Fógra mór millteach ar bharr foirgneamh ard ar Market St i gcroílár Philadelphia, na litreacha digiteacha ag athrú ó shluán go sluán:
TRUMP: Bringing Jobs to Pennsylvania!
TRUMP: Protecting Pennsylvania Families!
TRUMP: An Equal Rights Champion!
Bhain an ceann deireanach sin gáire asam, ach is faoin gcéad phéire an t-alt seo.
Agus ní ‘Trump’, ach ‘Pennsylvania’ an t-eochairfhocal.
Is minic a chloisfimid ainm an stáit sin sna laethanta atá amach romhainn.
An toghchán seo, tá seacht Swing States sna Stáit Aontaithe – sin iad na stáit nach bhfuil ‘gorm’ ná ‘dearg’ go cinnte ach a d’fhéadfadh a dhul ceachtar bealach, agus ina socrófar cé acu an ag Kamala Harris nó ag Donald Trump a bheidh an bua ar an 5 Samhain. Seo iad: Nevada, Arizona, Wisconsin, Michigan, Georgia, North Carolina agus Pennsylvania.
Ach astu sin ar fad is é Pennsylvania an ceann is tábhachtaí – agus an ceann inar lú an difear idir an bheirt iarrthóirí sna pobalbhreitheanna.
Nóta mínithe atá tur ach tábhachtach: sna Stáit Aontaithe, ní thoghann na vótóirí an t-uachtarán go díreach. ‘Toghthóirí’ na stát éagsúla a dhéanann é sin – bunaithe ar vóta an phobail, gan dabht, ach tá casadh sa scéal. Eisceachtaí iad Maine agus Nebraska, ach i ngach stát eile, vótálann na toghthóirí ar fad an bealach céanna: fiú mura mbíonn ach 51 faoin gcéad de vóta an phobail ag iarrthóir X i stát áirithe, gheobhaidh iarrthóir X vótaí na dtoghthóirí uile sa stát sin.
Níl an líon céanna toghthóirí ag gach stát. Mar shampla, níl ach triúr toghthóirí ag Vermont, ach tá 54 ag California.
Tá 19 toghthóir ag Pennsylvania, níos mó ná ag aon cheann eile de na seacht Swing States, agus glactar leis go forleathan nach mbeidh ceachtar acu, Trump ná Harris, in ann an toghchán a bhuachaint gan an bua a fháil in Pennsylvania.
Mar sin a tharla in 2016, nuair a bhuaigh Donald Trump Pennsylvania, agus an toghchán; agus arís in 2020, nuair a bhuaigh Joe Biden Pennsylvania, agus an toghchán.
Ar an gcúis sin, tá níos mó airgid agus níos mó ama á chaitheamh ag Harris agus Trump araon in Pennsylvania ná in aon stát eile le linn an fheachtais seo. Go deimhin is in Pennsylvania a bhí Donald Trump nuair a rinneadh an chéad iarracht é a fheallmharú thiar i mí Iúil, i mbaile Butler in iarthar an stáit, ceantar ina bhfuil tacaíocht láidir aige.
Ní faoin tuath a bhí mise ach in Philadelphia, an chathair is mó in Pennsylvania, áit – mar aon leis an gcathair mhór eile sin, Pittsburgh – ina mbíonn tacaíocht níos láidre ag an bPáirtí Daonlathach.
Ach ní dea-thuar do Kamala Harris a bhfaca mé – agus nach bhfaca mé – i gcathair Philadelphia le dhá lá anuas.
Tosóidh mé lena bhfaca mé.
I lár bhaile stairiúil, dea-chóirithe Philadelphia a bhí mé den chuid is mó, ach ba leor dhá thuras ar an traein faoi thalamh lena chur ar mo shúile dom nach bhfuil chuile shórt mar ba chóir i gcathair an ghrá dearthár.
Cathair São Paulo sa Bhrasaíl as an áireamh, b’fhéidir, ní fhaca mé oiread daoine gan dídean cruinnithe le chéile san aon áit amháin riamh.
Ní hamháin sin, ach bhí boladh fuail sna stáisiúin, bhí minicíocht na dtraenacha an-íseal agus dúirt fear amháin a casadh orm, agus nach dtiomáineann, go bhfuil sé nach mór dodhéanta aigesean an t-aistear ón mbaile go dtí an obair a dhéanamh ar an gcóras iompar poiblí.
Cén fáth an chaint seo ar fad faoi chóras iompar poiblí Philadelphia agus faoi na daoine gan dídean a chónaíonn ann?
Toisc nach dea-theist an dá rud ar rialtas an stáit, a bhfuil an Gobharnóir Daonlathach Josh Shapiro i gceannas air (tá na Daonlathaigh sa treis sa teach íochtarach freisin ach is iad na Poblachtánaigh atá sa treis sa seanad.)
Cé nach samhlóinn go dtiocfadh feabhas go sciobtha ar na cúrsaí sin dá mbeadh na Poblachtánaigh i gcumhacht, is cinnte nach spreagann an bochtanas feiceálach agus an droch-chuma atá ar sheirbhísí iompair riachtanacha faoi láthair mórán muiníne sa Pháirtí Daonlathach.
Anois an rud nach bhfaca mé.
Is í cathair Philadelphia daingean mór na nDaonlathach i stát Pennsylvania. Ach cé go bhfaca mé corrphóstaer agus corrchomhartha toghcháin ag léiriú tacaíochta do Kamala Harris agus a leathbhádóir don leasuachtaránacht Tim Walz, ní fhaca mé oiread acu agus a mbeifeá ag súil leis, ná baol air.
Sin ráite, an fógra ollmhór sin ar bharr an fhoirgnimh ar Market St as an áireamh, ní fhaca mé comhartha tacaíochta ar bith do Donald Trump – biorán carbhait féin.
Fág freagra ar 'Níl chuile shórt mar ba chóir i gcathair an ghrá dearthár'