Níl aon ghéarchéim ann maidir le haistritheoirí Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha

Tá 65 aistritheoir le Gaeilge ag obair do na hinstitiúidí faoi láthair, agus méadóidh sé sin go dtí 180 faoi 2022, a deir saineolaí ar chás na Gaeilge san AE

Níl aon ghéarchéim ann maidir le haistritheoirí Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha

Níl aon deacracht ann sna hinstitiúidí Eorpacha faoi láthair maidir le haistriúcháin Ghaeilge a chur ar fáil de réir dlí agus in am. Tháinig an chéad chéim den phróiseas chun deireadh a chur leis an maolú i bhfeidhm ag tús na bliana seo, agus bhí an Ghaeilge ar comhchéim leis na teangacha eile maidir leis an obair sin i rith na bliana. Tiocfaidh an dara céim i bhfeidhm ó Eanáir na bliana seo chugainn, agus beidh cinntí na Comhairle agus na Parlaiminte le haistriú go Gaeilge. Beidh dóthain aistritheoirí ar fáil chun an obair sin a dhéanamh. Is próiseas céim ar chéim atá i gceist go dtí 2022 nuair a thiocfaidh deireadh ar fad leis an maolú. Tá 65 aistritheoir le Gaeilge ag obair do na hinstitiúidí faoi láthair, agus méadóidh sé sin go dtí 180 faoin am sin.

Maidir leis an gCoimisiún, tá dóthain aistritheoirí aige ag an bpointe seo den phróiseas. Chomh maith leis sin tá gníomhairí sealadacha agus gníomhairí ar conradh aitheanta ag an gCoimisiún chun cuid den obair a dhéanamh, más gá, rud a tharlaíonn freisin i gcás gach teanga eile.

Is fíor nár éirigh ach le 10 as 210 iarrthóir sa chomórtas earcaíochta a reáchtáladh anuraidh. Ach na comórtais atá thart, tá siad thart. Is cóir súil a chaitheamh romhainn: beidh comórtas oscailte d’aistritheoirí Gaeilge ann an bhliain seo chugainn – 2018.

Maidir leis na cúrsaí aistriúcháin atá ar siúl faoi láthair, is dóigh liom gur chóir do na soláthróirí, ollscoileanna den chuid is mó, a bheith cinnte de go bhfuil oiliúint á cur ar fáil acu do na gnéithe éagsúla den phróiseas earcaíochta.

Ar ndóigh is gá díriú ar aistriúchán go príomha, agus chuige sin tá sé tábhachtach go mbeadh leibhéal ard cumais ag daoine sa Ghaeilge, leibhéal C2 i dtéarmaí na hEorpa, agus sáreolas acu ar Bhéarla agus ar theanga eile, ag leibhéal C1 ar a laghad. Ní leor cúpla focal sa bhFraincis, mar shampla, agus ba chóir go mbeadh oiliúint sa tríú teanga mar chuid den chúrsa aistriúcháin, agus daoine cláraithe i gcúrsaí i Ranna Nua-Theangacha na n-institiúidí céanna chomh fada agus is féidir. Chomh maith leis sin, tá  sé tábhachtach go gcuirfí oiliúint ar fáil i gcomhair na dtrialacha siciméadracha. Theip ar líon beag daoine a raibh Gaeilge mhaith acu sna trialacha seo. Is féidir ullmhúchán a dhéanamh faoina gcoinne, agus mura bhfuil foirne na n-institiúidí in ann an oiliúint sin a chur ar fáil, is gá dóibh daoine leis a gcumas sin a thabhairt isteach. Is cóir dom a rá freisin go raibh taithí oibre sna hinstitiúidí Eorpacha trí intéirneachtaí nó phostanna sealadacha ag formhór na ndaoine a earcaíodh tríd an gcomórtas deireanach: bíonn deiseanna mar sin ann, agus is fearr an seans a bhíonn ag daoine a thapaíonn iad – go príomha mar go bhfoghlaimíonn siad conas an córas earcaíochta a láimhseáil. Ach is féidir na tuiscintí sin a iompórtáil.

Maidir leis an gceapachán a rinneadh le gairid i gcás Aonad Aistriúcháin na Gaeilge sa Pharlaimint, is ceapachán inmheánach a bhí ann, agus bhí aistritheoirí le togha na Gaeilge mar iarrthóirí ar an bpost. Post riaracháin agus bainistíochta atá ann, agus de bhrí go bhfuil méadú mór le teacht ar obair aistrithe na Parlaiminte, níor mhiste duine le mórán taithí a cheapadh mar cheann aonaid. An bhean a ceapadh, Ieva Mainardi, bhí sí ina ceann ar Aonad Aistriúcháin na Liotuáinise go dtí gur ceapadh mar cheann Aonad na Gaeilge í. Ní bhíonn ról lárnach ag an gceann aonaid san aistriú féin. I ngach aonad bíonn Oifigeach Cáilíochta a dheimhníonn caighdeán an aistriúcháin: ní bhíonn an fhreagracht sin ar an gceann aonaid. I gcás an Choimisiúin agus na Comhairle, is daoine le hardchumas Gaeilge iad na cinn aonaid. Ach fiú i gcás aonaid aistriúcháin don Bhéarla, bhí Gearmánach mar cheann aonaid.

Tá tábhacht as cuimse ag baint le stádas na Gaeilge san Eoraip do phobal na Gaeilge, agus ó thús na bliana 2022 beidh an teanga ar comhchéim leis na teangacha oifigiúla eile.

Fág freagra ar 'Níl aon ghéarchéim ann maidir le haistritheoirí Gaeilge sna hinstitiúidí Eorpacha'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    “Tá 65 aistritheoir le Gaeilge ag obair do na hinstitiúidí faoi láthair, agus méadóidh sé sin go dtí 180 faoi 2022, a deir saineolaí ar chás na Gaeilge san AE”

    Is scannal é go bhfuil talann agus scileanna na n-aistritheoirí á chur amú ag aistriú doiciméidí go Gaeilge nach léifear agus is léiriú é ar an mbealach a bhfuil príorachtaí gluaiseacht na Gaeilge as riocht ar fad.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Níl aon tábhacht domsa ‘ag baint le stádas oifigiúil a bheith ag an nGaeilge san Eoraip’ a bheith ‘ar comhchéim leis na teangacha oifgiúla eile’ .

    Bheadh an tábhacht ann dom a stádas sa mbaile nó ar a laghad sa Ghaeltacht a fheabhsú.

  • Críostóir Ó Faoláin

    Mura raibh na daoine seo fostaithe san Eoraip ní bheadh pingin rua breise chaite ar an teanga in Éirinn. Murach fostaíocht d’aistritheoirí san Eoraip, ní bheadh na scileanna aistrúcháin sin ag an gcuid is mó acu, ná na cúrsaí ollscoile anseo in Éirinn chun oiliúint a chur orthu, ar aon nós.

  • Eamonn

    Íoctar na haistritheoirí as buiséad na hEorpa. Ní féidir linn an t-airgead sin a úsáid ar aon chuspóir eile. Tá rogha againn – ár gceart na doiciméidi a fháil trí Ghaeilge a éileamh nó gan an ceart sin a éileamh. Éilíonn gach tír eile san Eoraip na doiciméidí a fháil ina dteanga dúchais.
    Dála an scéil ní léitear formhór na doiciméidí i mBéarla ach oiread.

  • Fearn

    A Dhonncha, níl dóigh liom go bhfuil cosc ar chomhairle condae, nó dhó, nó rialtas an Stáit fiú, nó eagras ar bith eile, á léithéid a fhostú chun stadás na Gaeilge a fheabhsú. Cá bhfios nach mbeadh airgead Eorpach le fáil chuige sin fosta? Le barr feabhais ar stadás, nach b’fhearr an “agus” seachas an “ina ionad sin”?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Airgead poiblí á chaitheamh amú ar an nGaeilge atá sa stádas san Eoraip agus talann daoine curtha amú a fhéadfaí a usáid in Éirinn i mbun aistriúcháin ar théacsleabhar mar shampla. Is olc an scéil gurb é an chosaint is fearr atá ar aghaidh, a rá gur airgead amach as buiséad na hEorpa atá ann. Is cuid den chur i gcéill é.

  • Eamonn

    A Dhonncha, nílim á chosaint agus nílim á cháineadh. Táim díreach ag cur na fírinní os do chomhair. Ní féidir le rialtas na hEireann (nó aon rialtas eile san Eoraip) airgead an bhuiséid don aistriúcháin a chaitheamh ar aon rud eile.

  • Puililiú!

    Is eiseamláir é an rud atá ar siúl ag an Aontas Eorpach. Is é an trua agus an náire nach leanfadh rialtas na hÉireann sampla an AE. Tá an ‘státseirbhís’ Eorpach ábalta seirbhís a chur ar fáil i 24 theanga oifigiúla; agus déanann an státseirbhís anseo i nDeisceart Éireann fál go haer de sheirbhís a chur ar fáil in dhá theanga.

    Cén fáth a smaoineodh aon duine diúltú don tseirbhís Ghaeilge seo atáimid a fháil ón AE? Tá an réimse seo ar cheann den bheagán ina bhfuil normáltacht ag an Ghaeilge i.e. seirbhís as Eastóinis ón AE do mhuintir na hEastóine, as Sualannais do mhuintir na Sualainne, as Fionlainnis do mhuintir na Fionlainne… agus as Gaeilge do mhuintir na hÉireann, do chine Gael. Arbh fhearr linn seirbhís Bhéarla a fháil ón AE do mhuintir na hÉireann? Ar nós an ruda atá againn in Éirinn: seirbhís Bhéarla ón stát sa Deisceart agus sa Tuaisceart?

    Tuilleadh normálaithe atá uainn i saol na Gaeilge, seachas an beagán de atá againn a ruaigeadh!

    B’fhearr i bhfad dúinn ár gcuid iarrachtaí a chaitheamh ag iarraidh saol na Gaeilge in Éirinn a normálú ná bheith ag caitheamh anuas ar rud mhaith ón Eoraip.

    Tá gach rud ag an Bhéarlóir; agus níl againne ach an beagán. Cé ar mhaith leis an rud luachmhar seo atá bainte amach againn ón AE a chaitheamh ar ais chuige?

  • Darragh Ó Caoimh

    Tá an ceart acu siúd a deir gur chóir dúinn an t-airgead seo a chaitheamh. Tá sí ann le caitheamh; caithímís í!

    Ach ag an am céanna tuigim do Dhonncha Ó hÉallaithe nuair a deir sé gur cur amú talainne é scoth na nGaeilgeoirí a chur sall chun na Bruiséile, agus iad caillte againne anso in Éirinn. Mar sin féin, b’fhéidir nach dteastaíonn ós na daoine seo bheith ag obair in Éirinn in aon chor is go mb’fhearr leo an deis a fháil obair leis an AE. Gan dabht, is iontach an rud é postanna “idirnáisiúnta” den tsaghas so bheith ann, óir spreagfaidh sé níos mó fochéimithe tabhairt faoin nGaeilge nó barr feabhais a chur uirthi.

  • Gealún

    Is furasta a bheith searbh mar gheall ar aistritheoirí agus aistriúcháin. Ach cuímrigh go mbeidh an gasra on mBruiséal ar fáil agus oilte nuair a roghnóidh rialtas an stáit cúram ceart a leagan orthu sa bhaile chun fógraí bacacha seafóideacha gúgaláilte na seirbhísí anseo a chur i nGaeilge ceart. Ná déan dímheas a chaitheamh ar na daoine bochta atá ag déanamh díchill i bpríomhchathair an Aontais. Tá talann acu, agus tá seans go dtiocfadh bláth ar an talann sin. mol an óige agus tiocfaidh sí!