Níl ann ach breith nó fág d’fhoireann Martin O’Neill

Anocht uair na cinniúna d’Éirinn agus don Bhreatain Bheag agus iad ag tabhairt aghaidh ar a chéile in Caerdydd níl ann ach breith nó fág d’fhoireann Martin O’Neill

Níl ann ach breith nó fág d’fhoireann Martin O’Neill

Bainisteoir na hÉireann, Martin O'Neill. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Tá uair na cinniúna tagtha d’fhoireann na hÉireann. Nuair a rinneadh an tarraingt do na cluichí dhá bhliain ó shin, ba léir go mbeadh go leor ag brath ar an gcluiche seo in Caerdydd idir Éire agus an Bhreatain Bheag agus is amhlaidh atá.

I ndiaidh thorthaí na hAlban le linn an deireadh seachtaine, an bua i gcoinne na Slóvaice agus cluiche comhscóir in aghaidh na Slóivéine, ní fhéadfadh an scéal a bheith níos soiléire d’Éirinn. Más fúthu áit a bhaint amach i gCorn an Domhain sa Rúis an samhradh seo chugainn, caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar fhoireann Chris Coleman anocht.

Ar ndóigh, agus bua ag teastáil, beidh orthu cúl nó dhó a aimsiú agus is ansin a bhíonn deacrachtaí ag foireann na hÉireann. Tá Shane Long gortaithe do chluiche na hoíche anocht ach ní gá gur chailliúint rómhór é óir cothrom an lae seo bliain ó shin a d’aimsigh sé a chúl deireanach i ngeansaí na hÉireann. 

Ba é Daryl Murphy, a fuair na cúil d’Éirinn i Staid Aviva, agus beidh seans anocht aige cur leis an dtrí chúl atá aimsithe dá thír.

Beidh James McLean agus Robbie Brady ar fáil arís do Martin O’Neill chomh maith, beirt a chabhróidh lena fhoireann deiseanna ar chúil a chruthú.

Is mór an cuidiú é d’Éirinn go bhfuil Gareth Bale in easnamh ar an mBreatain Bheag. Gortaíodh Bale ag imirt do Real Madrid i Sraith na gCuradh agus is furasta go mór an ceann is fearr a fháil ar an mBreatain Bheag agus iad d’uireasa a réalta.

Rinne Éire go maith an tionchar a bhí ag Bale a mhaolú sa chluiche idir na foirne seo i mBaile Átha Cliath ach mar sin féin ba é ba mhó a chruthaigh deiseanna don Bhreatain Bheag.

Ba é Tom Lawrence a tháinig isteach ina áit do chluiche na hAoine in aghaidh na Seoirsia agus ba é Lawrence a d’aimsigh cúl an bhua don Bhreatain Bheag, ach níl sé inchurtha le Bale, ná baol air. Ba é an cluiche sin Dé hAoine an chéad chluiche le ceithre bliana anuas inar ar éirigh le foireann Coleman an bua a fháil agus Bale in easnamh orthu.

Beidh brú ollmhór ar na Breatnaigh agus iad ag iarraidh áit a bhaint amach ag Corn an Domhain den chéad uair ó 1958. Beidh a fhios ag Chris Coleman agus a chuid imreoirí chomh maith gur leor comhscór agus pointe amháin chun áit a bhaint amach sna babhtaí cáilithe, ach má chúlaíonn siad siar an iomarca, d’fhéadfadh Éire leas a bhaint as sin.

Bhuaigh Éire a gcéad chluiche in 2017 Dé hAoine. Níl an dara rogha acu ach an dara ceann a bhuachan anocht.

Fág freagra ar 'Níl ann ach breith nó fág d’fhoireann Martin O’Neill'

  • Iasán Ó Riabhaigh

    Tá brón orm ach níl mórán muinín agam.
    Beidh foireann na Breataine Bhige ró-láidir anocht-gan Gareth Bale fiú.

  • Sean

    Dheineamair an bheart!!