An lá cheana, d’iarr dlúthchara orm cabhrú leis CV a chur i dtoll a chéile. Agus mé ag clóscríobh liom, ag déanamh cur síos ar a shlí bheatha siúd go nuige seo, bhuail saghas míshuaimhneas mé. Iarratais ar dheontais agus ar chónaitheachtaí as an áireamh, is annamh a bhíonn ar mo leithéid féin, scríbhneoir féinfhostaithe, CV a chur ar fáil. Ach nár chóir dom níos mó a dhéanamh ó thaobh na margaíochta pearsanta de?
Ar ndóigh is ionann agus CV ar féidir uasdátú a dhéanamh air gach soicind próifíl an scríbhneora ar na meáin shóisialta, agus sa lá atá inniu ann is beag scríbhneoir nach mbaineann úsáid as Twitter, Instagram, Facebook agus gan dabht blag dá c(h)huid féin chun margaíocht a dhéanamh air nó uirthi féin agus ar a c(h)uid leabhar agus tograí eile. I saol liteartha na Gaeilge, is iad Ciara Ní É, Réaltán Ní Leannáin agus Tadhg Mac Dhonnagáin na samplaí is feiceálaí a rithfeadh liom ó bharr m’aigne.
Ar ndóigh a mhalairt de straitéis atá ag Biddy Jenkinson agus, lasmuigh de shaol na Gaeilge, ag Elena Ferrante. Ach an lú an tóir a bhíonn ar a gcuid leabhar siúd toisc nach mbíonn siad gníomhach ar na meáin shóisialta?
Tabhair seanleaid orm ach is maith liom an smaoineamh go gcloisfeadh léitheoirí faoi mo chuid leabhar ó bhéal léitheoirí eile, nó go meallfadh mo shaothair iad tráthnóna fliuch éigin le linn cuairte ar shiopa leabhar fisiciúil. Rórómansúil, seans, i ré seo na siopaí ar líne agus na bpaindéimí.
Ar ndóigh scríbhneoir seanbhunaithe a bhí in Biddy Jenkinson, bail ó na béithe uirthi, i bhfad sularbh ann do na meáin shóisialta ar chor ar bith. Agus Elena Ferrante… sin cás ar leith. Ach feictear dom go mbeadh sé fíordheacair do scríbhneoir óg clú a bhaint amach dó nó di féin ar na saolta seo d’uireasa feiceálacht mhaith ar na meáin shóisialta: cuid den ghairm anois é, is baolach. Ar an taobh eile den scéal, tá sé de bhuntáiste ag scríbhneoirí óga gur ‘dúchasaigh dhigiteacha’ iad: rugadh iad agus guthán cliste ina nglac agus bíonn cuid mhór den mhargaíocht a dhéanann siad orthu féin ar na meáin shóisialta cliste agus mealltach.
Bainim féin leis an nglúin aisteach sin ar cuimhin leo clóscríobháin, boscaí fóin agus téipeanna caiséid ach a chuaigh i gcleachtadh ar ríomhphost, ar ghutháin phóca agus ar phodchraoltaí agus iad fós ina ndéaga déanacha nó sna fichidí. Aithním na buntáistí a bhaineann leis an idirlíon agus na meáin shóisialta, ach ní dúchasach digiteach mé. Tá blag agam agus cuntas Twitter. Ach tá doicheall agam roimh Instagram, TikTok agus Snapchat: tagann masmas orm ag cuimhneamh go mbeadh orm grianghraif agus físeáin shnasta a uaslódáil gach re nóiméad d’fhonn cur le líon mo chuid leantóirí agus léitheoirí.
Ach caithfidh duine coinneáil suas leis an saol. Ar chóir dom cainéal YouTube a thosú, b’fhéidir, ina bhféadfainn ‘idirghníomhú’ le mo chuid léitheoirí? Podchraoladh, seans?
Agus na ceisteanna sin do mo chéasadh, rith sé liom go bhfuil dhá bhunriail agam maidir le margaíocht phearsanta atá á leanúint agam, i ngan fhios dom féin, le fada an lá:
- Nár thaga margaíocht phearsanta sa bhealach ar an bpríomhjab, .i. an scríbhneoireacht
- Ná bíodh blas na margaíochta pearsanta ar an margaíocht phearsanta
Ag deireadh an lae, i ndiaidh dom mo mhachnamh a dhéanamh faoin scéal seo ar fad, ní dhearna mé ach mo phictiúr próifíle ar mo chuntas Twitter a athrú.
Colin Ryan
Suimiúil, mar is gnách. Tá cúpla leabhar Gaeilge scríofa agam féin ach níor chuir mé de stró orm riamh mé féin a chur i mbéal an phobail agus ní bhfaighidh tú ar na meáin shóisialta mé. Sin mo mheon agus m’aigne (agus leisce na haoise, is dócha).