‘Níl faic le feiscint anseo’ – gach rud ina cheart i gcónaí i gCill Chainnigh

Déanann lucht na hiomána i gCill Chainnigh a gcuid gnó go ciúin cumasach

‘Níl faic le feiscint anseo’ – gach rud ina cheart i gcónaí i gCill Chainnigh

Brian Cody. Pictiúr: INPHO/James Crombie

‘Níl faic le feiscint anseo’. D’fhéadfadh sin a bheith mar mhana ag Cill Chainnigh le tamall. Tá a gcuid gnó lasmuigh de pháirc na himeartha imeartha á  dhéanamh go deas stuama ciúin acu le tamall. Bhí cuid maith sna meáin fúthu maidir le ceapacháin ach ní raibh ráfla, cruinn ná a mhalairt, le cloisteáil agus ní raibh aon chonspóid ná aighneas ann.

D’fhógair Brian Cody, mar a bhíothas ag súil leis, go mbeidh sé ag fanacht mar bhainisteoir ar an bhfoireann shinsir, an dara bliain ar fhichead aige. A leithéid de dhíograis! Tá croí agus anam an fear seo san iomáint agus in iomáint a chontae dhúchais go háirithe. Is iontach an duine é agus níl aon dabht ach gur fear eisceachtúil é.

Ach in 2020 beidh air déanamh gan a chúntóir oilte ábalta, Michael Dempsey, atá ag éirí as. Tá an-mheas ag daoine ar fud Chill Chainnigh ar Dempsey agus ar an méid oibre a rinne sé ar son na cúise agus é ina thraenálaí aclaíochta, ina shaineolaí nirt agus oiriúnaithe agus ina oiliúnóir leis an bhfoireann shinsir.

Thosnaigh sé leis na Cait in 2005 agus tá sé ann ó shin. Is cailliúint ollmhór é don champa agus is cinnte go mbraithfidh siad uathu é.

Ach tá fear eisceachtúil eile ag teacht isteach mar roghnóir i dteannta Cody, DJ Carey. Seo fear a bhí ina laoch ceart ar pháirc na himeartha agus a bhí ina bhainisteoir leis an bhfoireann faoi fiche agus le hiománaithe Institiúid Teicneolaíochta Cheatharlach i mbliana. Tá roghnóir eile de chuid Cody, an seanlaoch Derek Lyng, bogtha go dtí an fhoireann faoi fiche mar a mbeidh beirt eile de mhóruaisle na hiomána sa chontae, Peter Barry agus Michael Rice, in éineacht leis..

Ar pháirc na himeartha a bheidh aird an phobail  amárach agus cluiche ceannais sinsir an chontae á imirt idir club Cody, James Stephens, nó, An Sráidbhaile mar is fearr aithne orthu, agus Seamróga Bhaile Héil. Tá muid ag súil le sárchluiche iomána.

Tá Cumann Shéamuis Stiopháin, a bunaíodh in 1887, ar cheann de sheanchlubanna na tíre, agus cé go bhfuil na mórdhuaiseanna go léir buaite acu ní dóigh go bhfuil siad sásta nach bhfuil ach naoi gcraobh chontae buaite acu. B’fhéidir go mbeadh athrú scéil ann amárach.

D’imir cuid d’iománaithe móra na tíre leis an gcumann seo thar na blianta, leithéidí Phil ‘Fan’ Larkin, a mhac Philly, Liam ‘Chunky’ O’Brien, Joe Hennessy, Peter Barry, Eoin Larkin agus Jackie Tyrell.

Bhuadar an cluiche leathcheannais coicís ó shin i gcoinne Erin’s Own Chaisleán an Chomair a bhuíochas do chúl ón imreoir contae Luke Scanlan. Tá Jackie Tyrell fós ag imirt agus uimhir a trí ar a dhroim aige agus tá a iar-chomhghleacaí idirchontae Eoin Larkin (iománaí a sheol a leabhar i rith na seachtaine) mar leathchúlaí láir.

Ach is iad ríthe na gclubanna a bheidh mar fhreasúra acu amárach. I 1972 a bunaíodh cumann Bhaile Héil, agus tá 16 chluiche ceannais contae, 9 gcinn de chraobhacha Chúige Laighean agus seacht gcinn de chraobhacha na hÉireann buaite acu ó shin. Henry Shefflin, fear a bhfuil 10 mbonn uileÉireann aige a bheidh ina sheasamh ar an taobhlíne mar bhainisteoir orthu amárach agus beidh duine de na himreoirí is fearr sa tír, TJ Reid, ag imirt i measc na dtosaithe, atá thar a bheith cumasach. Dar ndóigh is acusan atá na coirn go léir i láthair na huaire.

An Domhnach seo caite chríochnaíodar go láidir i gcoinne Ghaeil Uí Lochlainn i gcluiche athimeartha. 

Ar an gcéad fhéachaint is ag Baile Héil atá an buntáiste mar is acu atá an fhoireann is fearr, ach an gcuirfidh an tuirse isteach orthu?

Is dócha go neosfaidh an aimsir, ach mura dtagann eachtra gan choinne éigin i gcabhair ar an Sráidbhaile, is deacair a rá go mbeidh an lá leo.

Fág freagra ar '‘Níl faic le feiscint anseo’ – gach rud ina cheart i gcónaí i gCill Chainnigh'