Níl aon bhaol go ndéanfar dearmad ar an Late Late Toy Show

Ní dheachaigh aon lá tharainn sa teach seo  le trí seachtaine nach raibh réiteach éigin ar bun d’oíche an tseó

Níl aon bhaol go ndéanfar dearmad ar an Late Late Toy Show

Tá barúil agam go raibh mé ar chaoi éigin croite ag an saol an t-am seo anuraidh mar níl de chuimhne agam  ar an Late Late Toy Show ach dhá uair an chloig a chaitheamh i mo chnap caointe ag breathnú is ag éisteacht le scéalta na n-aíonna óga.

Bhí raingléis d’áth déanta ar an tolg againn le pluideanna agus piliúir is ní chuimhním cén deireadh a bhí ar an oíche murab é gur thit muid i laige ag a raibh de chaoineadh is gáire déanta, is a raibh de ghrán rósta agus Haribo Tangfastics slogtha againn.

Feicim go bhfuil a gheansaí Nollag tarraingthe amach ag Ryan Tubridy, is an chuma ar an scéal go bhfuil an Late Late Toy Show casta ar ais orainn. Beidh an bosca ciarsúir pháipéir ag teastáil arís.

Dúirt na gasúir liom trí seachtaine ó shin go raibh ócáid mhór teilifíse na bliana ar na bacáin. Níl a fhios agam cén chaoi a scaipeann na scéalta ó bhéal idir páistí na tíre ach tá córas an-éifeachtach i bhfeidhm acu. Ghabhfainn i mbannaí air nach bhfuil páiste sa tír nár chuala go bhfuil aimsir an Late Late Toy Show tagtha.

‘B’fhearr dom é sin a chur ar an bhféilire,’ a deir mé, ‘níor mhaith libh é a chailleadh.’ ‘Tá sé ok Mamaí,’ a deir an Babaí liom, ‘chuir muid air cheana féin é!’

Bhreathnaigh mé anonn ar an bhféilire ar an mballa is go deimhin bhí sé marcáilte go breá soiléir. Chomh soiléir sin is go raibh roinnt de na rudaí tábhachtacha eile a bhí marcáilte ar an bhféilire imithe anois ó radharc ag an réalta mhór mhillteach a bhí tarraingthe le marcóir dearg thart ar dháta an Late Late Toy Show.

 ‘Níl aon bhaol go ndéanfaidh muid dearmad air, mar sin,’ a dúirt mé.

Faraor nach féidir na scileanna  cuimhne a chur i bhfeidhm ar an seaicéad is an buidéal uisce is seans go dtiocfaidís abhaile ón traenáil anois is arís. Is cosúil go bhfuil ardscileanna sceidealaithe ag an mBabaí, dathchódú san áireamh, ach an spreagadh ceart a bheith aige.

Bhailigh The Late Late Toy Show na bliana seo caite €6.6 milliún do charthanachtaí do pháistí agus roinn siad díreach os cionn leath an airgid idir ceithre charthanacht: Barnardos, Children’s Health Foundation, Children’s Books Ireland agus Community Foundation Northern Ireland. Leis an leath eile chuir siad glaoch oscailte amach agus tá deontais bronnta ar 55 eagraíocht charthanachta eile ar fud oileán na hÉireann le bliain anuas.

Ba é seó na bliana seo caite an chéad bhliain ar chuir an Late Late Toy Show an achainí amach agus tháinig an spreagadh don smaoineamh ó scéal cailín óg cróga as contae na Gaillimhe, Saoirse Ruane, a thug misneach is inspioráid dúinn ar fad anuraidh nuair a chuaigh sí ar an gclár in éineacht lena máthair.

Ní dheachaigh aon lá tharainn sa teach seo  le trí seachtaine nach raibh réiteach éigin ar bun d’oíche an tseó.

‘Beidh buicéad mór millteach popcorn ag teastáil, Mamaí, mar a bhí againn anuraidh,’ arsa an Cailín Mór Beag, (is í a bhí freagrach as buicéad na bliana seo caite).

‘Níl a fhios agam an é go bhfuil sé ag ‘teastáil’ uainn,’ a dúirt mé. ‘Tá,’ a deir sí, ‘tá sé ag teastáil!’

Ná déan nós agus ná bris nós a deirtear… tá sé rómhall againn ar an gceann sin is léir.

Fág freagra ar 'Níl aon bhaol go ndéanfar dearmad ar an Late Late Toy Show'