu! Tá an moladh atá ag teacht ina dtreo, ó chian is ó chóngar tuillte go maith ag an fhochumann agus achan duine atá bainteach leo.

Níl inse béil ar an mórtas atá ar leanbh ’s liath ó cheann ceann an pharóiste. Ó chnoc go cladach, tá croíthe ag borradh le mórtas, agus loiscthe ag spiorad úr, de thairbhe an éacht stairiúil spóirt atá déanta ag cuid fir Mhachaire Gathlán. Is saibhreas fiánta luachmhar ar fad, an bua seo atá bronnta ag CLG Ghaoth Dobhair ar phobal Ghaoth Dobhair ina iomláine, ar a mbunadh féin agus tréaslaím leo da bharr.

I gcroí an phobail seo, Gaoth Dobhair, a fáisceadh na himreoirí breátha seo uilig agus a lucht bainistíochta. Ar scáth a chéile a thraenáil siad, a d’fhoghlaim siad, a d’imir siad agus a dhoirt siad allas a malaí, le dícheall agus le dúthracht. Bhí siad muiníneach, uaillmhianach, stuama, cróga agus aontaithe ar pháirc na himeartha. Mar a dúirt an té a dúirt é, d’imir siad a gcroí amach agus de thoradh sin bhí an bua leo, Seaimpíní Uladh 2018.

INPHO/Bryan Keane

Ar scáth a chéile go cinnte a mhaireann na daoine agus creidim, blúire ar bhlúire, go bhfuil na tréithe tréana céanna seo atá beo go buan i bhfoireann Ghaoth Dobhair, le mothú agus ag múscailt i gcroíthe bhunadh an phobail chomh maith.

Mar thoradh ar a leithéid, an mórtas ceantair, canúna agus cine, creidim go dtiocfaidh fás agus borradh úr i bparóiste Ghaoth Dobhair, a rachaidh chun sochair do ‘…gach fear ’s gach mnaoi, ’s gach páiste beag agus mór, atá beo go buan, gan bhuairt gan ghruaim, faoi Ghleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair’. Bíodh muid dóchasach agus muiníneach, gur amach as ceangal seo na ndaoine a thiocfaidh comhrá, óna dtig fís le bearta fiúntacha a fháisceadh, a rachaidh chun sochar do pharóiste Ghaoth Dobhair ina iomláine.

Mar sin de, seo sláinte na bhfear atá tréan agus fíor agus a thóg go bródúil, caithréimeach tharainn, Corn Shéamuis Mhic Fhearáin. 

 

Áine Ní Bhreisleáin, iriseoir le RnaG

Tá na flaithis le fáil i bparóiste Ghaoth Dobhair lá breá, ach d’fhéadfá a rá gur sna flaithis atá muintir na háite ó thráthnóna Dé Domhnaigh nuair a thóg an club Corn Shéamuis Mhic Fhearáin den chéad uair riamh, craobh na gclub in Ulaidh.

Is paróiste Gaoth Dobhair ina bhfuil bród agus mórtas ar dhaoine as cúrsaí peile, ag gabháil siar na glúnta. Rud an pheil a thugann ardú croí do bhunadh na háite sa bhaile agus thar lear agus is amhlaidh don éacht a rinne an fhoireann ar pháirc imeartha na hÓmaí.

Thóg sé mo chroí ag smaointiú ar m’athair Vincent agus a chuid deartháireacha Paddy agus Dónal agus an lucht leanta mór a shiúil Cúige Uladh ag leanstan na foirne seo agus ar a ngrá agus a ndílseacht don pheil. Tá siad oiread faoi dhraíocht ag an chlub agus ag an pheil anois agus a bhí siad sna déaga.

INPHO/Bryan Keane

Is beag teach sa pharóiste nár imir duine ann don chlub, nó nach bhfuil ceangal acu leis an fhoireann seo. Tá an cultúr agus an Ghaeilge lárnach sa chumann agus ní bréag ná gur iomaí deoir a sileadh ag éisteacht le Niall Ó Frighil ag tabhairt a óráide agus le tráchtaireacht bhríomhar Damien Uí Dhónaill ar an raidió inné.

Tógfaidh an bhua iontach seo an ceantar, pobal atá buailte ag imirce agus ag lag trá eacnamaíochta le fada ach atá múscailte éadromchroíoch inniu. Gríosóidh an pobal sin na peileadóirí le dhul ar aghaidh píosa eile, agus tá muid uilig ag brionglóidí fán bhliain úr agus na héachtaí atá le theacht.

 

Noel Ó Gallchóir, iar-phríomhoide Phobalscoil Ghaoth Dobhair

‘An bomaite is bródúla i mo shaol,’ a dúirt Caoimhín Ó Casaide, a bhfuil dhá ghradam All Star aige. I ndiaidh bua iontach Ghaoth Dobhair i gcluiche ceannais Chlubanna Chúige Uladh.

Tháinig bunadh Ghaoth Dobhair ó achan chearn den tír agus ó thíortha eile – ón Astráil, ó Mheiriceá, ón Mhéanoirthear, ó Shasana agus ó Albain- le tacaíocht a thabhairt dá bhfoireann.

Ba luach saothair a bhí i mbua na hÓmaí ar an obair iontach atá déanta ag Tom Beag Mac Giolla Easpaig agus a chúntóirí le blianta le foirne buacacha faoi aois Ghaoth Dobhair agus mar a d’éirigh le Mervyn Ó Domhnaill agus a fhoireann bainistíochta nascadh a dhéanamh idir na himreoirí óga aigeanta seo agus na ‘sean’-imreoirí dílse a raibh a dtaithí chomh tábhachtach sin i bhfeachtas na bliana seo.

©INPHO/Bryan Keane

Thaispeáin ceiliúradh an Domhnaigh agus an méid a chuala muid inné ar Bharrscéalta Raidió na Gaeltachta chomh bródúil agus atá a lucht tacaíochta as an fhoireann seo agus gur tógáil chroí iontach é an bua éachtach don pharóiste i laetha corracha seo na himirce, na dífhostaíochta agus bhánú na tuaithe agus na nGaeltachtaí.

Ba dheas agus ba chuí mar a labhair captaen óg na foirne, Niall Ó Fríl, ag deireadh an chluiche ina theanga dhúchais féin. Is cinnte gur spreagadh mór atá sa bhua seo d’aos óg an cheantair agus go bhfuil tionchar mór ag  dearcadh, dea-shampla agus cumas peile Odhráin Mhic Niallais agus na himreoirí eile orthu.

Lá stairiúil a bhí ann don pheil i dTír Chonaill fosta – an chéad fhoireann Conallach le Corn Shinsir Uladh a bhuachaint ó 1975.

Ní dóigh liom go bhfuil siad réidh go fóill i gcomórtas na bliana seo! Is cinnte go mbeidh dúshlán mór rompu le Curaidh na hÉireann a bhualadh i mí Feabhra, ach is cinnte go mbeidh an paróiste, an contae agus an cúige aontaithe ar a gcúl don chluiche leathcheannais…agus i bPáirc an Chrócaigh Lá Fhéil’ Pádraig!

 

Fág freagra ar '‘Níl inse béil ar an mórtas atá ar leanbh ’s liath faoi Ghleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair’'