Níl aon amhras faoi spiorad Naomh Tomás, ach is láidre Baile Héil

Tá imreoirí iontacha ag Baile Héil síos lár na páirce go léir agus ba cheart go dtabharfaidís craobh na hÉireann leo amárach

Níl aon amhras faoi spiorad Naomh Tomás, ach is láidre Baile Héil

Bainisteoir Bhaile Héil, Henry Shefflin. Pictiúr: INPHO/Bryan Keane

Tá lá mór na gclubanna  beagnach linn agus na cluichí ceannais peile agus iománaíochta sna sinsir ar siúl i gceanncheathrú CLG amárach. Dar ndóigh tá caint arís faoin dáta seo a athrú agus na cluichí a bheith imeartha mí Eanáir. Feicimid linn.

Amárach  beidh foirne ó Bhaile Héil Chill Chainnigh agus Naomh Tomás na Gaillimhe ag dul chun páirce ar son a bparóistí agus dathanna na háite dár díobh iad á gcaitheamh go bródúil acu. Dar ndóigh bhí an dá chlub anseo cheana agus corn Tommy Moore buaite ag an dá dhream. Is in 2015 a  bhuaigh foireann Chill Chainnigh an corn luachmhar den uair dheireanach (an séú huair ar fad) agus dhá bhliain roimhe sin a chuir fir na Gaillimhe a n-ainm ar an gcorn den chéad uair.

Tá cuid mhaith de na himreoirí céanna ar an dá fhoireann i gcónaí. Thosaigh seachtar de na Búrcaigh agus triúr de mhuintir Chuanaigh sa chluiche leathcheannais do Naomh Tomás, cluiche dian i gcoinne Chois Abhann Dall Aontroma. Bhí tairbhe ag baint leis an gcluiche sin dóibh mar bhí siad d’uireasa aon fheachtas cúige. Bhí an t-ádh dearg leo gur éirigh leo an beart a dhéanamh ar deireadh agus gan acu ach an farasbarr is lú. Bhí seans ag Niall McManus an cluiche a chothromú ón imirt ach thug sé faoi chúl agus shábháil cúl báire Naomh Tomás Gerald Murray a iarracht. Ag fir na Gaillimhe a bhí an bua agus áit sa chluiche ceannais.

Gan dabht níor mhór dóibh feabhsú amárach agus seaimpíní Chill Chainnigh rompu. Tá bainisteoir stuama acu, Kevin Lally, agus fear cliste lán taithí é a chúntóir, iar-imreoir agus iarbhainisteoir de chuid Luimnigh TJ Ryan. Gan dabht tá taithí agus clisteacht i measc na n-imreoirí freisin, ach braitheann mórán ar chaptaen buacach na Gaillimhe in 2017, David Burke, agus a leathbhádóir, Conor Cooney. Ní mór dóibhsean a bheith i mbarr a maitheasa agus mura mbeidh nó má chuirtear srian orthu is ar éigean go mbeidh an lá le Naomh Tomás. 

Tá feachtas cúige agus cluiche leathcheannais maith curtha díobh ag Baile Héil. Sa chluiche sin i gcoinne Bhaile Gonair bhí cúrsaí cothrom go leor go dtí gur scóráil an déagóir Eoin Cody (atá ag imirt le Coláiste Chiaráin i mbliana) an t-aon chúl sa chluiche. Fearacht Naomh Tomás, tá creatlach na foirne thar a bheith láidir ag Baile Héil le Joey Holden ag uimhir a trí, Michael Fennelly ag 6 (má éiríonn leis an gortú atá ag cur isteach air a chur de), TJ Reid ag 11 agus Colin Fennelly ag 14. A leithéid de thaithí agus d’ábaltacht.

Agus ar an taobh eile den scéal, níl  an cúl báire Dean Mason  ach 18 bliain d’aois agus eisean freisin ag imirt le Coláiste Chiaráin, níl an fear cúinne Darren Mullen ach 20, 18 atá Eoin Cody agus 19 atá an tosaí Adrian Mullen. Dar ndóigh Henry Shefflin féin atá ar an stiúir ag seaimpíní Chúige Laighean.

Cad is féidir a rá nó a scríobh faoi fheabhas na hiománaíochta i gCill Chainnigh nach bhfuil ráite nó scríofa cheana?  Má thugtar spás agus am dóibh déanfaidh siad scrios. Mura bhfuil Naomh Tomás 100% ní bhuafaidh siad an cluiche seo. Cinnte tá an-taithí ag foireann na Gaillimhe agus an-spiorad iontu, ach tá níos mó den dá bhua céanna ag an bhfoireann as Cill Chainnigh.

Is deacair dul i goinne Bhaile Héil.  

Fág freagra ar 'Níl aon amhras faoi spiorad Naomh Tomás, ach is láidre Baile Héil'