Níl duine níos fearr ná Dáithí beag Mac Gabhann leis an gcluain a chur ar pholaiteoirí

Achar rófhada é ceithre bliana go leith do pháiste a bheith ag fanacht le croí a fháil

Níl duine níos fearr ná Dáithí beag Mac Gabhann leis an gcluain a chur ar pholaiteoirí

Cuireann Dáithí Mac Gabhann gach duine a chastar air faoi dhraíocht. Bímis ag súil gur amhlaidh a bheidh nuair a bhuailfidh an gasúr agus a thuismitheoirí le Státrúnaí Thuaisceart Éireann, Chris Heaton-Harris.

D’uireasa Feidhmeannas Stormont i ngeall ar bhaghcat an DUP tá moill curtha ar reachtaíocht atá luaite leis an ngasúr, ’Dlí Dhaithí’ maidir le trasphlandú orgán. Táthar ag éileamh ar an Státrúnaí Chris Heaton-Harris gan cluiche polaitiúil a imirt leis an easnamh ach féachaint chuige go dtiocfaidh an t-acht in éifeacht.

Gasúr meanmnach, spraíúil, sé bliana d’aois is ea Dáithí. Tá sé ar liosta feithimh le haghaidh trasphlandú croí le ceithre bliana go leith. Tá éacht déanta ag a thuismitheoirí Seph Ni Mhealláin agus Máirtín Mac Gabhann lena bhfeachtas chun an dlí i dtaca le deonú orgán a leasú. Cúntóir cumasach dóibh ab ea Dáithí.

Chuaigh sé i bhfeidhm chomh mór ar pholaiteoirí Stormont gur éiríodh as an bhfreasúra do dhlí a rialódh gur deontóir orgán gach duine mura gclárófaí a mhalairt de rogha. Deich mbliana ó shin thug an Tionól an t-eiteachas do mhacasamhail na reachtaíochta sin ach an t-am seo anuraidh rith Stormont bille ar tugadh Dlí Dháithí (Dáithí’s Law) air; An Bille Orgán agus Fíochán (Toiliú Measta) a theideal oifigiúil.

Fuair an reacht an séala ríoga ag deireadh mhí an Mhárta agus measadh go gcuirfí i bhfeidhm í dtús an earraigh i mbliana. Dá réir ghlacfaí leis feasta gurbh fhéidir orgáin na marbh a thrasphlandú mura mbeadh an duine cláraithe mar dhiúltóir.

Briseadh croí do mhuintir Dháithí agus do go leor eile ab ea an nuacht le déanaí go raibh reachtaíocht thánaisteach riachtanach ach nach mbeifí in ann í a rith d’uireasa Feidhmeannais. Chuaigh Máirtín Mac Gabhann i dteagmháil leis na páirtithe ar fad, leis na meáin agus lucht feachtais eile faoin scéal. Ní nach ionadh chuir na páirtithe eile an locht ar an DUP ach d’aontaigh na cúig pháirtí go gcuirfidís brú ar an Státrúnaí.

Shínigh ceannairí Shinn Féin, an DUP, Alliance, an UUP agus an SDLP litir chuig Chris Heaton–Harris ag iarraidh air féachaint chuige, i gcomhar leis an Roinn Sláinte abhus, go mbeadh an dlí i réim san earrach. Dúradar gur thuig siad go raibh an dréachtreachtaíocht thánaisteach ullmhaithe ag an Roinn Sláinte cheana féin.

Bhí an teaghlach buíoch as tacaíocht na bpolaiteoirí ach dúirt Máirtín Mac Gabhann “is cuma liomsa cé a thugann isteach é [an dlí] ach é a dhéanamh”.

Mura ndéanfadh an Tionól é, theastaigh uaidh go ndéanfadh Westminster é. Déardaoin scríobh sé ag Chris Heaton-Harris ag iarraidh air bualadh leis an gclann. Sé Dáithí a phríomhchúram ar ndóigh ach dúirt Máirtín Mac Gabhann arís agus arís eile ar na meáin le cúpla lá anuas go bhfuil lear mór daoine ag brath ar an reachtaíocht nua; bíonn trasphlandú orgán de dhíth ar suas le céad othar sa bhliain i dTuaisceart Éireann.

Dúirt sé go mbíonn i bhfad níos mó orgáin le fáil ag othair sna tíortha ina bhfuil dlí ar nós ceann Dháithí ná mar a bhíonn anseo áit a rabhthas ag brath ar dhaoine clárú mar dheontóirí.

Dúirt Heaton-Harris gur cúram díláraithe í sláinte ach go raibh sé toilteanach bualadh le muintir Mhic Gabhann chomh luath agus ab fhéidir. Ba chosúil i dtús báire gur mhian leis an Státrúnaí leas a bhaint as an bhfadhb chun brú a chur ar an DUP filleadh ar Stormont.

Sé freagra an DUP gur minic a chuireann an rialtas a ladar i ngnóthaí díláraithe agus go mbeadh sé éasca ag an Státrúnaí an t-aguisín a bhaineann le dlí Dháithí a chur leis an reachtaíocht do bhuiséad Stormont atá ar an gcúrsa tríd an bParlaimint faoi láthair.

Thar aon scéim chabhrach, maoiniú nó píosa reachtaíochta nár ritheadh le bliain de bharr baghcat an DUP, sí an mhoill ar fheidhmiú dhlí Dháithí an chúis aiféaltais is mó don DUP. Acht neamhchonspóideach é, le tacaíocht ilpháirtí. Murab ionann agus billí eile a ritheadh in Westminster ní bheadh Heaton-Harris ag teacht salach ar aon dream dá gcinnteodh sé go gcuirfí an dlí seo i bhfeidhm, gan mhoill.

Nuair a bhuailfidh sé le muintir Mhic Gabhann feicfidh sé an chontúirt – achar rófhada é ceithre bliana go leith do pháiste a bheith ag fanacht le croí a fháil.

Údar dóchais é nach bhfuil duine níos fearr ná Dáithí beag Mac Gabhann leis an gcluain a chur air. Aontaíonn móramh mór nach am do chluichíocht pholaitiúil é.

Fág freagra ar 'Níl duine níos fearr ná Dáithí beag Mac Gabhann leis an gcluain a chur ar pholaiteoirí'