Níl conraitheoir ceaptha fós le hobair thógála a dhéanamh ar Ionad an Phiarsaigh

B’éigean d’Údarás na Gaeltachta tairscintí nua a lorg don obair thógála ar Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc mar bhí na costais a bhain leis an tairiscint dheireanach ró-ard. Táthar ag súil go mbeidh an tIonad críochnaithe faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair 2016

Teach an Phiarsaigh

Níl aon chonraitheoir ceaptha ag Údarás na Gaeltachta le tús a chur leis an obair ar an ionad do chuairteoirí ag Teach an Phiarsaigh i Ros Muc agus ní bheidh an t-ionad críochnaithe go dtí deireadh Mhí Mheán Fómhair 2016.

Dúirt an tAire Gaeltachta Joe McHugh sa Dáil go bhfuil sé “sásta go bhfuil an obair ar an togra seo ag gluaiseacht ar ar aghaidh go sásúil”.

Bhí an tAire ag freagairt ceist Dála ón Teachta Aengus Ó Snodaigh (SF) maidir leis an moill atá ar an obair ag an ionad agus faoi na hathruithe a rinneadh ar na pleananna don ionad.

“Mar a tharlaíonn le tograí móra caipitil dá leithéid, tagann rudaí chun cinn ó am go chéile a dtógann roinnt ama chun iad a réiteach. Tuigtear dom gurb éigean d’Údarás na Gaeltachta tairiscintí nua a lorg don obair thógála ar an ionad do chuairteoirí mar go raibh na costais a bhain leis an tairiscint dheireanach ró-ard.

“Is amhlaidh go ndearnadh athbhreithniú ar an mbunábhar a bhí beartaithe le húsáid mar bhailchríoch do bhallaí inmheánacha agus seachtracha ag an ionad,” a dúirt an tAire McHugh.

Dúirt sé go raibh sé ag súil go gceapfar conraitheoir go han-luath agus go gcuirfear tús leis an obair thógála i dtreo dheireadh na míosa seo agus go mbeidh an t-ionad críochnaithe faoi dheireadh mhí Mheán Fómhair 2016.

Níl in Ionad an Phiarsaigh ach cuid amháin den togra. Is iad an trí chuid eile ná Cosán Conamara, siúlóid lúbtha trí dheich n-acra de Chonamara; Slí na Coille, ionad taispeántais dírithe ar an bPiarsach agus a shaol; agus Teach an Phiarsaigh, atá ann cheana, i.

Dúirt an tAire go raibh sé ag súil go mbeadh Slí na Coille críochnaithe faoi Cháisc 2016, in am do chomóradh an chéid 1916-2016.

Nuair a d’fhógair an tAire McHugh i mí Eanáir na bliana seo go raibh cead pleanála faighte d’fhorbairt an ionaid, thug sé le fios go mbeadh an tionscadal críochnaithe faoi Cháisc na bliana 2016.

Tháinig sé chun solais i mí Iúil na bliana seo nach mbeadh Ionad an Phiarsaigh réitithe faoi Cháisc na bliana seo chugainn, ach dúradh an am go rabhthas muiníneach go n-osclófar an t-ionad go hoifigiúil faoin samhradh seo chugainn. Tá an chuma ar an scéal anois nach mbeidh sé réidh go dtí an fómhar.

 

 

Fág freagra ar 'Níl conraitheoir ceaptha fós le hobair thógála a dhéanamh ar Ionad an Phiarsaigh'

  • alan

    lupadaíl lapadaíl, silí seailí agus méarfhadachas síoraí an státchórais go háirithe nuair is togra chomh stairiúil, chomh tábhachtach,fónta le ceann mar seo é.
    is ag tarraingt na gcos a bheidh siad amach anseo maidir leis freisin, mise i mbannaí dhuit