‘Níl in Bucha ach cuid den sléacht a rinne trúpaí na Rúise anseo’ – Uachtarán na hÚcráine

Thug Uachtarán na hÚcráine tuairisc ar na huafáis ina thír do Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe tráthnóna agus taispeánadh físeán léanmhar de na huafáis

‘Níl in Bucha ach cuid den sléacht a rinne trúpaí na Rúise anseo’ – Uachtarán na hÚcráine

Labhair Uachtarán na hÚcráine, Volodymyr Zelensky le Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe tráthnóna inniu, an chéad uair aige labhairt léi ó d’ionsaigh an Rúis a thír dhúchais ar an 24 Feabhra.

Thug an tUachtarán Zelensky, mionchuntas don Chomhairle ar na huafáis a dúirt sé a rinne an Rúis ar shibhialtaigh, mná agus páistí ina thír féin. Dúirt sé nach raibh in Bucha ach cuid den sléacht a rinne trúpaí na Rúise in áiteanna éagsúla san tír.

Dúirt sé go raibh Airteagal 1 de Chairt na Náisiún Aontaithe á shárú ag an Rúis agus mura raibh na Náisiúin Aontaithe sásta deireadh a chur le veto na Rúise agus beart a dhéanamh chun an sárú sin a chosc, nach fiú don eagraíocht a bheith ann. Mhol sé go dtabharfaí comhdháil idirnáisiúnta le chéile chun go mbeadh an eagraíocht in ann seasamh a dhéanamh leis an tsíocháin a chosaint.

Dhá rogha atá ag an gComhairle Slándála a dúirt sé – an Rúis a dhíbirt ón gComhairle, nó an tsíocháin a chosaint. Murar féidir leo sin a dhéanamh, dúirt sé nach fiú a bheith ann.

D’iarr Antonio Guterres, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe ar an gComhairle Slándála gach iarracht a dhéanamh ar mhaithe le deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin agus a iarmhairtí ar phobal na hÚcráine agus ar dhaoine atá i dtíortha atá ar an ngannchuid. Dúirt sé go raibh os cionn 1.2 billiún duine buailte go dona ag an ardú mór ar chostas bia, fuinnimh agus leasú talún agus go gcothaíonn an t-ocras agus an ganntanas sin corraíl shóisialta.

Labhair an Fo-Rúnaí Ginearálta, Rosemary DiCarlo, faoi thuairiscí gur sháraigh an dá thaobh sa gcoimhlint cearta an duine san Úcráin. Dúirt go raibh tuairiscí ann go ndearnadh éigniú, gur fuadaíodh lucht agóide agus gur ciapadh príosúnaigh chogaidh agus mheabhraigh sí don dá thaobh go gcaithfí meas a léiriú do chearta an duine. Luaigh sí tuairiscí atá ann go raibh mná agus páistí a bhí ar a dteitheadh i gcontúirt ó gháinneáil.

Shéan ionadaí na Rúise chun na Comhairle Slándála, Vasily Nebenzya, líomhaintí Zelensky agus dúirt go raibh finnéithe agus fianaise ag an Rúis a chruthódh é sin. Dúirt sé gur shábháil an Rúis 123,000 duine a bhí i mbaol agus a chuaigh go dtí an Rúis dá dtoil féin.

Dúirt sé go raibh tromaíocht á déanamh  ar chainteoirí Rúisise agus go raibh an Naitsíochas fairsing san Úcráin ach nár theastaigh ón Uachtarán Zelensky é sin a admháil. Mhaígh sé gur chun an tsíocháin a chosaint a chuaigh an Rúis isteach san Úcráin.

Thug an tUachtarán Zelensky cuairt ar Bucha inné, baile ónar scaipeadh pictiúir uafáis ar fud na cruinne de chorpáin go leor fágtha ar thaobh na sráide. Ar an Rúis a leag Zelensky marú na ndaoine sin ag rá: “Coireanna cogaidh iad seo agus aithneofar ar fud na cruinne gur cinedhíothú é seo.” D’éiligh sé go gcuirfí smachtbhannaí diana ar an Rúis “in éiric an tsléachta ar shibhialtaigh”.

D’iarr sé tuilleadh arm ó chomhghuaillithe san iarthar mar go bhféadfadh na mílte a bheith sábháilte dá mbeadh breis arm aige.

“Ní oraibh a chuirim an milleán – cuirim an milleán ar fad ar arm míleata na Rúise. Ach d’fhéadfadh sibh cuidiú linn,” a dúirt an tUachtarán.

D’fhógair an Coimisiún Eorpach inniu go raibh an tAontas Eorpach chun tuilleadh smachtbhannaí a chur ar an Rúis de bharr a hainghníomhartha san Úcráin.

Cuirfear cosc ar aon ghual a cheannach ón Rúis, beidh bancanna de chuid na Rúise á gcosc, ní bheidh cead ag longa atá cláraithe sa Rúis teacht le cé i gcalafoirt an AE, agus cuirfear cosc ar chomhlachtaí iompair bóthair as an Rúis agus an Bhealarúis teacht isteach san AE.. Amárach a bheidh cinneadh le déanamh ag ballstáit faoi na smachtbhannaí is déanaí seo.

Agus na smachtbhannaí á bhfógairt aici inniu, dúirt Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen go raibh na feidhmeannaigh ag obair ar chosc a chur ar ola na Rúise chomh maith..

Dar léi go raibh sé “an-tábhachtach fíorbhrú a choinneáil ar an Uachtarán Putin agus ar an Rúis ag an am cinniúnach seo”. Dúirt sí go raibh ag éirí leis na smachtbhannaí agus go raibh “ srianta móra curtha ar roghanna polaitíochta agus eacnamaíochta na Creimile” dá mbarr. “Feicimid torthaí orthu ach caithfimid tuilleadh brú a chur air,” a dúirt sí.

Dúirt von der Leyen: “Ní féidir ligean leis na hainghníomhartha seo. Caithfear pionós a ghearradh ar na daoine a rinne na coireanna gránna seo.”

D’iarr Méara Kyiv, Vitali Klitschko, ar pholaiteoirí na hEorpa gach ceangal trádála leis an Rúis a scor mar go raibh “fuil” ar chuile euro a íoctar leis an Rúis agus an t-airgead á úsáid leis an arm a neartú.

“Tá gach uile euro, gach uile cent a fhaigheann sibh ón Rúis nó a sheolann sibh chuici báite i bhfuil, fuil na hÚcráine. Fuil mhuintir na hÚcráine,” a dúirt Klitschko agus é tar éis filleadh as Bucha.

Shéan an Rúis go raibh aon bhaint ag a gcuid saighdiúirí le haon drochbheart in Bucha. D’iarr an Rúis cruinniú práinne de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe inné chun “gríosú gránna radacaigh Úcránacha i mbaile Bucha” a phlé ach diúltaíodh dó.

Dúirt Vasily Nebenzya, toscaire na Rúise chun na Náisiún Aontaithe, go gcuirfí “fianaise eimpíreach” ar fáil don Chomhairle Slándála a chruthódh nach raibh baint ná páirt ag fórsaí na Rúise le drochbheart ar bith.

Tá cáineadh géar déanta go forleathan ar an sléacht a nochtadh tar éis do thrúpaí na Rúise imeacht as ceantar na príomhchathrach agus tá taidhleoirí na Rúise á ndíbirt as tíortha san Eoraip dá bharr. Tá an Fhrainc, an Ghearmáin, an Spáinn, an Iodáil, an Danmhairg agus an tSualainn tar éis taidhleoirí a dhíbirt.

Dúirt an tUachtarán Biden gur “coirpeach cogaidh” é Uachtarán na Rúise, Vladimir Putin agus dúirt go bhfógródh na Stáit Aontaithe tuilleadh smachtbhannaí ar an Rúis an tseachtain seo.

D’fhógair na Stáit Aontaithe agus an Ríocht Aontaithe go mbeidís ag éileamh go gcuirfí an Rúis ar fionraí ó Chomhairle Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe.

Inné, choinnigh póilíní i mbaile mór Manhush foireann ó Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus iad ag iarraidh a mbealach a dhéanamh go cathair Mariupol ón Aoine seo caite leis na saoránaigh atá sáinnithe ansin a thabhairt slán.

Scaoileadh saor inniu iad agus rinneadar a mbealach ar ais go Zaporizhzhia agus gan aon eolas fós acu cathain a gheobhaidh siad barántas gur féidir leo dul go Mariupol slán ó ionsaí.

Dúirt urlabhraí ón gcoiste go raibh siad fós ag iarraidh fóirithint a dhéanamh ar phobal Mariupol ach go léiríonn eachtra an lae inné “a mhíshocra agus a chasta” atá sé bealach sábháilte a fháil go dtí an calafort treascartha sin.

Fág freagra ar '‘Níl in Bucha ach cuid den sléacht a rinne trúpaí na Rúise anseo’ – Uachtarán na hÚcráine'

  • Ben Mac Lochlainn

    “Níl in Bucha……? tá sé seo mícheart amach is amach! Cén saghas Gaeilge atá á múineadh sna laethanta seo…? It should be “Níl i mBucha….”