Níl deireadh leis na ceisteanna faoi cheapachán Katherine Zappone ná baol air

Bliain i ndiaidh ‘Golfgate’ agus tá muid anois ag caint arís ar ócáid, ar pholaiteoirí agus ar shrianta

Níl deireadh leis na ceisteanna faoi cheapachán Katherine Zappone ná baol air

 

 

Máirín Ní Ghadhra

Déjà vu, ar chuala tú caint riamh air? Rith sé liom an tseachtain seo go bhfuil sé bliain ó tharla an ócáid ar an gClochán anuraidh ar a baisteadh ‘Golfgate’ uirthi. Mar gheall ar an teacht le chéile mí-ámharach sin sa Station House ar an 19 Lúnasa 2020, chaill Dara Calleary a phost mar aire talmhaíochta agus bhí ar Phil Hogan éirí as mar choimisinéir Eorpach. Tá cásanna cúirte á reáchtáil i láthair na huaire mar gheall ar an dinnéar gailf sin agus ar lean é.

Dhiúltaigh an t-iarArd-Aighne agus Breitheamh sa Chúirt Uachtarach Séamus Wolfe éirí as a chuid cúraimí cé gur cuireadh brú go leor air.   Bhí éiginnteacht agus sárú ann faoina raibh an ócáid ag teacht salach ar shrianta sláinte phoiblí agus caint faoi na dátaí ar tháinig leasuithe áirithe ar na srianta i bhfeidhm.

Bliain dár gcionn agus tá muid anois ag caint ar ócáid, ar pholaiteoirí agus ar shrianta arís. Bhí leathchéad duine, an Tánaiste Leo Varadkar agus an Teachta Dála nuathofa Ivana Bacik ina measc, i láthair ag an ócáid a d’eagraigh an t-iar-aire leanaí Katherine Zappone in Óstán an Merrion I lár Bhaile Átha Cliath.   Tharla an ócáid ar an 21 Iúil ach is ar an 23 Iúil a tháinig na hathruithe ar shrianta poiblí a bhain le cruinnithe taobh amuigh i bhfeidhm. Tharla an chonspóid is déanaí seo an tseachtain chéanna go bhfuil sárú idir an eaglais agus na húdaráis faoi reáchtáil searmanais comaoineach agus cóineartaithe do pháistí na tíre. An tseachtain a bhfuil oifigigh leighis na tíre ag áitiú ar an bpobal arís eile a bheith cúramach mar gheall ar cé chomh tógálach agus atá an cineál Delta den ghalar.

Nuair a cuireadh ceisteanna ar Katherine Zappone faoin ócáid agus an raibh sí ag cloí leis na srianta, chuir sí na ceisteanna ar aghaidh chuig an óstán. Dúirt siadsan go raibh siad den tuiscint go rabhthas ag cloí leis na rialacha. Spéisiúil go leor d’éirigh leis an iar-aire freagra a fháil ar na ceisteanna seo taobh istigh de ceithre huaire fichead. Níorbh amhlaidh an cás leis na ceisteanna a bhí á gcur le roinnt seachtainí anuas faoina ceapachán nua mar thoscaire chuig na Náisiúin Aontaithe.

Ceapadh nó cumadh an ról ar iarratas uaithi féin – níor chuir sí ainm ar an teideal ach thairg sí cúnamh don rialtas.

B’fhacthas don Aire Gnóthaí Eachtracha Simon Coveney gur mhaith an plean glacadh le haon chúnamh a bhí le fáil ó Katherine Zappone agus chuir sé an ceapachán ar an gclár do chruinniú rialtais. Níor phléigh sé an scéal leis an Taoiseach roimh ré. Cé go nglacann sé leis anois gur botún a bhí ansin is léir nach raibh aon locht aige ar phost a chruthú agus é a thairiscint dá iarchomhghleacaí. Tá sé féin, a pháirtí agus urlabhraithe eile rialtais ag iarraidh an dubh a chur ina bhán faoin gceapachán le coicís anois.

Dhiúltaigh Katherine Zappone don cheapachán Dé Céadaoin tar éis di trí seachtaine a chaitheamh ina tost faoi. Ach níl deireadh leis na ceisteanna ná baol air.

Cén fáth anois? Mar gur thuig sí an phraiseach a rinneadh den phróiseas ceapacháin ón tús? Mar gur theastaigh uaithi an brú faoin gceapachán agus faoin ócáid in óstán an Merrion a sheachaint?

An leanfar ar aghaidh anois leis an gceapachán? Cé mhéad dochair atá déanta ag an scéal ar fad den chaidreamh idir páirtithe an rialtais? An gcaithfear cead a thabhairt do dhaoine cruinniú ag ócáidí, bunaithe ar an gcomhairle ón Ard-Aighne gur féidir le dhá chéad duine teacht le chéile taobh amuigh?

Níl amhras ach go gcruthaíonn an dá eachtra seo arís eile an bhearna atá idir an saol polaitiúil agus an pobal. Cuireann a leithéid d’eachtraí olc ar an bpobal a bhfuil a bhformhór ag iarraidh cloí le srianta sláinte agus géilleadh do theachtaireachtaí na n-údarás, idir pholaitiúil agus sláinte.

Níor mhiste dá gcuimhneoidís siúd a bhíonn ag déanamh na gcinntí seo go bhfuil siad freagrach i ndeireadh an lae don phobal a thabharfaidh breithiúnas orthu a bheidh bunaithe ar eachtraí mar seo.

Fág freagra ar 'Níl deireadh leis na ceisteanna faoi cheapachán Katherine Zappone ná baol air'

  • Eoin Ó Murchú

    Ceist thábhachtach ar ndóigh an raibh ócáid Zappone eagraithe taobh istigh dena rialacha a bhí i bhfeidhm ar an lá.
    Ach ná déanamis dearmad ar an mbuncheist: an post fírinneach é an post a tugadh do Katherine Zappone? Cén próiseas a bhain leis an gceapachán? An méiteachas a bhí i gceist ó bhun go barr?