Ní bheidh Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc réitithe do Sheachtain na Cásca 2016

In ainneoin ar gealladh is faoin samhradh seo chugainn, ar a luaithe, a osclófar go hoifigiúil Ionad an Phiarsaigh i gConamara

Teach an Phiarsaigh

Ní bheidh Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc i gConamara réitithe faoi Cháisc na bliana seo chugainn ach táthar “muiníneach” go n-osclófar an t-ionad go hoifigiúil “faoin samhradh seo chugainn”.

Thug Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Steve Ó Cúláin, an méid sin le fios ar maidin agus é ag cur fáilte roimh an scéala go bhfuil maoiniú €750,000 ceadaithe ag Fáilte Éireann d’fhorbairt an ionaid do chuairteoirí ag Teach an Phiarsaigh.

Tá an Taoiseach Enda Kenny ag teacht go Ros Muc Dé Luain seo chugainn le cuairt oifigiúil a thabhairt ar shuíomh an ionaid.

Gealladh cheana go mbeadh an t-ionad oscailte in am do phríomhchomóradh an Stáit ar Éirí Amach na Cásca atá beartaithe do Sheachtain na Cásca 2016.

Nuair a fógraíodh i mí Eanáir na bliana seo go raibh cead pleanála faighte d’fhorbairt an ionaid, thug Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh le fios go mbeadh an tionscadal críochnaithe faoi Cháisc na bliana 2016.

Ina dhiaidh sin arís, thug Aire Stáit eile sa Roinn chéanna, Aodhán Ó Ríordáin, geallúint uaidh ar an gclár 7 Lá ar TG4 go mbeadh Ionad an Phiarsaigh, nó ‘Cultúrlann Chonamara’ mar a tugadh air i dtús aimsire, réidh do chomóradh Sheachtain na Cásca.

Tá sé i gceist ionad cultúir a fhorbairt ag Teach an Phiarsaigh ina dtabharfar “léargas ar an nGaeilge, ar an gcultúr áitiúil agus ar thimpeallacht na Gaeltachta” agus ina leagfar béim ar leith ar an mbaint a bhí ag Pádraig Mac Piarais, duine de cheannairí an Éirí Amach, le Ros Muc.

Chuir Príomhfheidhmeannach an Údaráis fáilte roimh an maoiniú breise atá ceadaithe don ionad.

“Cuirimid fáilte roimh chinneadh Fáilte Éireann go bhfuil an togra seo ag teacht chun foirfeachta anois, léiríonn an cinneadh seo ó eagras náisiúnta eile a ndea-thoil agus muinín i leith an togra agus forbairt na turasóireachta sa cheantar. 

“Táimid muiníneach go mbeidh an fhorbairt curtha i gcrích le hoscailt go hoifigiúil faoi shamhradh 2016. Tá neart oibre fós le déanamh sula n-osclófar an áis nua seo ach seo céim mhór chun tosaigh,” a dúirt Steve Ó Cúláin.

Chuir sé fáilte freisin roimh an bhfógra go bhfuil €300,000 geallta ag Fáilte Éireann chun ionad do chuairteoirí a fhorbairt ag Teach Solais Fhánada i gContae Dhún na nGall.

Fág freagra ar 'Ní bheidh Ionad an Phiarsaigh i Ros Muc réitithe do Sheachtain na Cásca 2016'